Corpus of Electronic Texts Edition
Súanach sin, a Éorann án (Author: [unknown])

p.118

Suibne and Éorann

As amlaidh éimh ro bhuí Éorann an tan-sin ar f-feis le Gúaire mac Conghaile meic Sgannláin, ar rob í Éorann fa bean do Shuibne [gap: ellipse]. Ro-síacht trá Suibhne go n-ige an baile ina raibhe Éorann. Do-dheachaidh Gúaire do sheilg an lá-sin [gap: ellipse]. Deisidh íarum an gheilt for furdhorus na boithe i raibhe Éorann, conadh ann it-beart: ‘An cumhain leat, a inghean’, ar sé, ‘an grádh romhór do-rad cách úainn dá chéile an ionbhaidh ro bhámmar imur-áon? & is súanach sádail duitsi’, ar sé, ‘& ní headh dhamh-sa’; conadh ann ad-beart Suibhne & ro fhreagair Éorann é:{speech Suibne}
  1. Súanach sin, a Éorann án,
    i leith leptha ret lennán;
    ní h-inann is mise i fus:
    cían ó a-túsa ar anforus.
  2. Ro ráidis, a Éorann oll,
    aithesc álainn imétrom,
    co ná beithea it bethaid de,
    scarad énlá re Suibne.
  3. In-díu is súaichnid co prap
    bec let bríg do sencharat:
    te duit ar clúim choilcthe chain;
    úar dam-sa i-mmuig co matain.
  4. {speech Éorann}
  5. Is mo-chen duit, a geilt glan:
    tú is tocha d' feruib talman;
    gid súanach, is súaill mo chlí
    ón ló at-chúala tú ar nefní.
  6. {speech Suibne}
  7. Is tocha let mac in ríg
    beires tú d' ól gan imsním;
    is é do thohcmarc toga;
    ní íarr sib bar senchara.

  8. p.120

    {speech Éorann}
  9. Ce nom-bered mac in ríg
    do thigib óil gan imsním,
    ferr lim feis i cúas cháel chroinn
    let, a fhir, díanot-cháemsainn.
  10. {speech Suibne}
  11. Córa duit serc ocus grád
    don fiur 'gá taí th' áenarán
    iná di geilt gairb gortaig
    úathaig omnaig urnochtaig.{speech Éorann}
  12. Dá tuctha mo roga dam
    d' feruib Éirenn is Alban
    ferr lem it chommaid gan chol
    ar uisce ocus ar birar.
  13. {speech Suibne}
  14. Ní conair do degmnaí dil
    Suibne sunn ar slicht imnid:
    úar mo leptha ac Ard Abla;
    nídot terca m' úaradba.
  15. {speech Éorann}
  16. Mo-núar, ám, a geilt gnímach,
    do beith éitig imsnímach;
    sáeth lem do chnes ro chloí dath,
    dresa is draigin dot répad.
  17. {speech Suibne}
  18. Ní dá chairiugud dam ort,
    a máethainder máeth étrocht:
    Críst mac Maire, mórda cacht
    é dom-rat i n-écomnart.
  19. {speech Éorann}
  20. Ropad maith lem ar m-beith ar-áen,
    co tísed clúm ar ar táeb,
    co sirinn soirche is doirche
    let, cach lá is gach énaidche.

  21. p.122

    {speech Suibne}
  22. Adaig damsa i m-Boirche binn;
    ránac Túag Inbir álainn;
    co sirius Mag Fáil co fraig;
    táirlius do Chill Uí Súanaig.

    Ní thairnic dhó acht sin do rádh an úair ro líon an slúagh an longphort as gach aird. Téid-siumh íarumh ina réim romhadhma for teichedh amail ba minic leis.