Corpus of Electronic Texts Edition
Der Mensch ist Kot (Author: Maelmhuire Ó Lennáin)

p.238

Der Mensch ist Kot

Máelmaire ó Lennáin cecinit.
  1. Pecthach ar síl 'nar slúagaib,
    cráet adbar bar n-anúabair ?
    dorinned tre drúis ind d'fuil,
    dar linn robo cúis c[h]rábuid.
  2. Adaltrus fer na cruinde,
    ní hí cland na coluime,
    cland fa deóid do dénam dí
    ar fégad inn eóin eli.
  3. Ní hé síl in maigri maill
    ásas a hiuchra álaind,
    tuccad toirrchius don duini,
    roba toirrchius turtairi.
  4. Olc dúthchus na colla críad,
    a dath fallsa ní fírníam,
    is bec in glóir bud dú dí,
    fóill in trú ocus a t[h]reissi.
  5. In corp da lár is láthach,
    ní fót drúchtach dondscáthach,
    ní subh cráeb corp in duini,
    ní gort i mbráen mbelltaini.
  6. Ní hairget ocus ní hór
    bláth na colla re cadódh,
    ar colla ach! gid bailc i bus,
    is pairti donda a ndúthchus.
  7. Ní cnú ocus ní dercu dond,
    ní háirni ocus ní huball,
    nocho slat bungel barrglan,
    acht fullrad ar firadbar.
  8. Ní mil 's ní lemnacht, dar lind,
    ní fínemain da fuilim,
    acht bainne fola dáer dub,
    nocho cráeb ola m'adbur.
  9. Adbur gach áenfir úainni
    ní cuilén find fírchúaini,
    ní mess cráibe buide a bus,
    dáer in duine da dúthchus.
  10. Ní gráinne cruithnechta cáem,
    acht bratán fola fírdáer,
    ní crand dond fínemain find
    fíreba[i]r inam (?) a iffrind.
  11. Colla cáema na cruinde
    ní fiú arna n-ég áenuinge,
    ní móidi is sáer áenfer and,
    gid glégel cáem a c[h]olann.
  12. Lúach ar molad in c[h]uirp c[h]ríad,
    a C[h]oimdi, is mór in míchíall,
    in corp da lár ic lobud,
    is dán olc a admolad.
  13. 'Tái ac níamad da námad féin,
    éissiun 'got aimles andsein,
    olc do chíall, a duini doill,
    in scíam cuiri 'mat c[h]olaind.
  14. In corp críad ní crand toraid,
    tech iffirnd a innsamail,
    do gach bíud maith do-ní neim
    a c[h]ur isin clí caithmig.
  15. Is é do lennán, dar lem,
    in sáegul-sa ata i[t] timchell,
    tucais don [f]oscud fallsa
    dot c[h]oscur a colann-sa.
  16. Gid hálaind in t-airget gel,
    is otrach ule a deired,
    mellaid mór duini asa dath,
    gid buidi in t-ór, is otrach.

  17. p.239

  18. Brec a máini 's a medha,
    bréc a ór 's a arrada,
    gach ní is ferr delb ar doman
    is derb lium a lothrochud.
  19. Bréc a bleideda bána,
    bréc a cuirnd 's a copána,
    ní fuil acht bréc uli and,
    cráet in duine nach déchann?
  20. Is mairg cuirit sein fo sech
    briathra millsi na meirdrech,
    cach corp cáem is gach [gné] glan
    úaind leisin dáel fo dered.
  21. Gaisti díles in demain
    mairg déchas a dúilemain,
    doberr guin crúaid im c[h]raidi
    grúaid a-muig na meirdrigi.
  22. Bréc gach súil gormfabrach glas,
    fallsa fós gach folt findchas,
    cach aiged derg, cach dét bán,
    cid celg, ón éc ní himslán.
  23. Cach slis seng, cach slíasat gel
    bid engach dub fo deired,
    beid cassa is láma loma
    gránna glassa glétholla.
  24. Trúag nach cuimnech lem' c[h]raidi
    in t-éc ar a úathmairi,
    gráin cach áenfir iarna éc
    céilligh bu cóir da comét.
  25. Mar do beith sib beó co bráth,
    a lucht caithes in conách,
    falchaid mét bar muirni a-muig
    cen chuimni fon éc acuib.
  26. Is cinti do cach uli
    a n-éc cusan áenduini,
    ní fuicfea in t-éc dúal in fir
    nac[h]ar fét in n-úag d'faicsin.
  27. Is é in t-iffernd in t-ég mór
    ar mbí in t-anam ar anódh,
    in t-ég is ég uli and,
    cráet in duini nach déchand?
  28. Da mbé in corp athach 'san úaig,
    ad-féchsam is feidm fír-chrúaid,
    in lán péistedh, in cath crum,
    ach! is déisten a ndúscud.
  29. Meni beith ceist iffirn and
    acht do c[h]áemna na coland,
    is mairg do-ní olc 'ma ég
    ar tí na corp da comét.
  30. Trén tairnic i-tá 'gar meath
    in corp cotultach cráesach,
    corp com[u]ichech na clíacha,
    olc dobuidech doríartha.
  31. Péist do p[h]íastaib in mara
    don anmain is escara,
    beirid port Dé ón duini,
    in corp is é in súgmairi.
  32. Gránna in torad tic a-mach
    asin colaind re cnúasach,
    meisti soillsi a huilc falaidh
    doirrsi in c[h]uirp 'na camradaib.
  33. Meisti in corp do thúar co trom,
    is é a allus a fochand,
    mairg ara trén in corp crum,
    is gort gan fer, cen arbur.
  34. Ní tic tar clúassaib in chuirp
    acht sal gránna rúad rogoirt,
    torud na súl is na srón
    re túr is rabud romór.
  35. Itá mo chorp 'na c[h]amra,
    cid úaibrech as m'urlabra
    a Dé, da gébainn fan glór,
    da fégainn mé as mo medón.

  36. p.240

  37. Is mairg tréiges tech nime
    ar in colainn cuitbide,
    bec in lúach ar tocht is tech
    fúath mara corp do c[h]uibrech.
  38. Mar lán mara a-mach 's a-muig
    bid brú cach áenfir amlaid,
    do-cair, is cinti in dán dí,
    in lán inti ocus eisti.
  39. Menba sáit[h]ech, ní subach
    in corp ítmar acarach,
    torud inn airg in grán glan,
    mairg do-ní lán don lestar!
  40. Mairg danab áil dimblaid oirnd
    ma dulas in drochcolaind,
    in clár do hegrad da thúr,
    in corp pecthach mar prisún.
  41. Adbur in chuirp, a chara,
    nocho lega lógmara,
    ní tech slaitgel corp in c[h]uil,
    olc a aitreb, cid inmain.
  42. Ingnad ecla ar inn anmain
    ma dulas in drochadbaid,
    cid da geib sé in corp cádus,
    is olc, a Dé, in dúnárus.
  43. Mairg dar tigerna in corp críad,
    roba ferr dúind a doríar,
    ge da olc oirni1
    ní hé in corp a comairchi.
  44. Re mac ingene Anna
    úaigem uli ar n-anmanna,
    co cenglum ar cíall's ar cond
    risin Ríg ségaind sengdond.
  45. Co fag[b]um síth mic Muire,
    co rísium 'na rígchuiri,
    co cenglum ar corp 'sin c[h]ath,
    go ndedlum re port pecthach.

    P.