Corpus of Electronic Texts Edition
Background details and bibliographic information
Cúirt an Mheónoídhche
Author: Brian Merriman
File Description
Liam P. Ó MurchúElectronic edition compiled by Beatrix Färber, Laura Harmon
Funded by UCC College of Arts, Celtic Studies and Social Sciences via Writers of Ireland II
1. First draft, revised and corrected.
Extent of text: 9360 words
Publication
CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork
College Road, Cork, Irelandhttp://www.ucc.ie/celt (2008) Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G308100
Availability [RESTRICTED]
Available with prior consent of the editor, Dr. Liam P. Ó Murchú, at the Department of Modern Irish, University College, Cork, for purposes of academic research and teaching only.
Sources
Manuscript source- Cambridge, Cambridge University Library, Add. 6562 (the poet's autograph).
Editions and Translations- Ludwig Christian Stern, Brian Merrimans Cúirt an mheadhóin oidhche, ZCP 5 (1905) 193415 (includes German translation).
- Risteárd Ó Foghludha (.i. Fiachra Éilgeach), Cúirt an Mheadhon Oidhche (Dublin: Hodges Figgis 1912). Reprinted 1949.
- Daithí Ó hUaithne, Cúirt an Mheán Oíche (Dublin: Dolmen Press 1968).
- Liam P. Ó Murchú, Cúirt an Mheonoíche le Brian Merríman (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar 1982).
- Cúirt an Mheónoidhche le Brian Merríman: A Diplomatic Text from Cambridge, University Library, Manuscript Additional 6562, ff. 6r21r. For details see Pádarig de Brún and Máire Herbert, Catalogue of Manuscripts in Cambridge Libraries (Cambridge University Press 1986) 8588.
- Brian Merriman, The Midnight Court/Cúirt an Mheán Oíche, a critical edition by Brian Ó Conchubhair (Syracuse: Syracuse Unversity Press 2011).
- Celia de Freine, Brian Merriman's The Midnight Court, (Syracuse: Syracuse Unversity Press 2013).
Further reading- Dr Ó Murchú has compiled a reading list on Brian Merriman for the Cumann Merriman (the Merriman Society), available on the Cumann Merriman website at http://www.merriman.ie/merriman/leabhair.en.
The edition used in the digital edition- Cúirt An Mheonoíche le Brian Merríman. Liam P. Ó Murchú (ed), Reissue with corrigenda [117 pp] Cumann MerrimanClare[?] (2005)
Encoding
Project Description
CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling Declaration
All editorial introduction, translation, glossary, notes and indexes have been omitted. Editorial corrigenda are included in the electronic edition.
Editorial Declaration
Correction
Text has been checked and proof-read twice at CELT. All corrections and supplied text are tagged.
Normalization
The electronic texts represents the edited text. Expanded abbreviations are marked ex in the XML file. In the HTML file, these appear in italics. The punctum is often indistinguishable from ink droplets and other unimportant markings and soiling. The punctum is sometimes not written where expected; its absence is marked sic in the footnotes. The length accent when omitted where expected is marked sic in the footnotes. In keeping with the practice of scribes in the modern period the length accent can be used to mark long vowels and diphthongs, whether historical or arsing from phonological developments, e.g. gnáith (l.1), cíanta (l.9); siúbhal (l.1), ccínn (l.8), ádharc (l.21), ccoíllte (l.12). It should be noted, however, that in the MS the accent extends over the whole vowel and consonant cluster. When a long vowel is intended, this diplomatic edition places the accent over that vowel, e.g. siúbhal, above. When a diphthong is intended this edition places the accent (a) over the second vowel of the MS orthography, e.g. ccoíllte, above; (b) over the first written vowel in a vowel+consonant(s)+vowel cluster, e.g. ádharc, above, ttaíghreamh (l.38). At the foot of one folio, the initial word of the following folio is often written below the last line of verse. These words are commented out in the XML file.
Quotation
Quotation marks are rendered q.
Hyphenation
Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break or line-break, the page-break and line-break are marked after the completion of the hyphenated word.
Segmentation
div0=the poem. div1=the section. Line-breaks are numbered. MS foliation is marked mls unit="folio" and numbered.
Standard Values
Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.
Interpretation
Names are not tagged.
Canonical References
This text uses the DIV1 element to represent the section.
Profile Description
Created: By Brian Merriman
Date range: late 18th century.
Use of language
Language: [GA] The text is in late 18th-century Irish.
Language: [EN] Notes are in English.
Revision History
Corpus of Electronic Texts Edition: G308100
Cúirt an Mheónoídhche: Author: Brian Merriman
1
- {folio 6r}Bo gnáith me a siúbhal le ciúis na hábhan
air bháinseach úbhar sa drúcht go trómm
a naice na ccoíllte a ccoídhm an tsléibh
gan mhairig gan mhoíll air shoíllse an lao
5] do ghealach mo chroídhe an uair chídhin loch gréine
an talamh sa tír is2 íodhar na spéire
taithneamhacht aoibhin suídheamh na sléibhte
a bagairt a ccínn thar dhruím a chéile
do ghealfach an croídhe bheadh críon le cíantadh
10] caite gan bhrígh nó líontadh 'phíantadh
an séithlioch searbh gan sealbh gan saídhbhrios
dféachfach tamal thar bharradh na ccoíllte
air lachain 'na sguainte air chuan gan ceo
'san aladh air a bhfuaid 'sí a gluaiseacht leó
15] na héisg le meídhir aig éirghe a náirde
