Corpus of Electronic Texts Edition
Ach und Weh (Author: [unknown])
p.233
Ach und Weh
{folio 34b1}
- Uch, a Dé!
uch aniú is uch ané!
uch amárach, romlaghar crith
ar omun dol don bith cé.
- Uchán, a Dé, mo dí láim
ce beith trell oc sírgabáil,
ce rabat athach a ces,1
dorónsat mór domn aimles.
- Uch in adaig dorcha dall,
uch in laithi fromtha finn!
uchacán, a Dé do nim,
don gábad fil ar mo chinn!
- Uchán, a Dé, mo dá tháeb
is mo dá slíasait ar óin,
mo dí cholpa ro-clái dath,
a Rí co rath spirta nóib.
- Uchán, a Dé, mo dí chois
ce ro bái dia laimthenas,
ní lécid2 dam dul a-mach.
co ná fétaim traigthechas.
- Uchán, uch!
am lúaithe ná crand fri sruth,
nocha n-imthigim3 clachán ná cloch,
nocha n-abraim4 ach[t] ach is uch. Uch.