Corpus of Electronic Texts Edition
A bennáin, a búiredáin (Author: [unknown])
p.122
Suibne in the woods
Ó ro thairis Suibne ar barr chraoibhe urairde eidhnighe ann sin, ro thairis an chailleach ar crann eile ina farradh [gap: ellipse]. At-chúalaidh-siomh búiriudh an doimh alla, & do-rinni an laoídh, & tuc teastmholta crann Éireann ós aird innte, ag foraithmheadh ar-aill día dheacruibh & día imsníomh budh-dhéin, go n-débairt ann-so:
- A bennáin, a búiredáin,
a béicedáin binn,
is binn linn in cúicherán
do-ní tú 'sin glinn.
- Éolchaire mo mennatáin
do-rala ar mo chéill
na lois isin machaire,
na h-ois isin t-sléib.
- A dair dosach duilledach,
at ard ós cinn chruinn;
a cholláin, a chráebacháin,
a chomra chnó cuill.
- A fern, nídot náimtide;
is álainn do lí;
nidat
[gap: extent: 2 syllables]
scenbaide
ar in m-beirn i m-bí.
p.124
- A draignéin, a delgnacháin,
a áirnecháin duib;
a birair, a barrglasáin,
do brú thopair luin.
- A minéin na conaire,
at milse gach luib,
a glasáin, a adglasáin,
a lus forsa m-bí in t-suib.
- A aball, a ablachóc,
trén rot-chraithenn cách;
a cháerthainn, a cháeracháin,
is álainn do bláth.
- A driséoc, a druimnechóc,
ní dama cert cuir:
ní ana 'gum letradsa
gursat lomlán d' fuil.
- A ibair, a ibracháin,
i reilgib bat réil;
a eidinn, a eidnecháin,
at gnáth i coill chéir.
- A chuilinn, a chlithmaráin,
a chomla re gaíth;
a uinnes, a urbadach,
a arm láma laích.
- A beithe bláith bennachtach,
a borrfadach binn,
álainn gach cráeb chengailtech
i mullach do chinn.
- Crithach ara chrithugud
at-chluinim 'ma sech;
a duille for rithugud
dar lem is í in chrech.
- Mo miscais i fidbadaib
(ní cheilim ar cách)
gamnach darach duilledach
ar sibal go gnáth.
p.126
- Is olc sén ar milles-sa
ainech Rónáin Finn;
a ferta rom-búaidretar,
a chlocáin ón chill.
- Is olc sén i fúarus-sa
eirred Congail chóir,
a inar cáem cumtachglan
co cortharaib óir.
- Rop é guth gach áenduine
don t-slóg détla daith;
Ná tét úaib fán célmaine
fer in inair maith.
- Gonaid, marbaid, airligid;
gabaid uile a eill;
cuirid é, cid lór do chin,
ar bir is ar beinn.
- Na marcaig dom thárrachtain
dar Mag Coba cruinn:
ní roich úaidib áenurchar
dam-sa dar mo druim.
- Ac dula dar eidnechtaib
(ní cheilim, a laích)
degurchar na gothnaite
damsa résin n-gaíth.
- A eltéoc, a luirgnechóc,
fúarus-sa do greim;
mise ort ac marcaigecht
as gach beinn i m-beinn.
- Ó Charn Chronáin chomramaig
co beinn Slébe Níad,
ó beinn Slébe Uillinne
ricim Crota Clíach.
- Ó Chrotaib Clíach comdála
co Carn Liffe Luirc,
ricim re tráth íarnóna
co Beinn Gulban Guirt.
p.128
- M'adaig ría cath Congaile
robo sirsan lem,
'síu no beinn for utmaille
ac siriud na m-benn.
- Glenn m-Bolcáin[gt ] mo bithárus;
fír fúarus a greim;
mór n-aidche ro frithálus
rith rothrén re beinn.
- Dá sirinn im áenaide
sléibte domain duinn,
ferr lim inad áenboithe
i n-Glinn Bolcáin buirr.
- Maith a uisce idan-glas;
maith a gáeth glan garg;
maith a birar birar-glas;
maith a fothlacht ard.
- Maith a eidnech idnaide;
maith a sail glan grinn;
maith a ibar ibraide;
ferr a beithe binn.
- Dá tístasu, a Loingsecháin,
chucum in gach richt,
cech n-aidche dom acallaim,
bés ní anfainn frit.
- Ní anfainn ret acallaim
munbad scél rom-gét,
athair, máthair, ingen, mac,
bráthair, ben balc d'éc.
- Dá tístea dom acallaim
ní bad ferrde lem;
ro sirfinn ría matanraid
sléibte Boirche Benn.
- Do muilenn in menmaráin
no meiltea do thúaith,
a thrúagáin, a thoirsecháin,
a Loingsecháin lúaith.
