Corpus of Electronic Texts Edition
Aithbe dam bés mora (Author: [unknown])

p.74

The lament of the Old Woman of Beare

Sentainne Béirri cecinit íarna senad don chríni:
  1. Aithbe damsa bés mora;
    sentu fom-dera croan;
    toirsi oca cía do-gnéo,
    sona do-tét a loan.
  2. Is mé Caillech Bérri, Buí;
    no meilinn léini m-bithnuí;
    in-díu táthum, dom séimi,
    ná melainn cid aithléini.
  3. It moíni
    cartar lib, nídat doíni;
    sinni, ind inbaid marsaim-me
    batar doíni carsaim-me.
  4. Batar inmaini doíni
    ata maige 'ma-ríadam;
    ba maith no-mmeilmis leo,
    ba becc no-mmoítis íarum.
  5. In-díu trá caín-timgairid,
    ocus ní mór nond-oídid;
    cíasu becc don-indnaigid,
    is mór a mét no-mmoídid.
  6. Carpait lúaith
    ocus eich no beirtis búaid,
    ro boí, denus, tuile díb:
    bennacht for Ríg roda-úaid!

  7. p.76

  8. Tocair mo chorp co n-aichri
    dochum adba dían aithgni (?):
    tan bas mithig la Mac n-Dé
    do-té do brith a aithni.
  9. Ot é cnámacha cáela
    ó do-éctar mo láma; —
    ba inmain dán do-gnítis:
    bítis im ríga rána.
  10. Ó do-éctar mo láma
    ot é cnámacha cáela,
    nídat fiú turcbáil, taccu,
    súas tarsna maccu cáema.
  11. It fáilti na ingena
    ó thic dóib co Beltaine;
    is deithbiriu dam-sa brón:
    sech am tróg, am sentainne.
  12. Ní feraim cobra milis;
    ní marbtar muilt dom banais;
    is bec, is líath mo thrilis;
    ní líach drochcaille tarais.
  13. Ní olc lim
    ce beith caille finn form chinn;
    boí mór meither cech datha
    form chinn oc ól daglatha.
  14. Ním-gaib format fri nach sen
    inge nammá fri Feimen:
    meisse, ro miult forbuid sin;
    buide beus barr Feimin.
  15. Lia na Ríg h-i Femun,
    Caithir Rónáin h-i m-Bregun,
    cían ó ro-síachtar sína
    a l-leicne; nít senchrína.

  16. p.78

  17. Is labar tonn mora máir;
    ros-gab in gaim cumgabáil:
    fer maith, mac moga, in-díu
    ní freiscim do chéilidiu.
  18. Is éol dam a n-do-gniat,
    rait ocus do-raat;
    curchasa Átha Alma,
    is úar in adba i faat.
  19. Is mo láu
    nád muir n-oíted imma-ráu!
    Testa már m-blíadnae dom chruth
    dég fo-rroimled mo chétluth.
  20. Is mo dé!
    Dam-sa in-díu, ci bé dé,
    gaibthi m'étach, cid fri gréin:
    do-fil áes dam; at-gén féin.
  21. Sam oíted i r-rabamar
    do-miult, cona fagamur;
    gaim aís báides cech n-duine,
    domm-ánaic a fochmuine.
  22. Ro miult m' oítid ar thuus;
    is buide lem ro-ngleus:
    cid becc mo léim dar duae,
    ní ba nuae in brat beus.
  23. Is álainn in brat úaini
    ro scar mo Rí tar Drummain.
    is sáer in Fer nod-llúaidi:
    do-rat loí fair íar lummain.
  24. 1
  25. A-minecán! mórúar dam;
    cech dercu is erchraide.
    Íar feis fri caindlib sorchuib
    bith i n-dorchuib derthaige!

  26. p.80

  27. Rom-boí denus la ríga
    oc ól meda ocus fína;
    in-díu ibim medcuisce
    eter sentainni crína.
  28. Rop ed mo choirm cóidén midc;
    ropo toil Dé cecham-theirb;
    oc do guidisiu, a Dé bí,
    do-rata
    [gap: editorial uncertainty/extent: 2 syllables]
    fri feirg.
  29. Ad-cíu form brot brodrad n-aís;
    ro gab mo chíall mo thogaís;
    líath a finn ásas trim thoinn;
    is samlaid crotball senchroinn.
  30. Rucad úaim-se mo súil des
    día reic ar thír m-bithdíles;
    ocus rucad int súil chlé,
    do formach a foirdílse.
  31. 2
  32. Tri thuile
    do-ascnat dún Aird Ruide:
    tuile n-oac, tuile n-ech,
    tuile mílchon mac Luigdech.
  33. Tonn tuili
    ocus ind í aithbi áin:
    a n-do-beir tonn tuili dait
    beirid tonn aithbi as do láim.
  34. Tonn tuili
    ocus ind aile aitbi:
    dom-áncatarsa uili
    conda éolach a n-aithgni.
  35. Stanzas 30-35 uncertain and perhaps corrupt

  36. Tonn tuili
    nícos-tair socht mo chuile!
    cid mór mo dám fo deimi
    fo-cress lám forru uili.

  37. p.82

  38. Má ro-feissed Mac Maire
    co m-beth fo chlí mo chuile!
    Cení dernus gart cenae
    ní érburt ‘nac’ fri duine.
  39. Tróg n-uile
    (doíriu dúilib in duine)
    nád n-déccas a n-aithbese
    feib dorr-éccas a tuile.
  40. Mo thuile,
    is maith con-roíter m'aithne.
    ra-sóer Ísu mac Maire,
    conám toirsech, co aithbe.
  41. Céin mair insi mora máir:
    dosn-ic tuile íarna tráig;
    os mé, ní frescu dom-í
    tuile tar éisi n-aithbi.
  42. Is súaill mennatán in-díu
    ara taibrinn-se aithgne;
    a n-í ro boí for tuile
    atá uile for aithbe.