Corpus of Electronic Texts Edition
Background details and bibliographic information
Der Mensch ist Kot
Author: Maelmhuire Ó Lennáin
File Description
Kuno MeyerElectronic edition compiled by Beatrix Färber
Funded by University College, Cork, School of History
1. First draft.
Extent of text: 1637 words
Publication
CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork
College Road, Cork, Irelandhttp://www.ucc.ie/celt (2014) Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G400084
Availability
Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.
Notes
Sources
Manuscript Source- Royal Irish Academy, Dublin, MS no. 1225, The Book of Ui Maine, Stowe, D II 1, (c. 1394), 65va. The manuscript is available online at ISOS (http://www.isos.dias.ie/english/index.html).
Internet availability of Meyer's annotated edition- See http://www.ucc.ie/academic/smg/CDI/PDFs_textarchive/Meyer_Neue_Mitteilungen_ACL3.pdf
Literature- Ann Dooley, 'Maelmhuire O' Leannain's 'Peacach Ar Siol 'Nar Sluaghaibh': Source and Content', Celtica 17 (1985) 145157.
Information on Kuno Meyer- See http://mujweb.cz/enelen/km.htm
The edition used in the digital edition- Kuno Meyer, Neue Mitteilungen aus irischen Handschriften: Der Mensch ist Kot [Pecthach ar síl 'nar slúagaib] in Archiv für Celtische Lexikographie. Volume 3part 1, Halle a. d. Saale, Max Niemeyer (1907) page 215246: 238240
Encoding
Project Description
CELT: Corpus of Electronic Texts
Editorial Declaration
Correction
Text has been checked and proof-read twice.
Normalization
The electronic text represents the edited text on on p. 238240. In Meyer's edition, the acute accent and the macron are used to mark long vowels. Editorial corrections and expansions are marked. Hyphenation and word separation have been brought in line with CELT practice.
Quotation
There are no quotations.
Hyphenation
Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, this break is marked after completion of the hyphenated word.
Segmentation
div0=the group of poems; div1=the individual poem. Page-breaks are marked pb n=""; manuscript foliation is marked mls unit="ms folio" and numbered.
Interpretation
Names are not tagged, nor are terms for cultural and social roles.
Profile Description
Created: Maelmhuire Ó Lennáin
Date range: c.13931394 (see ISOS catalogue).
Use of language
Language: [GA] The text is in Old Irish.
Language: [LA] One word is in Latin.
Language: [EN] One word (prisun) is in English.
Language: [DE] The supplied title and some text in a footnote is in German.
Revision History
Corpus of Electronic Texts Edition: G400084
Der Mensch ist Kot: Author: Maelmhuire Ó Lennáin
p.238
Der Mensch ist Kot
Máelmaire ó Lennáin cecinit.
- Pecthach ar síl 'nar slúagaib,
cráet adbar bar n-anúabair ?
dorinned tre drúis ind d'fuil,
dar linn robo cúis c[h]rábuid.
- Adaltrus fer na cruinde,
ní hí cland na coluime,
cland fa deóid do dénam dí
ar fégad inn eóin eli.
- Ní hé síl in maigri maill
ásas a hiuchra álaind,
tuccad toirrchius don duini,
roba toirrchius turtairi.
- Olc dúthchus na colla críad,
a dath fallsa ní fírníam,
is bec in glóir bud dú dí,
fóill in trú ocus a t[h]reissi.
- In corp da lár is láthach,
ní fót drúchtach dondscáthach,
ní subh cráeb corp in duini,
ní gort i mbráen mbelltaini.
- Ní hairget ocus ní hór
bláth na colla re cadódh,
ar colla ach! gid bailc i bus,
is pairti donda a ndúthchus.
- Ní cnú ocus ní dercu dond,
ní háirni ocus ní huball,
nocho slat bungel barrglan,
acht fullrad ar firadbar.
- Ní mil 's ní lemnacht, dar lind,
ní fínemain da fuilim,
acht bainne fola dáer dub,
nocho cráeb ola m'adbur.
- Adbur gach áenfir úainni
ní cuilén find fírchúaini,
ní mess cráibe buide a bus,
dáer in duine da dúthchus.
- Ní gráinne cruithnechta cáem,
acht bratán fola fírdáer,
ní crand dond fínemain find
fíreba[i]r inam (?) a iffrind.
- Colla cáema na cruinde
ní fiú arna n-ég áenuinge,
ní móidi is sáer áenfer and,
gid glégel cáem a c[h]olann.
- Lúach ar molad in c[h]uirp c[h]ríad,
a C[h]oimdi, is mór in míchíall,
in corp da lár ic lobud,
is dán olc a admolad.