péirse am rádhairc go toídhbhseach tárr-bhreac
daith an lochadh agus gorm na ttónn
a teacht go tologach toranach tromm
bhíoch éanladh a ccroídhn go meídhireach módhmhur
20] is léimrioch eíllte a ccoillte am chómhangur
géimrioch ádharc is rádharc air shlóidhte
tréanroith gádhar is Reynard reómpa
Air maidin a né bhí an spéir gan ceó
bhí Cancer o an ngréin 'na caorthaibh teó
25] is í gobhthadh chum saothair tar éis na hoídhche
is obuir an lao sin réimpe sínte
bhí duiliobhur craobh air ghéuga am thíompcholl
fiurthan is féur 'na shlaodach taoibh lióm
glasara fáis is bláith is luíbhnadh
30] sgaipfeach le fághan dá chráidhteacht smaointe
bhí me corrtha sa colladh dhom thraochadh
is shín me thorm air cortham sa bhféurglas
{folio 6v}an aice na ccránn a tteannta trínse
tacadh leam cheann is mo hannlaibh sínte
35] air cheangal mo shúl go dlúith le chéile
greamaithe dúntadh a ndúbhghlas néulta
is madh áighidh agam fuilithe ó chuile go sásta
a ttaíghreamh dfuilin me an cuilithe cráite
chorraig do lomm do phóll go héadh me
40] am cholladh go trómm gan mheábhuir gan éirim
Bo gairid mo shuan 'nuair chualus shíl me
an talamh má guaird air luasgadh am thíompcholl
anafadh a ttuaig is fuadach fíochmhur
is calaighthe an chuain a tuargaint tínnte
45] siulladh dhom shiúil dár sheámhlaois uaim
do chonairc me chúgham le ciúis an chuain
an mhásach bhologach tholagach thoídhbhseach
chnámhach cholagach dhoirrigeach ghoídeach
a héirde cheart má mheas me díreach
50] sé nó seacht do shlatadh is fuíghiolach
péirse beacht dá brat a sraoille
lé sa tslab le drab is ríobull
bo mhuar bo mhéar bo fíaghain le féachaint
suas 'na héadan créachtach créimioch
55] bo anafadh ceanntuir sgannradh saoghalta
a draid is a dránndal mánntach méirsgioch
a Rígh gach mádh bo láidir líghiomhtha
a biomadh láimhe is lánstaff ínnte
is cómhurtha práis 'na bárr air spíce
60] is cómhachta báille a náirde air sgríobhtha
Acht dúbhurt go doirrigeach dfocalaibh dánadh
músgail corraig a cholladhtuig ghránadh
is dúbhach do shlíghe bheith sínte ad slíasta
is cúirt 'na suíghe is na mílte tríall ann
65] ní cúirt gan acht gan reacht gan ríaghail
ná cúirt na ccreach mar chleacht tú ríamh
{folio 7r}an chúirt seo ghluais ó shluaidhte séimhe
acht cúirt na ttruadh na mbuadh is na mbéithe
is muar le muídheamh3 air shíolrach éimhir
70] uaisle síghe mar shuíghdior daonghuith
dhá lá is oídhche air bheínn a tsléibhe
a bpághládhas buígheanmhur bruíghion mhoidhgréine
is dangean4 do ghoíll sé air shoíllse an Rígh
'sair mhaithibh a theághalaig thoídhbhsig shíghe
75] is air imhir na buíghine bhí ionadh ndáil
mur dimig gach díth air chríochaibh Fáil5
gan sealbh gan saoirse aig síolrach seánnda
ceanus a ndlíghe ná cíos ná ceannphuirt
sgriosag6 an tír is níl na ndíag7
80] an ionad na luíbhnadh acht flíoch is fíaghaile
an uaisle bfeárr chum fághain mur leíghiodur
is uachtar lámh aig fásluig shaídhbhre
a fealladh le fonn is fóbhuil gan féachaint
dfanna na lóbhar sa lomm dá léirsgrios
85] is docharach dúbhach mur dhiú gach daoirse
doilibhe dúir an dúbh-cheilt dlíghthe
an fann gan feídhm na fádhaig ó aoinne
acht clammpur doímhin is luíghe chum léirsgris
fallsacht fear-dlíghe is fachtnuíde áirdnirt>
90] camm is calaois faillioth is fádhbhur
sgamull an dlíghe agus fíordhaith fann-chirt
dalladh le bríb le fíghis le fallsacht
Farradh gach fíor is fuíghiol nír fágabh
dearbhag díblith air bhíobladh an lá sin
95] cúis darnó na geábhairse saor thríd
cnúdh na hóige dhá feódh le faolraois
is easnamh daoine suíghte air éire
do mheath lead chuíbhne an síolrach daonadh
{folio 7v}is folamh sis tráighte fágamh tíortha
100] an cogadh sa bás gan spás dá ndíoga
úabhar na righthe is ar imig tar sáile
an uair ná deinion sibh tuille ionadh náit díobh
is nár bhur niomad gan sioraig gan síolrach
is mná ionadh murar air muir is air tíorthaibh
105] cúbhainsig chorpurtha is borradhcaig óga
is búnsaig bhrothalach foladh agas feóladh
lóistig liosta agas ligthiothaig shásta
is mórgaig shiosgaithe dimig a bhásta
is truagh gan torrathus tollairíghe an tsórt so
110] is truagh gan toramach brolluig is bótadh íad8
is minic íad ollamh an focal dá bhfaíghdís
a tuitim dá mogull is molaimse a bhfaíghne
ISé ciniobh le saoidhthe a ccríoch na cómhuirle
an ionad na daoirse dínsiobh dóibhsin
115] duine don9 bhuíghean so líonta a ccómhachta
air thuitim an dísle shuígheamh go Fódhladh
tairigion Aoibhioll croídhe gan claoinbheart
caradh na muímhineach síghbhean leith10-chraig
sgarabh le saoidhthibh síghe na sluagh so
120] sgathamh a sgaoile daoirse a ttuamhuin seo
do gheáll an mhíonladh chaoin tais chóir seo
fallsacht dlíghe do chloídhiomh go cómhachtach
seasamh a tteánnta fann is fághanluig
is caithfig an teánn bheith ceannsa tláith libh
125] caithfig an neart gan cheart so stríocadh
is caithfig an ceart 'na cheart bheith suídhte
geallaimse a nis nách clis ná cómhachta
caradus Miss na Pimp ná cómhdhalta
chsiúbhalfus tríd an dlíghe seo 'ghnáith
130] sa ccúirt 'na suighfe an síolrach neámhdha
{folio 8r}tá an chúirt seo seasamhach feasta sa bhFíacail
siúbhailse is freaguir í caithfe tú tríall ann
siúbhail gan tathfan go tapadh air do phríacail
siúbhail nó stracad san laithig am dhíaig11 thu
135] Do bhuail sí crúcadh am chúl 'sam chádhbadh
is ghluais chum siúbhail go lúbach láidir
sgiob lé síos me tríd na gleánnta
cnuic-bhánbhuídhe is go beínn an teámmpuill
is deíbhin go bhfeacadh me air lasadh le tóirsibh
140] an teághalach taithneamhach maiseamhach mórtach
soíllseach seasamhach
[...]
