Corpus of Electronic Texts Edition
Prophezeiung böser Zeiten (Author: [unknown])
{Book of Ui Maine folio 61vb}

p.240

Prophezeiung böser Zeiten

  1. Comaillfithir d'Éirinn
    ídail dar a hora,
    ingena mar altmi,
    aicmi nachat gora.
  2. Anurrim do máthair,
    maistrecha gu coiri,
    athchomsán in deireóil,
    senóir gan a gairi.
  3. Comaithches im chrícha,
    carait sech in dorus,
    nem[f]agbáil in measa,
    na feasa do thomus.
  4. Cáirig ar na gabraib,
    gairbi etir na bráthrib,
    mintrebtha du therbód,
    [is] dergár in cháithligh.
  5. Cetherna ac na conaibh,
    trúag, a Dé, do tecgmais,
    tarimt[h]echt in domnaig,
    foglaigh for inn eaclais.
  6. Comluigi cen comall,
    crosad móna is feada,
    anurrim don abbaid,
    na madaid re reba.

  7. p.241

  8. Ferchoic cecha tigi,
    maistretha isna ceallaib,
    cort[h]air immon cumail,
    mugaid im na fledaib.
  9. Arathur in domnaigh,
    is do Día dia leges,
    dá bonend ar firend,
    ní mo chinend gebeas.
  10. Follugud na fogla,
    forgráin for in aimsir,
    coraigecht cen coibchi,
    cen toirthi acht a taidbsin.
  11. Na indraici d'athcheód,
    díchor flatha nemdha,
    imdénam do gúachaibh1,
    búachaill cacha selba.
  12. Na anflatha imda
    imlúaidit in fingail,
    samradh amail gemread,
    aigred réna inbaid.
  13. Cen[n]aigecht ac cléirchib,
    cesacht cach bí ar beathaidh,
    cucela fo cánaib,
    árem ar cach ndethaig.
  14. Fráech tened ar tengthaib,
    trúag do sáebaib conar,
    anaichnius na ngalar,
    talam gan a thoradh.
  15. Imsóebad inn ecgna,
    imadus na corand,
    mac mo Dé do dimda,
    gen timna da comall.
  16. Is mé [E]ocha éceas2
    icluinimh ním-thola,
    do damnaid na coladh
    cen comall na coma.

    Co.