Corpus of Electronic Texts Edition
Bringt euer Haus unter Dach! (Author: Goffraidh Ó Cléirigh)

p.236

Bringt euer Haus unter Dach!

{MS page 57a2}In Gobraith cétna cecinit.
  1. Fada go tuigim mo theach,
    ní fada gu cluinim cith,
    mían turaid gibé ara mbeth,
    ní hé a t[h]ech bunaid in bith.
  2. Súairc lem a mhná ocus a midh,
    gerr a c[h]úairt, ca lá nach leagh?
    ní fót caraim-sea as clé dam,
    ní hé in mag tadaill-sea ar teag.
  3. Teach ar n-athar dúind as dúal,
    scathad a suidhi bidh sámh,
    teagdais nár lean dath na díadh,
    ní treab críad ná clach ná clár.
  4. Is mé in t-én, is é ar sruth,
    ocus is mé bél na mbreath,
    is cerdc[h]a antí bruithni in bith,
    da tí in cith, ní tuigthi ar teach.
  5. Mo theach nocht gan ní as mo chind,
    as gort geal nach bí fa barr,
    nocht leaga[i]r gach nech a-nund,
    eagail ma toll in tech thall.
  6. Beart da búain fúm as dú dam,
    isam cú gan cúl re crodh,
    maith ar fáidh nemhdai-ne in-neamh
    'san teagh seanbaile as dáigh dul.
  7. Olc da geib a formáil úaim
    do scéimh in domná[i]n gan dín,
    peand oile ag indlach mo táem,
    sáer mo thoighi as dimdach dím.
  8. Beg a feidm da degbois Dé
    deilb dá tegdais inó trí,
    almsa ar neamh ocus neach fái,
    dlái tar in tech is ed hí.
  9. Tuigium romaind gu ría a-rís,
    'sa colaind ná cuirem spéis,
    comhla gen gob í rem bæis,
    m'æis is í da orbha ar m'éis.
  10. Nár ar colla as doilig dúin,
    rolla mo c[h]laidhim da címh,
    mar tá ar n-anamh ach! do phéin,
    a caland féin 'ga brath bíd.
  11. Da-cóid Día a croich tar mu chenn
    gan móid na croich da ría rium,
    cid slán mo bas as mo bond,
    toll a lám 's a chas dum chind.
  12. Trúag mar da ruib tinmi a táeib
    dar cind-ni etir fuil as feóil,
    mac Dé da crochad da-cúaid,
    ní fúair sé acht dochur da dheóin.
  13. Gid meath n-uthrais úaim da cneidh
    lúagh1 a uthrais noco fuil,
    ma[i]rg nach biath bocht asa thigh
    is ar tsíl clíath ochta d'fuil.

  14. p.237

  15. A duine nád gabad gráin
    re nduine ar scarad re scéim,
    bid bán corp oile go húaig,
    olc in trúaill a foile féin.
  16. A anam dan athair Día,
    nach da thigh caland da crú,
    dligi úaisli ón fuil a mbía,
    Día da cuir 'na trúaillsi tú.
  17. Soithech deid ó Día a ndúl
    nach bía acht co creic ad-cíam,
    cinntach in corp rit fa-rír!
    olc da díl isa cip críad.
  18. A rígan-sa tug Día dam,
    ar Dia ná rab drud re cin,
    lán da thachur as d'feirg t'fear
    eirg co teagh t'Athar odt fir.
  19. Tug ragain da cách ad-cíu
    nach tabair ar bráth i mbía,
    rígthech gel, Coimhde gan ceó,
    as teg na reó doirche ag Día.
  20. Fata úaim rígthech mo Ríg,
    gid co búan bith 'na dún,
    dar ndrut ón chéilidi cláen
    tug ar sær drémiri dún.
  21. Báeth fer ar céili-ne a curp
    gan dréimire ar nem a-nocht,
    doilig léimenna crand cert,
    secht céimenna and nó hocht.
  22. A háen díb in umla uis
    gusin Ríg fa cubra cnis,
    taca a n-airde an-ond an-ois,
    mairg cois isa bond fa mbris.
  23. A dó díb, goiridi a greim,
    ní foidi[ti] nach ar fill,
    mairg téid a tacaib in chraind,
    doill as bacaig da éid ind.
  24. A trí in fírinne go n-æib
    co rab hí ar fírinni féin,
    atá ind uball fallsa fóind,
    cóir dam-sa dul and re dréim.
  25. Fáeisidi in cethramad cuing
    cona brethlogad as bind,
    céim eile asa ngebam greim
    cé beram leind eiri an-und.
  26. Sechbaid oilbéime cach áein
    as do dréimire na gach dréim,
    feidm bóideadh dáeine da deóin
    æine in beóil in cóiced céim.
  27. Aithrigi is í in seiseadh fós,
    cach deisel is dí da-cúas,
    deor craidi as caland fa scís,
    aband bís ag snaigi súas.
  28. In sechtmad céim, céim co rath,
    a nertad as céim ar crith,
    céim trócaire nár tréig nech
    tech sópaire ar bréig in bith.
  29. Céim na déirce in ochtmad air,
    foclad ar n-éigni ní fil,
    samail teasa dun gréin glain
    céim sin as neasa do nim.
  30. Rom-roiche a lúirech gach lái
    as mo cúl leth re croich nDé,
    logud mo sel ceilgi a clí
    dontí dan fer meirgi mhé.
  31. Cathugad ceilgi as clé dúind
    ocus mé fa meirgi in Ríg,
    ná bid anos cath gun clód,
    mór da snath mo chros da crín.
  32. Maith in talam, trúag in brég,
    'ga adrad as trúag mar tad,
    rachdæid da mhuin ræn as ród
    gach tæb óg ar nach fuil fat.

    Fata.