12 lannamhuil lómrach
toídhbhseach tathagach daingean deaghdhóirseach
chonairc me an tsíghbhean mhíonladh bhéasach
chumuis 'na suíghe air bheínnse an tsaoirchirt
145] chonairc me gárda láidir luaibhneach
iomadach árracht táirnthe suas le
chonairc me láithreach láinteach líonta
ó mhullach go lár do mhná is do dhaoine
chonairc me spéirbhean mhaorga mhállruisg
150] mhilis bhog bhéaltais13 mhéurlag mheálltach
thaithniomhach shásta tháclach fhiónn
'na seasamh a náirde air chlár ná14 miónn
bhí a gruag le sgaoilte síos go slaodach
is buaireamh suídhte fíor 'na féachaint
155] fuinghiomh 'na rádharc is faídhirt 'na siúile
is fiuchadh le draíghion uilc aíghidhnis fúghthadh
a caoint dá cosg le losgadh cléibh
gan gíog 'na tsost acht tocht dá traochadh
bfurust a reádh gur bás bo róbhadh le
160] is tuile gan tlás a tádhal go tromm le
ionadh seasamh air lár an chláir 'na soíghd
is í a greada na lámh sa fásga a loíghior
an sin 'nuair ghoil sí folcuíghe fíochmhur
is dfuasgail osnuíghe gothuíghe a caointe15
{folio 8v}
165] dimig a smúit is diómpadh snógh uirthe
thriomaigh sí a gnúis is dúbhurt mar ineósad
MÍLE16 fáilte is gárdus cléibh reómhad
aoibhioll fháigbhean árrsa ó an léithchraig
a shoíllse an lao sa Rae gan chaoimse
170] a shaídhbhreas saoghalta a ngéibhion daoirse
a cheannasach bhuadhach ó shluadhaibhte an aoibhnis
bo easnamh cruaig thu a ttuamhuin sa ttírluirc
cúis mo cháis is fáith mo chaointe
cúis do chráig me is dfág me cloídhte
175] bhain dom threóir me is chseoil gan chíall me
chaith mar cheó me dóite píanta
na sluadhaibhte imíghis gan chríoch gan chaomhna
air fuaid an tsaoghail seo dfíorsgoith béithe
na ccailleachadh dúbhadh gan chómhdach céile
180] caite gan cliú gan ciónta claoinbhirt
is aithne dom féin sa méid seo am chsiúbhalta
bean agas céad nár mhéinn leó a dhiúbhalta
is mise ionadh measg mo chreach mar táimse
dimig 'na spaid gan fear gan pháiste
185] mo dhochar mo dhógh mo bhrón mar bhíom
gan sochar gan seoid gan sódh gan síth
go doilibhir duaibhseach duaghbhur díoch
gan colladh gan suan gan suaircios oídhche
acht maslaighthe a mbuairt gan suaimhneas sínte
190] air leabuin leamh fhuar dár suadhtha aig smaointe
a cháig na carraige breathain go bíogthach
mná na banabadh a nanacra suídhte
air nós má leanaid na fearaibh dá bhfuadur
ó mo lagar acht caithfiomnadh a bhfuadach
195] sé amm ionnar mhéinn leó céile 'phósadh
an tamm nár mhéinn le aoinne góbhail leó an
{folio 9r}an tamm nár bhfiú bheith fúghtha sínte
seanndaig thúnda shúibhte chloidhte
dá ttuiteach amach le teas na hóige
200] duine fá an seacht air theacht féiseoige
cheangal le mnaoi ní mín tais thóghaidhfig
thaithneamhach shuidhte 'shíol ná dhfóghluim
clógh dheas chaoin ná míonladh mhánladh
a madh eól di suíghe nó tíocht do láithir
205] acht dionantach óbhur nó donn doilígheasac17
chruinig le dóbhruin cábhair nách caoi dho18
isé chráig mo chroídhe is do sgaoil gan chéill me
is dfág mo smaointe is mínntin traochta
tráite teínn mar taoim go tréalag
210] cásmhur cloídhte a caoi sa géurghol
an uair chídhim preabuire calmadh croídheámhuil
fuadrach fearamhuil barramhuil bríghmhur
stuadhmadh feasamhach seasamhach saoidhtheámhuil
gruaghdheas greanamhur geanamhuil19 gnaoidheámhuil
215] no20 buachaill bastalach beachanta bróigdheas
cruaidhcheart ceannasach ceapaighthe córach
buaidhte ceanaighthe21 ceangailte pósta
aig fuaid aig caillig aig aimid nó aig óinmhid
nó aig suairle salach do chaile gan tiónnsgal
220] stuacach stailiceach aithiseach stúncach
suaidhteach sodalach focalach fáigeámhuil
cuardach colladhtach gorruigeach gráineámhuil
mo chreach is mo lot22 tá molt mídhbhéasach
caile na ccos is folt gan réighteach
225] da23 ceangal a nocht sé loisg go léir me
is cabhfuil mo locht na24 toghidhfíghe réimpe
créad an tóbhur na25 tábhuirfíghe grá dhom
is mé cómh leábhair cómh móbhuil cómh breágh so
{folio 9v}is deas mo bhéal mo dhéad 'smo gháire
230] is geal mo ghné is tá méadan tláith tais
is glas mo shiúil tá madh úrrladh sgáingheach26
bachallach búclach cúplach fáingheach
mo leacadh is mo ghnúis gan smúid gan smáchal
tarainghte cúmtha liónrach sgáthmhur
235] mo phíob mo bhráighid mo lámhadh 'smo mhéuraibh
a síor bhreith bárr na háille ó a chéile
féach mo chomm nách leábhuir mo chnámhadh
níl me lomm na27 crómm na28 stágach
seo tóll is cosadh agus colan nách nár lióm
240] sa tóghadh go socair fá Cover ná tráchtaim
ní suairle caile ná srangaire mná me
acht stuaire cailce tá taithneamhach breágh deas
ní sraoil ná sluid ná luid gan fásgadh
ná smíste duirc gan sult gan sásamh
245] lóiste lobhtha ná toice gan éufacht
acht óigbhean sgumhtha cómh toghadhfadh sis féidir
Dá mbídhinse silte mur thuille dhom chómhursain
laíghiobach liosta gan tuigsint gan eólas
gan rádhairc29 gan gliocus an imirt mo chóra30
250] mo threíghid cár mhiste me rith an éadóchus
