Corpus of Electronic Texts Edition
Géisid cúan (Author: [unknown])

p.148

Créide's lament for Cáel

Táinic an ingen & do sín re 'tháebh h-í & do-rinne núalghubha & toirrsi mhór. ‘Cidh dhamsa’, ól sí, ‘an bás d'fagháil do chumhaid mu chéle in tan a-tát na fíadhmhíla folúaimnecha ac fagháil bháis dá chumhaid?’ & at-bert Crédhe:
  1. Géisid cúan
    ós buinne rúad Rinn Dá Bhárc:
    bádud laích Locha Dá Chonn
    is ed chaínes tonn re trácht.
  2. (Luinchech) corr
    i seiscenn Droma Dá Thrén:
    sis ní aincenn a bí —
    coinfíad dá lí for tí a h-én.
  3. Trúag in fhaíd
    do-ní smólach i n-Druim Chaín;
    ocus ní nemthrúaige in scol
    do-ní in lon i Leitir Laíg.
  4. Trúag int séis
    do-ní in dam i n-Druim Dá Léis:
    marb eilit Droma Sílenn;
    géisid dam dílenn dá h-éis.
  5. Ba sáeth lim
    bás in laích ro laiged lim:
    mac na mná a Daire Dá Dos,
    a beith is cros úasa chinn.
  6. Sáeth lim Cáel
    do beith i richt mairb rem tháeb,
    tonn do thecht tar a tháeb n-gel;
    is ed rom-mer mét a áeb.

  7. p.150

  8. Trúag in gáir
    do-ní tonn tráchta re tráig:
    ó ro báid fer ségda sáer
    sáeth lim Cáel do dul 'na dáil.
  9. Trúag in fúaimm
    do-ní in tonn risin trácht túaid,
    ac cenngail im charraic caín,
    ac caíned Chaíl ó do-chúaid.
  10. Trúag in tres
    do-ní in tonn risin trácht tes;
    mise do-dechaid mo ré:
    messaite mo gné (fo-fes).
  11. Caínce corr
    do-ní tonn trom Tulcha Léis;
    mise nochan fuil mo maín
    ó rom-maíd in scél rom-géis.
  12. Ó ro báided mac Crimthain
    nochan fuil m' inmain dá éis;
    is mór tríath ro thuit le a láim;
    a cíath i ló gáid nír géis.

    & do sín an ingen re táebh Cháeil & fúair bás dá chumhaid; & do h-adlacad íat ar-áen a n-áeinfert ann sin; & as misi féin (ar Caílte) ro tocuibh in lía fil ósa lighi, conidh Feart Cáeil & Créidhe a-derur ris. Ad-ráe búaid & bennacht, a Chaílte, ar Pádraic: s maith in scél do innisis; & caidhi Brócán scríbhnid? Sunna, ar Brócán. Scríbthar lat gach ar chan Caílte. & do scríbadh.