Corpus of Electronic Texts Edition
Gebet um Schutz in Gefahr (Author: Unknown)
p.22
God be with me
- Día lim fri cach sním,
triar úasal óen,
Athair ocus Mac
ocus Spirut Nóeb.
- Nóebrí gréine glan
as choímiu cach dlug,
atach n-amra n-dam
fri slúag n-demna n-dub.
- In t-Athair, in Mac,
in Nóebspirut án,
a tréide dom dín
ar nélaib na plág,
- Ar díanbás, ar bedg,
ar brataib na m-berg,
romm-ain Ísu ard
ar in n-galar n-derg.
p.24
- Ar demnaib nach thain
is Mac Dé domm-eim,
ar galar, ar guin,
ar thorainn, ar thein.
- Ar thinnorguin truim,
ar cech n-amnas n-aill,
ro séna co grinn
Mac Maire mo brainn.
- Ar brethaib i m-Bráth
Críst lem fri cech sáeth,
ar idnaib, ar úath,
ar neimib na n-gáeth,
- Ar gábud, ar brath,
ar epthaib i clith,
ar thedmaim cech cruth
fo-fera don bith.
- Cech bennacht cen gom,
cech ernaigde glan,
cech árad ric nem,
ropo cobrad dam.
- Cech dagnóeb ro chés
ós tuinn talman tís,
cech deiscipul cáid
ro chreiti do Chríst,
- Cech cennais, cech ciúin,
cech diuit, cech réil,
cech foísmid, cech míl
do-choissin fo gréin,
- Cech nóebérlam sruith
dom-róirsed fri toich,
cech sempul, cech sóer,
cech nóeb ro chés croich,
- Cech ailithir án,
cech soim (sochla bríg),
cech denocht, cech nóeb
do-réracht a tír,
p.26
- cech tenga cen meth
forsa tardad rath,
cech cride fon m-bith
nád chota nach m-brath,
- Cech fírién fíal
fo chlár nime glain,
ónd fuiniud an-íar
co Slíab Sióin sair,
- Rom-snádat de-síu
ar demnaib na céo,
céili Maic ind Ríg
a tírib na m-béo.
- Ro bé Día dom dín,
Coimdiu aingel án,
aithne tánaic úad
ara rísed slán.
- Rom-snáda mo Rí;
romm-ain i cach ré;
ro béo ar cach ngád
ar scáth dernann Dé.