ní feacathus31 fós me a ccómhangur daoine
aig faire ná aig tórrdhamh óig ná chríonadh
air mhachaire an bháire an ráis ná an rínce
a bhfarradh na ttáinte air bhántadh líontadh
255] acht gobhthadh go sámh gan cháim air dómhan
a ccullaighthe shástadh ó bhárr go bonn
beidh a cheart am chúl do phúghdur feíghilte
Starch is stiúir a ccúl mo choídhpe
húda geal gan ceal ribíníghe
260] gúmhna breac sa cheart ruffaíghe leis
{folio 10r}is eannamh go brách gan fásághail aogharach
thaithneamhach bhreágh leam cheárdán craorag
is an iomdha luíbhnadh craoibhche is éanladh
am aparún síoghagach ríoghagach Cambrick
265] sághladh cúmthadh cúngadh córach
árda sleámhuine air Screw fám bhrógadh
búcluíghe is fáinghídhe is lámhuiníghe síoda
is fúnsuíghe prásluíghe is lásuíghe daoiradh
seachain ná síl gur sgínteach sgáthmhur
270] aimid gan ghaois ná nídhindeach náireach
agalach uaigneach uaghlach fhíaghain me
gealach gan ghuais gan stuaim gan téagar
a bhfalach ní reíghinse ó rádhairc na ccéadta
is ceanasach toídhbhseach maíghidh agus méadan
275] is dearbhtha bhídhim dom shíor thaspánadh
air mhachaire mhín gach fíor iománadh
aig rínce báire rás is raduireacht
tínnte cnámh is rádhfladh is raguirne
aonach maragadh is aithfirion dómhnaigh
280] aig éiliomh breathnuighthe aig amharc sa toghadh fir
chaithios mo chíall le fíach gan éufacht
dhalludar32 ríamh me33 is do íadhdar mo éagh ionam
tar éis mo chumuin34 mo thurrain 'smo ghrá dhóibh
tar éis ar fhuilin me diomada crághnuis
285] tar éis ar chailios le cathamh na sgághluíghe
béithibh balabhadh is cailliochadh cártuíghe
Níl cleas dá mféidir léaghabh ná trácht air
le teacht Raé ná tar éis bheith lán di
am innid ná am sheámhuin ná air chsiúbhal na blíaghna
290] ná tuigim gur leámhus bheith siúil le cíall as
nír áil lióm colladh go socair aon uair dhíobh
gan lán mo stocadh do thorthaibh fám chluasa
is deímhin nár bho obuir lióm trosgadh le cráighfeacht
is greídhim ná blogam ní shlogain trí tráithe
{folio 10v}
295] an aíghidh na srothadh35 do thomuin mo léine
a siúil tré am cholladh le cogur ó am chéile
is minic do chuadh me sguabadh ó an stádhcadh
minginídh is gruag fá an luaithghrís dfágain
chuirinn an tsúist fá chúil na gaídhile
300] chuirinn an reámhan go ciúin fá an aídhirt chúm
chuirinn mo chuigíol a ccillín na háthchadh
chuirinn mo cheirthlín a ttine aoil Rághnail
chuirinn an ros air chorp na sráide
chuirinn sa tsop fúm tor gabáiste
305] níl cleas acu siúd dá ndúbhrus láithreach
ná hagairín cúmhna an deámhuin go láidir36
isé fáith mo sgéil go léir 'sa bhrígh
mur táim gan céile tar éis mo dhíthil
Fáith mo sheanachuis fhada mo phían-chreach
310] táim an acharan daingean na mblíaghantadh
a tarraingt go tréan air laoithibh liaithe
is eagal lióm éag gan aoinnse dhom íarradh
A phéarladh ó pharradhthuis37 sgreadaim is glaoidhim ort
éiric manamadh ort aicim thu is éimhim ort
315] seachain ná sgaoil me am shraoill gan áird
ná am chaillig gan chríoch gan bhrígh gan bhláith
gan chairid gan chloínn gan choídhm gan cháirde
air theallachaibh draíghin gan feídhm gan fáilte
Daradh fuil38 ímpe tínnte is tóirneach
320] dalladhabh me suídhte muídhte am óinmhid
sealbh gach sógh aige ró gach diú
'saig ainibh na fódhladh as cómhair mo shúl
ta sumach aig Saídhbh godh saídhbhir sóghmach
Murrainn a meídhir sa haíghidh air a nuadhchar
325] Mór is Mairsile a macanus múchtadh
is mórchuid magadh orrthadh a fachanuid fughamsa
is giodamach sámh í Sláine is Síghle
Sisile is Áidhne is ádhal ionadh ttíompcholl
{folio 11r}tuille mar táid do mhná na tíre
330] is mise mar táim gan tádhal gan tsíolrach
is fada gan feídhm is faíghne dhómhsa é
lagar am laíghidh is mo laíghios am chómhachta
maille le luíbhnadh díbhle dreoite
is arrthanadh draoichta chloídhfeas fós dom
335] buaichaill deas nó gas ghaládhanta
is bhuaidhfis ceart a shearc sa ghrá dhom
do chonarc go leór don tsórt da39 dhéanamh
is chuirfin a ccóir na cómhanguir chéadhnadh
is daingean40 an cúmhna a dúbailt daoine
340] greamanadh dhúbhladh is púghdar luíbhnadh
maguirlín meídhireach meíll na mbualtaibh
taithigín toídhbhseach toíll na tuairte41
mealladh na mínseach cloídhiomh na mbúnsach
an cumanaoin buídhe sa draoicht chum drúise
345] duilliobhur dóite air nós gur rún é
is tuille dhon tsórt nách cóir a mhúnadh
bo iongantus muar a ttuamhuin le chéile
an bhroinnghill so shuas a buadhchant céile
is dinis sí dhómhsa darnó tré rún
350] am inid isí póstadh ó bhórd na seámhun
nár ibh is nár ól an fóghantach fiónn
acht cuile na mónadh dóite air leábhan
is fada me faíghneamh fádhaimse fuasgailt
seachain air mhoíll me sághd chum luais é
355] mar a bhfuil laíghios dom threíghid ad chuairdse
cuirfe me faíghirt a bhfeídhm más cruaig dom
PREABAN anuas go fuadrach fíochmhur
seanduine suarthach is fuadach nímhidh fé
a bhoíll air luasgadh is luais anáile air
360] draíghion is duais air fuaid a chnámhadh