- 'Tái ac níamad da námad féin,
éissiun 'got aimles andsein,
olc do chíall, a duini doill,
in scíam cuiri 'mat c[h]olaind.
- In corp críad ní crand toraid,
tech iffirnd a innsamail,
do gach bíud maith do-ní neim
a c[h]ur isin clí caithmig.
- Is é do lennán, dar lem,
in sáegul-sa ata i[t] timchell,
tucais don [f]oscud fallsa
dot c[h]oscur a colann-sa.
- Gid hálaind in t-airget gel,
is otrach ule a deired,
mellaid mór duini asa dath,
gid buidi in t-ór, is otrach.
p.239
- Brec a máini 's a medha,
bréc a ór 's a arrada,
gach ní is ferr delb ar doman
is derb lium a lothrochud.
- Bréc a bleideda bána,
bréc a cuirnd 's a copána,
ní fuil acht bréc uli and,
cráet in duine nach déchann?
- Is mairg cuirit sein fo sech
briathra millsi na meirdrech,
cach corp cáem is gach [gné] glan
úaind leisin dáel fo dered.
- Gaisti díles in demain
mairg déchas a dúilemain,
doberr guin crúaid im c[h]raidi
grúaid a-muig na meirdrigi.
- Bréc gach súil gormfabrach glas,
fallsa fós gach folt findchas,
cach aiged derg, cach dét bán,
cid celg, ón éc ní himslán.
- Cach slis seng, cach slíasat gel
bid engach dub fo deired,
beid cassa is láma loma
gránna glassa glétholla.
- Trúag nach cuimnech lem' c[h]raidi
in t-éc ar a úathmairi,
gráin cach áenfir iarna éc
céilligh bu cóir da comét.
- Mar do beith sib beó co bráth,
a lucht caithes in conách,
falchaid mét bar muirni a-muig
cen chuimni fon éc acuib.
- Is cinti do cach uli
a n-éc cusan áenduini,
ní fuicfea in t-éc dúal in fir
nac[h]ar fét in n-úag d'faicsin.
- Is é in t-iffernd in t-ég mór
ar mbí in t-anam ar anódh,
in t-ég is ég uli and,
cráet in duini nach déchand?
- Da mbé in corp athach 'san úaig,
ad-féchsam is feidm fír-chrúaid,
in lán péistedh, in cath crum,
ach! is déisten a ndúscud.
- Meni beith ceist iffirn and
acht do c[h]áemna na coland,
is mairg do-ní olc 'ma ég
ar tí na corp da comét.
- Trén tairnic i-tá 'gar meath
in corp cotultach cráesach,
corp com[u]ichech na clíacha,
olc dobuidech doríartha.
- Péist do p[h]íastaib in mara
don anmain is escara,
beirid port Dé ón duini,
in corp is é in súgmairi.
- Gránna in torad tic a-mach
asin colaind re cnúasach,
meisti soillsi a huilc falaidh
doirrsi in c[h]uirp 'na camradaib.
- Meisti in corp do thúar co trom,
is é a allus a fochand,
mairg ara trén in corp crum,
is gort gan fer, cen arbur.
- Ní tic tar clúassaib in chuirp
acht sal gránna rúad rogoirt,
torud na súl is na srón
re túr is rabud romór.
- Itá mo chorp 'na c[h]amra,
cid úaibrech as m'urlabra
a Dé, da gébainn fan glór,
da fégainn mé as mo medón.
p.240
- Is mairg tréiges tech nime
ar in colainn cuitbide,
bec in lúach ar tocht is tech
fúath mara corp do c[h]uibrech.
- Mar lán mara a-mach 's a-muig
bid brú cach áenfir amlaid,
do-cair, is cinti in dán dí,
in lán inti ocus eisti.
- Menba sáit[h]ech, ní subach
in corp ítmar acarach,
torud inn airg in grán glan,
mairg do-ní lán don lestar!
- Mairg danab áil dimblaid oirnd
ma dulas in drochcolaind,
in clár do hegrad da thúr,
in corp pecthach mar prisún.
- Adbur in chuirp, a chara,
nocho lega lógmara,
ní tech slaitgel corp in c[h]uil,
olc a aitreb, cid inmain.
- Ingnad ecla ar inn anmain
ma dulas in drochadbaid,
cid da geib sé in corp cádus,
is olc, a Dé, in dúnárus.
- Mairg dar tigerna in corp críad,
roba ferr dúind a doríar,
ge da olc oirni1
ní hé in corp a comairchi.
- Re mac ingene Anna
úaigem uli ar n-anmanna,
co cenglum ar cíall's ar cond
risin Ríg ségaind sengdond.
- Co fag[b]um síth mic Muire,
co rísium 'na rígchuiri,
co cenglum ar corp 'sin c[h]ath,
go ndedlum re port pecthach.P.