Corpus of Electronic Texts Edition
It é saigte gona súain (Author: [unknown])

p.86

The lament of Créide, daughter of Gúaire of Aidne, for Dínertach, son of Gúaire of the Uí Fidgente

Créda ingen Gúairiu ru chan na runnu-sa de Dínertach mac Gúairi maic Nechtain do Uib Fidgenti. Di-connuirc-si isin treus Aidne ro geghin secht n-goine deac for seglach a léniod. Ro-carostoir-sie ierum. Is ann is-pert-sie:
  1. It é saigte gona súain,
    cech thrátha i n-aidchi adúair,
    serccoí, lia gnása, íar n-dé,
    fir a tóeb thíre Roigne.
  2. Rográd fir ala thíre
    ro-síacht sech a chomdíne
    ruc mo lí (ní lór do dath);
    ním-léci do thindabrad.
  3. Relegated to notes page 212 by editor

  4. Sirechtach nad faco-sa
    Dinertach rom i Lecoin
    imbi nibad infechtoin
    im mac Guairi mec Nechtoin.
  5. Binniu laídib a labrad
    acht Ríg nime nóebadrad:
    án bréo cen bréthir m-braise,
    céle tana tóebthaise.
  6. Imsa naídiu robsa náir:
    ní bínn fri dúla dodáil;
    ó do-lod i n-inderb n-aís
    rom-gab mo théte togaís.
  7. Táthum cech maith la Gúaire,
    la ríg n-Aidni adúaire;
    tocair mo menma óm thúathaib
    isin íath i n-Irlúachair.
  8. Canair a i n-íath Aidni áin,
    im thóebu Cille Colmáin,
    án bréo des Luimnech lechtach
    díanid comainm Dínertach.

  9. p.88

  10. Cráidid mo chride cainech,
    a Chríst cáid, a foraided:
    it é saigte gona súain
    cech thrátha i n-aidchi adúair.