bo dreoil an rádhairc go deímhin don chúirt é
air bórd na thaídhbhse dhom eísteacht dúbhurt sé
{folio 11v}DOCHAR is díobhail42 is síorchrádh cléibh ort
a thoice le míodhstáid a shíol gádh is déirce
365] is dóch nách iongantus liogacht na gréine
is fós gach tiubaist dár imig air éire
mar mheath gach ceart gan racht gan dlíghe aguin
ár mbadh bhí bleacht gan lacht gan laoi acu
is dá ttagach nís mó do mhóirsgrios tíorthadh
370] is gach faision dá nuadhacht air mhóir 'sair Shíghle
a thoice gan chríoch nách cuíbhin le táinte
olcus na síolrach daoine ó a ttáingis43
gan focal le muídheamh ad shínsior grána
acht lopuig gan bhrígh locht míre is mághladh
375] is aithine dhúinne an snúibhre is aithir dhuit
gan chairid gan chliú gan chúl gan airigiod
'na leibide líaith gan chíall gan mhúnadh
gan mheidir gan mhías gan bhíadh gan únlan
gan faice air a dhrómm sa chóbhail gan cótadh
380] acht gad air a chomm sa bhónn gan brógadh
creidig a dhaoine dhá ndíoltuíghe air aonach
eision sa bhuíghean thar44 éis íoc gach éilibh
dar colan na naoimh bo díothal mhuar dho
potadh maith dígh le an fhuíghilioch dhfuasgailt
385] nách muar an tóbhacht sa gleó a measg daoine
truadaire ad shórt gan bhó gan chaoiradh
búcluíghe ad bhrógadh is clóicín síoda ort
is cíairsiúir pócadh a góbhail na gaoithe ort
dalluir an saoghal go léir lead thoídhbhse
390] is aithne dhom féin tu45 air ttaobh le coípe
is deacair dhom lábhuirt do lomm is léir dhom
is fada do dhromm gan cábhair ó an léine
is tóghadh drochdhuinne46 do thuigfeach 'na gádh thu
is feábhus do riuffadh lead mhuinthirle cáimric
395] tá canabhás saor chum sraod go bhásta
is cábhfios don tsaoghal nách Stays é ad tfásgadh
{folio 12r}feicion an tír ort frínse is fáinne
is ceilion do laoimhne grís is gágadh
acht aithris air bórd no47 inneósad féin é
400] an fada nár ól tu deoir lead bhéile
a chonartaig bhoicht na ccos gan únladh
dochar ad chorp le Bucks gan únlan
is furus dar lióm dod chúl bheith toídhbhseach
chonarc leam shiúile an chúil 'na luíghean tu
405] garbh ná mín ní síntear fúd ann
barach ná líon dár sníghiomh le túrrnadh
acht mata 'na smuirt gan chuilt gan chlúdamh
dealbh gan luid gan phluid gan tsúbhsa
a ccómhar bhotháin gan áit chum suíghe ann
410] súghadh sioládhain is fásga a níos ann
fíadhaile teacht go fras gan chaoimse
is ríaghan na ccearc air trasna sgríobhthadh
lag ionadh dhrómm is na gábhladh a lúghbadh
is clagurnach dhonn go trómm a túirlint
415] a chumain na bhfáig nách árd do lábhair sí
gustalach gálbhadh gárrtha ghábhan sí
a ndaithibh a ccóir sa cclócadh síoda
faire go deó arú fóil cár fríobh e48
aithris cá bhfaíghion tú an rádharc so mhuídhean tú
420] is aithris cár thuíll tú an leíghiob gan bhrígh seo
is deacair a shuídheamh gur fríobh go cóir íad
is gairid ó bhídhis gan síol an órluig
aithris cá bhfuair tú luach do húghda
is aithris cá bhfuair tú luach do ghúmhna
425] acht leagaimíd uain mar ghluais an cótadh
is aithris cá bhfuair tú luach na mbrógadh
Aoibhioll cheannasach charrthannach49 chómhachtach
guíbhim thu gairim thu freagair is fóir me50
{folio 12v}is fíor gur feasach me fearrairíghe fódhladh
430] suídhte greamaighthe aig sladuiríghe dhon tsórt seo
lámh mo charad is aithne dhom cómharsa
láimh le baile agam gairid do chómhangur
buachaill sionanta srimile sóntach
is buailiobh duine acu chuige mar nuadhchar
435] is searbh leam chroídhe an uair chídhim am rádhairc í
a gradam a críoch a puímp sa toídhbhse
sealabhach bó aice is ornadh fás di
is airigead pócadh is ór idir lámha aice
chonairc me a né í air thaobh na sráide
440] is cumusach tréan an léire mná í
malfuire másach mádhagach magámhuil
marbh le cámus lán do ladámhus
mur acht gur claon lióm éad do mhúsgailt
sganal do sgéghiobh ná sgéalta sgrúghda
445] bfurast dom ínsint cruínn mur chualadh
an cumadh 'na mbídhioch sí sraoilte suaidhte
stracaithe air lár is gáir 'na tíompcholl
caite air an sráid nó a stábladh sínte
mairfig a tásg is tráchtmhur choídhche
450] air mharanadh air cháil air gháir a gníomhurtha
an íbreacáin an aráin san fhíona
a ttíorthacláin na mbánta míne
aig ísle is árrsa bháinse is ínnse
cíllbhreacáin an chláir is chióinnthe
455] aig cúbhainsigh ainibhídh threadraoi an phónradh
is fiúnsaig fhalachuíghe chreataluíghe an chórda
faire bo claon í tar51 éis a ndúbhurt me
ghlacfuin gur saor í fé na ciónnta
acht bheirim don phládhaig í lá mur chídhin í
460] leagthaithe láimh le gárus sínte
{folio 13r}caite air an ród gan órlach fúithe
aig gramuisg na móna air bhóirthe dhúire
madh iongantus ann os ceánn mo chéille
is crithim go fánn le sgránnra an sgéil seo
465] ise bheith seánng an uair theánn gach aoinne í
is druidim le clánn an uair shánntaig féin é
is muar na grástadh é aig rá na mbríarthadh
neóimint spáis níor ghádh le íarradh
ó léaghabh air bórd di os cómhair na coínnle
470] a Tego Vos so dórdaig ÍOSA
