Corpus of Electronic Texts Edition
Zwei Gebete des Máel-Ísu húa Brolcháin (ob. 1086) (Author: [unknown])
{Brussels MS 2324 p 56}
p.230
Zwei Gebete des Máel-Ísu húa Brolcháin (ob. 1086)
Mæl-Isa cecinit.
- Búaidh crábuidh, búaidh n-ailithre,
búaidh n-aithricche dom anmain,
a Chríst gan cuid cairighthe
érni damh huile amhlaidh!
p.231
- Búaidh treabhlaite toccaidhe
damh fri deiredh mo saoghail,
gurbham fírén fonaide
íar mbruindiudh duit cech bæghail.
- Ná ruccar, a rígbret[h]aigh,
nach peacadh lim óm c[h]olainn,
co rabhar, a sírbret[h]aig,
tall hi flaith Dé nos-toghaim.
- Cluin, a Chríst cot naomainglibh,
hérne na hitge úagha,
ar gach næmh dot næmhairbhribh
tuc damh na ceithre búadha!B.
Ibidem
- A C[h]oimdhe báidh,
a Rí na ríg,
a athair ionmain,
airchis dím!
- Ná ruccam anonn
nach peacadh lind,
ná faghbum tall
péin ar ar cinn.
- Treblait norglana
nos-tabair dún,
a maic Dé bí,
a Rí na rún!
- Ní raghba ar n-eill
demon dubh donn:
i maigh, i toigh
non-geibh fot comm!A Coimde.