Corpus of Electronic Texts Edition
Dúthracar, a Maic Dé bí (Author: [unknown])

p.28

Manchán's wish

Comad Mancháin Léith in so:
  1. Dúthracar, a Maic Dé bí,
    a Rí suthain sen,
    bothán deirrit díthraba
    commad sí mo threb,
  2. Uisce treglas tanaide
    do buith ina taíb,
    linn glan do nigi pectha
    tria rath Spirta Naíb,

  3. p.30

  4. Fidbaid álainn immocus
    impe do cech leith,
    fri altram n-én n-ilgothach,
    fri clithar día cleith,
  5. Deisebar fri tesugud,
    sruthán dar a lainn,
    talam togu co méit raith
    bad maith do cach clainn,
  6. Úathad óclach n-innide
    (in-fessam a l-lín),
    it é umlai urluithi
    d'urguidi ind Ríg:
  7. Ceithri triir, tri cethrair
    (cuibdi fri cach les),
    da seiser i n-eclais
    eter túaid is tes;
  8. Sé desa do imforcraid
    immumsa fa-déin
    oc guidi tre bithu sír
    ind Ríg ruithnes gréin;
  9. Eclais aíbinn anartach,
    aitreb Dé do nim,
    sutrulla soillsi íar sain
    úas Scriptúir glain gil,
  10. Óentegdais do aithigid
    fri deithidin cuirp,
    (cen druid, cen indladuth,)
    cen imrádud n-uilc.
  11. Is é trebad no gébainn,
    do-gegainn cen chleith;
    fírchainnenn chumra, cerca,
    bratáin breca, beich,—
  12. Mo lórtu bruit ocus bíd
    ónd Ríg as chaín clú,
    mo bithse im suidiu fri ré,
    guide Dé in nach dú.