gur shéid sí lacht go bleacht 'na cíochaibh
acht nao mídh beacht agus seachtmhuin chínnte
Breathain gur baoghal don té tá sgaoilte
ceangal go héag fá thaobh don choíng seo
475] a sealbh gach saoth is éad dá shuadhthadh
a naisge mo léun mo léaghan ní bhfuair me
is feasach don taobh seo dhon tsaoghal mur bhí me
sealad dom réim 'sdom laothaibh roímhe seo
leathadach láidir lán do shaídhbhrios
480] eistios le fáil is fáilte am theághailioch
cairid a ccúirt is cúmhna dlíghe agam
ceannus is cliú agus cómhar na saoidhthe
tathag am chaoint is suídhm is éufacht
talamh is muídhean a suígheamh mo chéille
485] maigine52 sígheach is madh ínntin sásta
chaillios le mnaoi mo bhrígh is mo shláinte
bo taithniomhach leábhair an cróbhaire mná í
bhí seasamh is cómm is cóbhuil is cnámhadh aice
casadh 'na cúl go búclach troíllseach
490] lasadh 'na gnúis go liónrach soíllseach
cumadh na hógh uirthe is sógh ionadh gáire
is cuire ionadh clódh chum póige is fáilte
{folio 13v}acht chreathus le fónn gan chóbhunn gan cháirde
ó bhathas go bónn go tábharthadh a ngrá dhi
495] is dearbh gan dóbhtadh air dómhan gur díoltus
danngharthadh donn dom thabhairt air madh aoimhleas
dfearthain go tromm air bhonn mo ghníomhurtha
ó fhlaithios le fónn do lómm 'na líon me
do snamanag suídhte snuídhim na cléire
500] is ceangalag sínn a ccoínng re chéile
ghlanus gan chínnteacht suídhim gach éilibh
bhainios le baois gan ghaois an lao sin
cortham go leór níor chóir me cháine
stopus an gleó bhí aig cóip na sráide53
505] bacuig go léir bhí an cléirioch sástadh
an Sagart ró bhaoch is béidir fáith leis
lasamuir tóirse is cómhursain cruínn ann
is leagabh air bórdaibh mórchuid bígh chúghain
clagurnach cheoil is ól gan chaoimse
510] is chaithiodur cóisir mhórtach mhuídhteach
Mo dhíoth gan easbadh nár tachtabh le biaidh me
an oídhche baistiobh nó as sin gur íar me
síne air leabuin le ainir54 do liaith me
is sgaoil le gealaig gan chairid55 gan chíall me
515] isé tásg do ghéabhuin aig óg 'saig aosda
gur breallán spóirt aig ól sa glaoch í
a mbotháin óstadh is bóird dá bpléasgadh
air lár 'na lóiste aig póstadh is aontad56
bfada dha57 mheilt a teist sa tuairisg
520] bfada gur chreid me a bheg ná a mhuar dhe
badh agalach le gach beirt dá ccualadh é
go rachain am pheilt am gheilt gan tuairisg
fós ní ghéillfin caoch mur bhí me
do ghlór gan éufacht aoinne mhuídhig é
{folio 14r}
525] acht magadh nó greídhim gan feídhm gan chéill
gur aithris a broínn dom deímhin gach sgéil
níor chúirsíghe leámhuis ná dúrdam bréige é
dúbhurt bean lióm go ndúbhrabh léithe é
acht labhair a bheart a cceart sa néufacht
530] bhronn sí mac a bhfad roimh raé orm
Mo sgánnradh sgéil gan féith am chroídhe air
clánn dá ttéaghabh dhom tar éis na hoídhche
cullóid anafach ainigídh sgóltadh
bunóg ceangailte is bean a tígh breóidhte
530] pusóid leagthaithe air smeachaidíghe teó acu
is cuinneóg bhaine dhá greada le fórsadh
is mullach air láinmhíais báinbhiaidh is súicre
aig Murrain .í. cháimliaith báinliaigh an chrúcadh
bhí coiste cruinighthe aig tuille dom chómhursain
540] chois na tine agus siosarnach dhómhsa
sgaoilid cogur a bhfogus dom eísteacht
míle moladh le solus na soíllse
bíoch nách bailioch a daibig an chré seo
chídhimse an taithir 'na sheasamh 'na chéadfadh
545] abhfeicion tú a Shaídhbh rú luígheabh a ghéugadh
a dheilibh gan draíghion a bhoíll sa mhéuraibh
cumus na lámh bo dána dóirne
cumadh na ccnámh is fás na feóladh
cheapadar cruínn gur shíolra an dúbhchus
550] maise mo ghnaoi agus íobhar madh ghnúise
feille mo shrón is glónradh méadain
deiseacht mo chlodh58 mo shnógh agus mfhéachaint
leagadh mo shúl is fiú mo gháire
is as sion do chshiúbhail ó chúl go sághladh e59
555] Amharc ná rádhairc ní bhfaighinse dhon chréice
is baileach gan leíghios do mheíllfioch gaoch é
{folio 14v}aig cuideachta an teághalaigh a bhfeíghil mo chaochtadh
siolladh dha60 laíghead di leághaidhfidh an créitiuir
do labharus garg is do agarus ÍOSA
560] is stólltadh garbh do bhagairios graoiseach
dfógrus fearg le hainibhios caointe
is dóch gur chreathadur cailliochadh an tí reómham
air leisge an acharain leagadur chúgham é
beir go haireach air seachain ná brúghaig é
565] is furus é shuadhthadh luaisg go réig é
turruinn do fuair sí ruaig roimh raé é
seachain ná fáisg é fág 'na luíghe é
is gairid an bás do is gearr do reíghig sé
dá mairioch go lá idir lámhadh ionadh chlódh
570] sa sagart air fáil níor bhfeárr a bheith beó
do bhaineas tsnídhim dá chuíbhreach cómhdaig
bhreathain me cruínn é sínte air ghlúmhan lióm
a mbuaireach daire me tathaigeach túnda e61
fuair me fearagach fearsadach lúthmhach
575] láidir leathan mo leanamh 'na ghuaille
sághladh daingheanadh is anachuid gruaige air
cluasadh cruinnithe is innginídhe fástadh
chruaghdur uilleanadh a chruibh is a chnámhadh
daibig a shiúile is fiú a phollairíghe62
