Corpus of Electronic Texts Edition
Is úar geimred; at-racht gáeth (Author: [unknown])

p.154

Description of winter and memory of the past

Is ann a-dubhairt Caílte: ‘Inam’, ar sé, ‘do dhamhaib allaidi & d' eilltibh dul a n-innib cnoc & carrac an-osa; & inam éignedh do dhul i cúasaib brúach’. & a-dubhairt an laíd:
  1. Is úar geimred; at-racht gáeth;
    éirgid dam díscir dergbáeth;
    nocha te in-nocht in slíab slán,
    gé beith dam dían ac dordán.
  2. Ní thabair a tháeb re lár
    dam Sléibe Cairn na comdál;
    ní luga at-chluin céol cúaine
    dam Cinn Echtge innúaire.
  3. Mise Caílte, is Díarmait donn,
    ocus Oscar áith étrom,
    ro choistmis re céol cúaine
    deired aidche adúaire.
  4. Is maith chotlas in dam donn
    fuil is a chnes re Coronn
    mar do beth fa Thuinn Túaige
    deired aidche innúaire!
  5. In-díu isam senóir sen;
    ní aithnim acht becán fer;
    ro chraithinn corrsleig co crúaid
    i matain aigrid innúair.
  6. A-tlochar do Ríg nime,
    do Mac Maire ingine:
    do-beirinn mór socht ar slúag
    gé ber in-nocht co h-adúar.