Corpus of Electronic Texts Edition
A Marbán, a díthrubaig (Author: [unknown])
p.10
King and hermit
{speech Guaire}
- A Marbáin, a díthrubaig,
cid ná cotlai for colcaid?
Ba meinciu duit feiss i-m-maig,
cenn do raig for lár ochtgaig. {speech Marbán}
- 1Nicon cotluim for colcaid
gé bethear com imslánud:
atáaid sochaidi2 amoig
atraicc hocim imrádud.
- Ní marutt ar comolta,
scarad fri nínlúaidi:
acht mád óinsessoir namá
ní mair nech díouh, a Gúaire.
- Ornait ocus Lugna lán,
Laidgén ocus Ailirán,
atá cechturde fri dán,
Marbán ocus Cluithnechán.
- Rochluinis mo tiomna-sa
frie húir techta don domun:
mo qhúach-sa din díthrebach,
mo crain do Laidgén lobhor.
- Mo scían is mo spedudhud,
ma trebad i Túoim Aidchi,
mo lourc, mo crain, mo cúach,
mo tíag lethoir, mo cairchi. {speech Guaire}
- A Maruáin, a díthrubaig,
cid dia tiomna docúaid?
di don fior cerda a rath,
acht a brath do Mac Dúaid. {speech Marbán}
- Atá úarboth dam i caill;
nís-fitir acht mo Fhíada;
uinnius di-síu, coll an-all,
bile rátha, nosn-íada.
- Dí ersainn fraích fri fulong
ocus fordorus féthe.
Feraid in chaill immá cress
a mess for mucca méthe.
- Mét mo boithe bec nád bec,
baile sétae sognath.
Canaid sian m-binn día beinn
ben a l-leinn co londath.
- Lengait doim Droma Rolach
assa sruth róeglan.
Fodeirc essi Roigne rúad,
Mucruime múad, Móenmag.
- Mennután díamair desruid
día m-bí selb sétrois.
Día déxin in rega limm?
(Rofinn mo bethu it écmais.)
p.12
- Mong co (libri)
ibair éoglais:
nósta cél!
Caín in magan:
márglas darach
darsin sén.
- Aball ubull
(mára ratha)
m-bruidnech m-bras;
barr dess dornach
collán cnóbec
cróebach n-glas.
- Glére thiprat,
essa uisci
(úais do dig)
bruinnit ilair;
cáera ibair,
fiadait, fir.
- Foilgit impe
mucca cenntai,
cadlaid, uirc,
mucca alltai,
uiss aird, ellti,
bruicnech, bruic,
- Buidnech sídech,
slúag tromm tírech,
dál dom thig;
ina erchaill
tecat cremthainn:
álainn sin!
p.14
- Caíni fleda
tecat (moteg,)
tárgud tricc,
uisce idan
barrán (bitchai,)
bratáin, bricc.
- Barrán cáerthainn,
áirni dubai
draigin duinn,
túarai dercna
cáera lomma
(lecna luimm.)
- Líne ugae,
mil, mess, melle,
(Día dod-roíd),
ubla milsi,
mónainn derca,
dercna froích.
- Coirm co lubaib,
loc di subaib,
somlas snó,
sílbach sciach
derca iach,
áirni chnó.
- Cuach meda
colláin cunnla
co n-dáil daith;
durcháin donna,
dristin monga
mérthain maith.
- Mad fri samrad,
suairc snóbrat,
somlas mlas,
curair, orcáin,
foltáin glaise,
glaine glas;
p.16
- Céola ferán
m-bruinne forglan
forom n-dil;
dordán smálcha
caíne gnáthcha
úas mo thig;
- Tellinn, cíarainn,
cerdán cruinne,
crónán séim;
gigrainn, cadain,
gair ré samain,
seinm n-gairb chéir;
- Caínciu gestlach,
druí donn desclach,
don chraíb chuill;
cochuill alaid
snaic ar daraig,
aidbli druing.
- Tecat caínfinn,
corra, faílinn;
fos-cain cúan;
ní céol ndogra
cerca odra
a fráech rúad.
- Rescach samaisc
(a) samrad
(soilsiu sín):
ní serb sáethrach
úas maig máethlach
mellach mín.
- Fogur gaíthe
fri fid flescach,
forglas néol;
essa aba;
esnad ala:
álainn céol.
p.18
- Caíni ailmi
ardom-peitet,
ní íar n-a creic:
do Chríst, cech than,
ní mesa dam
oldás deit.
- Cid maith latsu
a n-do-milsiu,
mó cech maín;
buidech liumsa
do-berr damsa
óm Chríst chaín.
- Cen úair n-augrai,
cen deilm n-debtha
immut-foich,
buidech dond Flaith
do-beir cech maith
dam im boith. {speech Guaire}
- Do-bérsa mo ríge rán
lam chuid comorbsa Calmáin,
a dílse co úair mo báis,
ar beith it gnáis, a Marbáin.