580] is daire me63 ghlúimhne lúthmhachmhur láidir
coileádhan cumusach cuisleanach corach64
fulládhain fulanach fuinngheamhach feólmhur
Sgreadaim go hárd le gáir na tíre
is leagaim dod láithir cás na ndaoine
585] breathain go caoin is bhí65 truaighbhéileach
beannaibh a ccínn is suídhim a ccéille
arrthaig an dlíghe seo cuíng na cléire
is ainic an bhuídhean nár fríobh sa ngéibhionn
{folio 15r}má lagaig an síolrach daoinmhur daonadh
590] a ttalamh daith aoibhinn fhíorghlas éirion
is furus an tír daithlíonadh dho laochaibh
durrusa a nguídhe gan bhrígh gan éufacht
cabhfuil an gádh le gáir na baínse
cartadh biotáille is pádh lucht saínte
595] sumaig air bórd go fóiseach toídhbhseach
glugar is gleó acu is ól da66 shaíghioda
ó daibig an tábhar do bhrónn mac dé
gan sagart air dómhan da ttábhairt dá chéile
is leathanmhur láidir lán-mhear léadmhur
600] farsaing le fáil an tádhalmhach saor seo
67
is minic do chídhimse bríghmhur bórrtha
cumusach líonta a ccroídhe sa ccóir iad
créim ní fheicim na68 doille na69 coíche
in léim air leirthe dár hoileabh70 ó mhnaoi air bith
605] is mó sis mire sis tenne sis tréine
a cclódh sa cclisteacht ná dlistiniog aoinne
is furus a luaidhimse dfuasgailt suídhte
is duine acu an uairseo air fuaid an tígh seo
a bhfeicion tu thall go ceannsa ciuin é
610] deisig a náll a tteánta an bhúird é
breathain go cruínn é bíoch gurab óg é
is dearbhthadh suídhte an píosadh feóladh é
is preabuire a ttoirt a ccorp sa ccnáimh é
cabhfuil a locht a ccois ná a láimh dhe
615] ní seiriceach fann ná seánndach feósach
leibide cámm ná gánndal geoiseach
meáll gan chumadh ná sumach gan síne é
acht lánnsa cumusach buinneamhach bríghmhur
ní deacair a mheas nách spreas gan bhrígh
620] bheadh ceangailte air nasg air teasg aig mnaoi
gan chnáimh gan chumus gan chumadh gan chómm
gan ghrá gan chuman gan fuinnghiomh gan fónn
do sgaipfeach a mbroínn aon mhoídhre mná
le catachus draíghion an groídhire breágh
{folio 15v}
625] mar chuirion sé a bhfeidhm gan mhoíll gan bhréig
le cumus a bhoíll is le luígheamh a ghéug
gur cróbhaire é crothabh go cortham gan cháim
le fónn na foladh is le fortham na sláinte
Leis sin ná íarrsa a Ríaghoin Raéltioch
630] meille mar íad le ríaghail gan éufacht
sgaoil a cholladh gan chochall gan chuíbhreach
síol an bhodaigh sa mhogullfhuil mhuídhteach
sgaoil fá chéile do réir nadúradh71
an síolmhach séad sa braon lághabúrthadh
635] fógair féilteach tré gach tíortadh72
do óg is daostadh saorthoil síolraig
cuirfig an dlíghe seo gaois a ngaodhailibh
is tiucfuig an brígh mar bhí ionadh laochaibh
ceapfaigh sé cómm is drómm is dóirne
640] aig fearaibh an dómhain mar ghóll mc móirne
gealfaig an spéir beidh éisg a líontadh
is talamh an tsléibh go léir fá luíbhnadh
fir agus mná go brách dá mhíthin
a sinim do cháil le gardus aoibhnis
645] TAR ÉIS bheith tamal don ainnir aig eísteacht
leim73 'na seasamh go tapadh gan foíghne
lábhair sí leis agus leisiomh 'na siuile74
is rabhartuíghe feirige feille aice fúthadh
Dar coróin na carraige mar acht le géille
650] dhod chlodh75 dhod ainis is do easnamh do chéille
is do amm na huirrime an chuideachta shéimh seo
an ceann leam ingin do sgiobfuin dod chaolsgrog
do leagfuin a nuas do thuairt fá an mbórd tu
is bfada le luadh gach cuaird dá ngéabhain ort
655] stróicfinn sranngaibh do bheathadh le fonn cheart
is chseólfuin tanam go Acheron tonntach
{folio 16r}Ní fiú lióm freagaradh freastail do thábhairt ort
a shnúibhre fleasgaig nách aithios do lábhurthadh
acht ineósad feastain do mhaithibh na cúirte
660] an nós ar cailliobh an ainnir nár bhfiú thu
do bhí sí lag gan badh gan púntaibh
bhí sí a bhfad gan teas gan clúdamh
corrthadh dhá saoghal air Stray dhá seóladh
ó phostadh go polaér gan gaoghal gan cómhangus
665] gan sgíth gan spás do lá ná dhoídhce76
a striocadh77 an aráin o78 mhná nár cuíbhe lé79
do gheáll an fear seo dreas socámhuil di
gheall an spreas di teas is clúideamh
cortham glan is badh le crúgh dhi
670] is colladh fada air leabuin clúimh di80
tealluíghe teó agus móin a daoichiont
is balluíghe fód gan lóinthe gaoithe
fothan is díghean ó an síghin is ó an spéir di
is olan is líon le snígheamh chum éadaig
675] do bfeasach dhon tsaoghal 'sdon phéist seo láithreach
nách taithneamh ná téaghabh ná aon phiuc grá dho
cheangail an péarladh maorga mná so
acht easnamh go léir bo déirc le81 an tsástacht
bo dúbhach an fuadar suaircis oídhche
680] smúit is ualach duais is lionadh82
lúimhníghe luadh agus guaille caoiladh
is glúimhne cruadh cómh fuar le ímhre
cosadh feoidhte dóite ó an ngríosaig
is colan bhreoidhte dhreoite chríonadh
685] a bhfuil stuaire beó ná feoidhfeach liaith
aig cuail dá shórt bheith póstadh ríamh
nár chuartaig fós fá dhó le blíaghuin
cé buachaill óg í feoil83 nó íasg
'sa feoidhteach fuar seo suas le84 sínte
690] dreoidhte duairc gan bhuadh gan bhíogadh
