- M' óenurán im aireclán
cen duinén im gnáis:
robad inmuin ailethrán
ré n-dul i n-dáil m-báis.
- Bothnat deirrit diamair
do dílgud cach cloín;
cubus díriuch diamain
dochum nime noíb.
p.20
- Nóebad cuirp co sobésaib:
saltrad ferda for,
súilib tláithib todéraib
do dílgud mo thol.
- Tola fanna féodaidi,
freitech domnáin ché,
coicle bána béodaidi,
ba sí dígde Dé.
- Donála co n-dílechtai
dochum nime nél,
coibsin fíala fíretlai,
frossa díana dér.
- Dérgud adúar áigthide
amal tálgud troch,
cotlud gairit gáibthide
díucra meinic moch.
- Mo thúara, mo thuinide,
robad inmuin cacht;
ním-dingénad cuilide
mo longud, cen acht.
- Arán toimse tírmaide
maith don-airnem gnúis
uisce lerga lígmaise
ba sí deog no lúis.
- Longud serbda séimide,
menma i l-lebor léir,
lám fri cath, fri céilide,
cubus roithen réid.
p.22
- Robad inmuin (araidi)
ainim nechta nóeb,
leicne tírmai tanaidi
tonn chrocnaide chóel. Stanza 11 is relegated to notes by editor; here printed from the notes, page 179.
- Céim íar sétaib soscéla
salmchétal cach thráth,
crích fri rád, fri roscéla,
filliud glúine gnáth.
- Críst mac Dé dom thaithigid,
mo Dúilem, mo Rí,
mo menma día aithigid
issind flaith i m-bí.
- Ba sí in chrích fom-themadar
eter lissu lann
locán álainn eladglan,
os mé m'óenur ann. Stanza 14 is relegated to notes by editor; here printed from the notes, page 180.
- M' óenurán im aireclán,
m' óenurán am-ne;
m' óenur do-llod forsin m-bith;
m' óenur rega de. Stanza 15 is relegated to Notes by editor; here printed from the notes, page 180.
- M' óenur ma do-rogbus ní
d' úabar betha cé,
cluinte mo núallán oc caí,
m' óenurán, a Dé.