Corpus of Electronic Texts Edition
Das Leben ein Darlehen (Author: Goffraidh Ó Cléirigh)

p.234

Das Leben ein Darlehen

{MS page 114}Goffraidh ó Clérig cecinit.
  1. Dligid íasacht
    a idlacud re atarba,
    ní hé as inraic
    inté nach innlaic a acarrda.
  2. Íasacht tucus
    is'tig-sea túas 'gar ndidlucud
    ní bía fa búaid
    mina ría úaim a idlucud.
  3. Ná mellad sind
    in soithech édlúith omall-sa,
    ramach fa rír!
    is dabach crín in caland-sa.
  4. In coland críad
    corrach diumsach in drochesa,
    anfand a táeb,
    tabram dar sáer in soitheach-sa.
  5. Déna agud,
    a ingen díchra dobuidech,
    ná híarr orum
    da ríar, a c[h]oland comaidech!
  6. Tu-su ad c[h]ollád
    gan c[h]omrád Dé 'nar ndíanréim-ni,
    is damna deór
    labra donn eón gun1 íarméirgi.
  7. Cnúasach peccad
    mo pend scríbtha ar mo scoladh,2
    cill gach re corp
    darm c[h]urach thuind, olc oiriclún.
  8. Déor tromthoirsi
    co tí tar abra ar n-aigthi-ni,
    bid subach sind
    ma dubach ind ón aithrigi.
  9. Co rob clog tráth
    in tenga-sa nach tulmaithmech,
    gid gér gailbech
    curu bél ainmnech urnaigthech.
  10. Lossa a lot Críst
    gu cuirem asar crodtigib,
    mac seng dar siair,
    conmeam 'nar liaig da loitidib.
  11. A meth n-uthruis
    nára horm rabh na rolla-sum,
    co ndech mo dérc
    is'tech a crécht a c[h]olla-sun.
  12. Cindus rac[h]ad
    'sa Róimh re snechta síndeórach?
    mellaid in tsraid
    gel gríanánach fer frímeólach.3
  13. Tempull solma
    co slecht[h]ar and gu hoirichlech,
    cloch gan gné ngairb
    co rob hé m'ainm a hoilithrech.
  14. Tocht 'sa tír náeim
    nem uadai sair da bindgeibim,
    mairg fa mbía bróg!
    as Día ar gach fód da n-imdigem.
  15. Raeileag Muiri
    muir Torrian tonn dar ngarbmac-ni,
    as ceall gach cúan,
    fearr iná gach úag adlaicthi.

  16. p.235

  17. Sreab Ísu is Eóin,
    a huisce co tí tarum-sa,
    sruth cithmer cas
    co nigther as in t-anam-sa.
  18. Go tí a purt bhfind
    na hég bethad rim rótbruithean,
    gan teacht dom t[h]oig
    mo lecht co rab tair tócbuigther.
  19. Marcach na tond
    na tabrad duini ar dércairdi,
    Día ar muin mhara
    etir muir tana as téchtfairgi.
  20. Marcach na ndúl
    daní commus dar comsidib,
    ge torchair trínd
    dorc[h]aid in sín a ssoillsigid.
  21. Ingnad tesgas
    cathrach ara mbí a breat[h]aga,
    nach taraigh tra
    adaigh is lá co lethfada.
  22. Toirt[h]igi in lá
    ó nab léir feadha as findlinti,
    comad adaigh
    tíar fa aghaid na firmindti.
  23. Locha as aibni
    da ndáil roidh tuc na téc[h]tandaib,
    cúanda ad-cíthir
    stúaga in rígthig fa rélltandaib.
  24. Luibi cach síl
    sílas ar gach slicht guidheasun
    drúis oirc[h]es and
    toirrc[h]es isa crand cuireasun.
  25. Ón uili scoil
    scríbas lebar gan loc[h]teagur,
    as cléith cindta
    ní réid a firta d'foircedul.
  26. Gan gáeith re crand,
    gan cith snechta is é ac talmugud,
    fa cuirr cairrgi
    gan tuind d'fairgi acht 'ga admolad.
  27. Ad-chí ar th'agaidh
    cach áen da rac[h]a a drúndebaidh,
    ad-chí ar da c[h]úl,
    a Rí na ndúl, a dúilemain!
  28. Doirb da trégan,
    a-tái in gach aird co hilerrda,
    ge tú ag tríall sair,
    tú tíar gom t[h]aig, a Thigerna!
  29. Tu-su as ar cind,
    a cráeib da gein ó glan-Muiri,
    tú ag folang fóin,
    a uball óir ar n-abla-ni.
  30. I-tá tú túaid
    ós treib iffeirnn nac[h] airdigi,
    a-tá tú teas,
    á c[h]nú da meas na Ma[i]gdini!
  31. Ge fúarais úaind
    onóir dalta sáeir soinemail,
    fa rír! rab olc
    ar ndíl ort arnat' oilemain.
  32. Cúig álaid ort,
    a Ísu, a fir na míndelba,
    maith cruth da c[h]nead,
    as tú braich na flead fínemna.
  33. Ar n-uilc ré n-ég
    admum do Día ó dagc[h]raidib,
    ní tra tagra
    ar mbrath ig agra ar n-at[h]dligid.

    Dligid. ia.