Corpus of Electronic Texts Edition
A Choimdiu, nom-choimét (Author:	[unknown])
p.54
Lord, Guard me
- A Choimdiu, nom-choimét,
 etir chorp is anmain,
 etir iris n-imglain
 co n-digius fon talmain.
- Coimét dam mo shúile,
 a Ísu meic Maire,
 nácham-derna santach
 aicsin cruid neich aile.
- Coimét dam mo chlúasa,
 nár chloistet fri écnach,
 nár éistet co rognáth
 fri baís for bith bétach.
p.56
- Coimét dam mo thenga,
 nár écnaiger duine,
 nár cháiner ar-aile,
 nár báiger tré luige.
- Coimét dam mo chride,
 a Chríst, ar do baíde,
 nár scrútar co trúaige
 dúthracht nacha claíne.
- Ní raib miscais foa,
 ná format, ná dallad,
 ná dímmus, ná dímes,
 ná éilned, ná annach.
- Coimét mo broinn m-builid,
 nár líntar cen mesair;
 co rop déiniu a tosaig,
 a bith isin tesaig!
- Coimét dam mo láma,
 ná rigter fri debaid,
 nár chlechtat íar sodain
 athchuingid fo mebail.
- Coimét dam mo chossa
 for bith builid Banba,
 ná digset a fosta
 fri tosca cen tarba.
- Nírbam utmall anbsaid,
 a Meic mo Dé deithnig,
 co ná farcbar m' ined
 co rop dliged deithbir.
- Coimét mo ball ferda
 im genus co n-glaine:
 étrad ní rom-báide,
 ním-tháirle, ním-thaire.
- Ním-reilce i cair cennda
 dond ochtar ard airdirc:
 a Chríst, tair dom dochum,
 día tofunn, día tairbirt.
p.58
- Nom-erbainn duit uile
 dom dítin cen doidnge;
 ar do rath co roimét
 nom-choimét, a Choimdiu.