Corpus of Electronic Texts Edition
Mór múich i túsa in-nocht (Author: [unknown])
p.138
Suibne in the snow
Úair is amlaidh ro bhoí an oidhchi-sin ag cur sneachta, & an mhéd no cuireadh no reodadh fa chédóir a haithli a chuir [gap: ellipse] gonadh ann ad-beart an láoidh ag tabairt a dhocra ós aird:
- Mór múich i túsa in-nocht;
ro thregd mo chorp in gáeth glan;
toll mo thraigte; glas mo grúad;
a Dé móir, a-tá a dúal dam.
- I m-Beinn Boirche dam a-rraír;
rom-thúairg braín i n-Echtga úair;
in-nocht ro brétait mo boill
i n-glaic croinn i n-Gáille glúair.
- Ro fuilnges mór tres gan tlás
ó ro ás clúm ar mo chorp;
ar gach aidche is ar gach ló
is mó sa mó fuilgim d' olc.
- Rom-chráid sic (sín nách súairc);
rom-thúairg snechta ar Sléib Meic Sín;
in-nocht rom-geguin in gáeth
gan fráech Glenna Bolcáin bil.
- Utmall m' imirce in gach íath;
dom-ríacht beith gan chéill gan chonn;
do Muig Line for Muig Lí,
do Muig Lí for Life lonn.
- Saigim dar Segais Sléibe Fúait;
ricim im rúaic co Ráith Móir;
dar Mag n-Aí, dar Mag Luirg luinn,
ricim co cuirr Crúachain chóir.
- Ó Shléib Chúa (ní turas tais)
ricim go Glais Gáille grinn;
ó Glais Gáille (gid céim cían)
ricim sair go Slíab m-Breg m-binn.
p.140
- Dúairc in betha beith gan tech;
is trúag in betha, a Chríst cain:
sásad birair barrglais búain;
deog uisce úair a glais glain;
- Tuisled do barraib cráeb crín;
imthecht aitin (gním gan gaí);
sechna daíne; cummann cúan;
coimrith re dam rúad dar raí.
- Feis aidche gan chlúim i coill
i mullach croinn dosaig dlúith,
gan choistecht re guth ná glór,
A Meic Dé, is mór in múich.
- Reithim rúaic re beinn co báeth;
úathad rom-thráeth a los lúith;
ro scarus rem chruth gan chlód;
A Meic Dé, is mór in múich.