Corpus of Electronic Texts Edition
A Mór Maigne Moige Síuil (Author: [unknown])

p.88

On the loss of a pet goose

  1. A Mór Maigne Moige Síuil,
    bec a dainme esbaid n-éoin;
    má saíle éc duit fo-déin,
    nách bét dot chéill caíne géoid?
  2. A ingen Donnchada druin,
    ara fuil borrfada ban,
    nách cúala scél (solma sein),
    inn úair fot-geir do géd glan?
  3. Nách cúala (garc nat don gléo)
    is marb Conn Cétchathach Cúa,
    ocus Corbmac, ocus Art?
    esbach in mac is in t-úa.
  4. Nách cúala díl Crimthainn chóir,
    meic Fidaig, do finnchloinn áin,
    ocus Éogain Taídlig tess
    fo-cheird cess for Clíu Máil?
  5. Nách cúala in n-gním n-geimlech n-garc,
    marb Eochaid Feidlech na ferg,
    ocus Crimthann, cride Níad,
    ocus Lugaid Dá Ríab n-Derc?
  6. Nách cúala (in íuboile n-airc)
    dá b-fuair Íugaine núall n-uilc?
    Nách cúala in foraire, fecht,
    dá ro melt Conaire Cuilt?

  7. p.90

  8. Nách cúala Mongán, maith láech,
    do thuitim hi condáil chrích,
    ocus Cermait Milbél mín
    mac in Dagda déin do díth?
  9. Nách cúala in lámdaith do lot,
    Cú Chulainn rop ánrath ait? —
    Ocus (ní ra-fannaig) fer
    do neoch ro gab gaí 'na glaic.
  10. Nách cúala in n-gním n-galann n-gann,
    Fothad Canann (clú nád binn),
    ocus in rígféinnid ríam
    dárb ainm toísech na Fían Finn?
  11. Nách cúala Fergus, cíarb án,
    dárba lán cech lergus lór,
    ocus Manannán mac Lir
    a m' anamán min, a Mór?
  12. Géoid i n-Éirinn re linn m-Bríain,
    Brían ro gab Éiblinn co n-ór;
    maith cara fil ocut Brían:
    fíal flaith Chinn Mara, a Mór.