Corpus of Electronic Texts Edition
A Maire mín, maithingen (Author: [unknown])

p.46

Invocation of the Blessed Virgin Mary

Colum Cille cecinit:
  1. A Maire mín, maithingen,
    tabair fortacht dún,
    a chrïol cuirp choimdeta,
    a chomrair na rún.
  2. A rígain na rígraide,
    a noíbingen óg,
    áil dún coro dílgaithe,
    triut, ar tairmthecht tróg.
  3. A thrócar, a dílgedach,
    co rath Spirta glain,
    guid linn in Ríg fírbrethach
    don chlainn chumra chain.
  4. A chráeb do chrunn Iasa
    asin chollchaill choím
    áil dam condom-biasa
    dílgud mo chuil chloín.

  5. p.48

  6. A Maire, a minn mórmaisech,
    ro sháerais ar síl,
    a lésbaire lórmaisech,
    a lubgort na ríg,
  7. A lígach, a lainnerda,
    co n-gním gensa gil,
    a arg óir chaín chainnelda,
    a noíbgein do nim.
  8. A máthair na fírinne,
    ro chinnis for cách;
    guid lemsa do Phrímgeine
    dom saerad i m-bráth.
  9. A búadach, a bunata,
    a buidnech, a balc,
    guid lem Críst cumachta,
    t' Athair is do Mac.
  10. A rétla rán rogaide,
    a bile fo bláth,
    a shutrall trén togaide,
    a grian goires cách,
  11. A áraid na ollairbe
    trésa cing cach cáid,
    corop tú ar conmairche
    dochum ríchid ráin!
  12. A chaithir chóem chumraide,
    dot-róega in Rí;
    oll oíge boí it urbruinne
    treimse co ba thrí.
  13. A rígdorus rogaide
    tríasar chin i crí
    grían taitnemach thogaide,
    Ísu Mac Dé bí,

  14. p.50

  15. Ar écnairc na Coímgeine
    ro coimpred it brú,
    ar écnairc in Oíngeine
    as Airdrí in cach dú,
  16. Ar écnairc a chroiche-sium
    as uaisliu cech croich,
    ar écnairc a adnacail
    ad-ranacht i cloich,
  17. Ar écnairc a eiséirge
    as-raracht ría cách,
    ar écnairc a noíbtheglaig
    as cach dú do bráth,
  18. Corop tú ar commairche
    i flaith Coimded cain,
    co n-dechsam la Ísucán
    áilim céinbe mair.