- A chaillech in muilinn-se,
cid 'má n-geibe m'eill?
M' écnach duit at-chluinim-se
is tú i-mmuig ar in beinn.
- A chaillech, a chuirr-chennach,
in raga for ech?
No ragainn, a thuirr-chennach
(munam-faiced) nech.
- Dá n-dechar, a Suibnecháin,
rop soraid mo léim.
Dá (toraissiu), a chaillecháin,
ní rís slán céill.
- Ní cóir, éim, a n-apraidsi
a meic Colmáin cais;
nách ferrde mo marcachas
gan tuitim tar m'ais?
- Is cóir, éim, a n-apraim-se,
a chaillech gan chéill;
deman acut aidmilliud:
rot-millis fa-déin.
- Nach ferrde let m' eladain,
a geilt sáerda seng,
mo beith acut lenamain
i mullaigib benn?
- Dosán eidinn imúallach
ásas tré chrann cas,
dá m-beinnse 'na chertmullach
no ágsainn techt as.
- Teichim ríasna h-uiséoca;
is é in trénrith tenn;
lingim tar na guiséoca
i mullaigib benn.
- Ferán eidinn imúallach
in tan éirghes dúinn,
gairit bím dá thárrachtain
ó ro ás mo chlúim.
p.152
- Crebar oscar antuicsech
in tan éirges dam,
idnar lim is derg-náma
in lon do-ní in scal.
- Gach áenúair ro linginn-se
co m-bínn ar in lár
co faicinn in cremthannán
thís ac creim na cnám
- Sech gach coin i n-eidnechaib
lúath no geibed m' eill;
is é lúas no linginn-se
co m-bínn ar in beinn.
- Sinnaig beca ac brécairecht
chucum ocus úaim;
meic thíre ar a (lécaidecht)
teichim-se re a fúaim.
- Ro thríallsat mo thárrachtain
ac tocht 'na rith tenn,
gur theiches-sa rempu-som
i mullaigib benn.
- Tánic frim mo thairimthecht
gipé conair thías;
is léir dam ar m' airchisecht
am cáera gan lías.
- Bile Cille Lugaide
i tuilim súan sáim:
ba h-aíbniu i ré Chongaile
Áenach Line láin.
- Do-raga in réodh réltanach
ferfas ar gach linn;
isam súairrech sechránach,
('s) mise faí ar in binn.
- Na corra go corrgaire
i n-Glinn Aigle úair;
elta d' énaib imlúatha
chucum ocus úaim.
p.134
- Ní charaim in sibenrad
do-níat fir is mná;
binne lim (ac ceilebrad)
(lon) 'sin aird i tá.
- Ní charaim in stocairecht
at-chluinim go moch;
binne lim (ac brocairecht)
bruic i m-bennaib broc.
- Ní charaim in cornairecht
at-chluinim go tenn;
binne lim ac damgairecht
da dá fichet benn.
- Atá adbar seisrige
as gach glinn i n-glenn,
gach dam ina freslige
i mullach na m-benn.
- Cid imda dom damraid-se
as gach glinn i n-glenn,
ní meinic lám aireman
ac dúnad a m-benn:
- Dam Sléibe aird Éiblinne,
dam Sléibe Fúait féig,
dam Ella, dam Orbraige,
dam lonn Locha Léin,
- Dam Seimne, dam Latharna,
dam Líne na lenn,
dam Cúailnge, dam Conachla,
dam Bairne dá benn,
- A máthair na graige-se,
ro líathad do lenn;
ni fuil dam it degaid-se
gan dá fichet benn.
- Mó ná adbar leinníne
ro líathad dot chinn;
dambenn ar gach (meinníne),
beinníne ar gach (minn.)
p.136
- A doim do-ní in fogarán
chucum tar in n-glenn,
maith in t-inad foradán
i mullach do benn.
- Is mé Suibne sirthechán;
lúath reithim tar glenn;
nochan é m' ainm dligthechán;
mó is ainm dam Fer Benn.
- Tiprait is ferr fúarus-sa
tipra Leithit láin,
tipra is áille innúaire
úarán Dúine Máil.
- Gidat imda m' imirce
m' étach in-díu is gerr.
Mé féin do-ní m'foraire
i mullach na m-benn.
- A raithnech, a rúadfota,
ro rúadad do lenn;
ní h-ossair fir fúacartha
i n-gablaib do benn.
- Bid ann bías mo bith-lige
tes ac Taídin teinn;
ac Tig Mo Ling bith-ainglide
táethus-sa do beinn.
- Do-rat mise it chumman-sa
mallacht Rónáin Finn,
a bennáin, a búiredáin,
a béicedáin binn.