Corpus of Electronic Texts Edition
Cotail becán becán bec (Author: [unknown])

p.160

Díarmait's sleep

{speech Gráinne}
  1. Cotail becán becán bec,
    úair ní h-ecail duit a bec,
    a gille día tardus seirc,
    a meic uí Duibne, a Díarmait.

  2. p.162

  3. Cotail-si sunn go sáim sáim,
    a uí Duibne, a Díarmait áin,
    do-génsa t'foraire de,
    a meic uí delbda Duibne.
  4. Cotail becán (bennacht fort)
    ós uisce Topráin Tréngort,
    a úanáin úachtair locha,
    do brú Thíre Trénsrotha.
  5. Rop inonn is cotlad tes
    degFidaig na n-airdéices,
    dá tuc ingin Morainn búain
    tar cenn Conaill ón Chráebrúaid.
  6. Rop inonn is cotlad túaid
    Finnchaid Finnchaím Essa Rúaid,
    dá tug Sláine (ségda rainn)
    tar cenn Fáilbe Chotatchinn.
  7. Rop inonn is cotlad tíar
    Áine ingine Gáilían,
    fecht do-luid céim fo thrilis
    la Dubthach ó Dairinis.
  8. Rop inonn is cotlad tair
    Dedad dána díumasaigh
    dá ruc Coinchinn ingin Binn
    tar cenn Dechill déin Duibrinn.
  9. A chró gaile íarthair Gréc,
    anfatsa 'got forcoimét;
    maidfid mo chraide-se acht súaill,
    monat-faicear re h-énúair.
  10. Ar scarad ar n-dís 'ma-le
    's scarad lenab óenbaile
    is scarad cuirp re h-anmain,
    a laích Locha finnCharmain.

  11. p.164

  12. Léicfider caínche ar do lorg
    (rith Caílte nó ba h-anord),
    nachat-táir bás ná brocad,
    nachat-léice i sírchotlad.
  13. {speech Díarmait}
  14. Ní chotail in dam-so sair,
    ní scuirenn do búirfedaig;
    cía beith im dairib na lon,
    ní fuil 'na menmain cotlad.
  15. Ní chotail in eilit máel
    ac búirfedaig fó brecláeg;
    do-gní rith tar barraib tor;
    nó déin 'na h-adbaid cotal.
  16. Ní chotail in chaínche bras
    ós barraib na crann cáemchas;
    is glórach a-táthar ann;
    gi bé in smólach ní chotlann.
  17. Ní chotail in lacha lán;
    maith a láthar re degsnám;
    ní déin súan nó sáime ann;
    ina h-adbaid ní chotlann.
  18. In-nocht ní chotail in gerg;
    ós fráechaib anfaid imard
    binn fogar a gotha glain:
    eitir srotha nó chotail.