{folio 16v}óch cá ar mhuar dhi bualadh bríghmhur
air nós an díabhail de uair gach oídhche
ní dóch go ttuigir gurb isi85 bo chiónntach
ná fós go ccliseach air luige le túndacht
695] an moídhre masgalach carthanach ciuin86 tais
is deímhin go bhfeacadh sí a mhalairt do mhúna
ní lábharfach focal dá madh obuir an oídhche
is thábharfach cortham do stolluire bhríghmhur
go brách air siúbhal níor dhiúbhaltuig ríamh é
700] air chnáimh a cúil sa siuilibh íadhatadh
ní thábhurfach preab le stailc mhídhchíosach
fóghadh mar chat nó sraic nó sgríob iar87
acht í go léir 'na slaoghad cómh sínte
taobh air thaobh sa géug na thíompcholl
705] ó sgéal go sgéal a bréagadh a smaointe
béal air bhéal sa méuracht síos air
is minic do chuir sí a cos ttaobh nún de
is cimil88 a Brush ó chrios go glúmhan de
sgiobadh an phluid sa chuilt dá ghúngadh
710] a spriongar sa sult le muirt gan súbhchus
níor chábhair di cuigilt ná cimilt ná fásgadh
fóghadh dá hingin dá hillin ná a sághladh
is nár dom aithris mar caitheach89 sí an oídhche
a fásga an chnaiste sa seardha sa síne
715] a feacadh na ngéug sa téadach fúithe
a ballaibh go léir sa90 déid air lúithchrith
go luinnir an lao gan néul do dhúbhadh uirthe
aig imirt ó thaobh go taobh 'saig únfairt
Nách furus don lóbhar so lábhairt air mhná
720] is gan fuinngheamh 'na chómm ná cábhair na chnámhadh
má dimig an mhóbhuil bhí trómm na ghádh
is gur déineamh an fhóbhuil seo gaíbhimse a páirt
a bhfuil sionnach air slíabh na91 íasg a ttráig
na92 fiular le fíaghach na fíaghaig le fádhan
{folio 17r}
725] cómh fada gan chíall le blíaghuin ná lá
do chathamh gan biaidh sa bhfíaghach le fáil
an aithnidh díbh féin sa tsaoghal so cá fhuil
an tainimhídh claon ná an féithid fághain
do phiucach an chré nán fraoch ná an fadhal93
730] is fiurthan go slaoghadach is féur le fáil
Aithris gan mhoíll a chloídhre chráidhte
freaguir me fághaimse feídhm ad raidhte94
cabhfuil do dhíth a suíghe chum béile
ar cathamh le mídh aice a ttíoghbhus na féile
735] an luigide an chuil95 nó an lúghaide an láithreach
fithche milliúbhan má chshiúbhail le ráithche ann
mairig ad cheánn a sheánndaig thúnda
an agal leat gánntan amm do dhúlladh
an doch96 a ghlioguire buile gur baoghal leat
740] ól na sionaine tirim nó a taosgadh
trágh na farraige is tarraint an tsaile97
is clár na maradh do sgaipe le sgághladh
breathain an amm air leámhus do smaointe
is ceangail do cheann le bánndadh thíompcholl
745] seachain a ttráith ná fág do chíall
le agaladh mná bheith fáilteach fíall
da98 ccaitheach sí an lá le cách dá ríar
bheadh tuille is do sháithse air fáil 'na ndíaig
mo chúmhadh is mo chrádh bo bhreágh sin éad
750] air lúdhbuire láidir lán-mhear léadmhur
shántach sháiteach shásta sheasamhach
reámmsach reádhflach reádhbach reabuirneach
lasgaire luaimneach cuartóir caoimseach
balcaire buan nó buailteoir bríghmhur
755] acht seanduine seánnda cránnda créimeach
feamaire fann is feámm gan féile
IS mithid dom chroídhe bheith lionta99 dho léithe
is mo iongantus trígh gach smaointe baoithe
{folio 17v}cá1100 do bheir sgaoilte ó chuíbhreach céile
760] an aigilis sínsir suídhim na cléire
mo chrádh gan leíghios mo threíghid am fhásgadh
is láidir mfaíghne is laíghiod mo ráige
is méad a mbídhiom air díth gan aoinne
is mían ár ccroídhe fá shnídhim na héide
765] nách bocht an rádhairc do mhoídin ghádhmhur
toirt is taídhbhse a moíll sa mbreághthadh
blosgadh an aíghidh agus soíllse a ngáire
corp is coídhm is toíll air táimhchrith
úireacht áilleacht bláith is óige
770] reámhadus cnámh is meádhachant feóladh
martus trómm is drómm gan suadhthadh
neart gan dóbhtadh is fónn gan fuaradh
bíonn sealbh gach sógh acu air bhórd na saoidhthe
arradh agus ór chum óil is aoibhnis
775] clúimh chum luighe acu is soíll chum101 bígh acu
plúr is meíllseacht meídhir is fíonta
is gnáthach cumusach iomadach óg íad
is tá fhios aguinne gur fuil is gur feoil íad
cúmhadh ní ghlacfuin le cafuiríghe coíllte
780] snúbhruíghe galuir ná saraig gan soíllse
acht marluíghe bodachadh tolluiríghe tréanadh
a dághamhaoil cholladhtadh is obuir gan déanadh
Creidim gan bhréig gur mhéinn le roínt díobh
feille le féile daor ní bheídhinnse
785] cortham ní cóir an tórd le chéile
chrochadh le córda ghóbhail ná dhaoradh
bás na druinghe go deimhin ní ghráidhfinn
lán na luinghe chum duine ní bhádhaifinn
cuid acu bíoch gur ríocaig ríamh íad
790] is cuid acu bhíos gan rígheamh gan ríaghail leó
cínntig chruagh gan truadh gan tréithe
fíochmhur fuar is fuath dho bheithe102
{folio 18r}tuille acu tá níos feárr ná a chéile
tuillte le grádh is le grástadh féile
795] is minic a buaidhtear buaibh is gréithe
cuigean is cruach do chuaird na cléire
is minic leam chuíbhne muídhiog a ttréithe
is iomad a ngníomhurtha fiorghlic103 féithe
is minic do chualadh air fuaid na tíre
800] siosarnach luaith dá luadh go líonmhur
is chonairc me toídhbhseach roínt dá rámmsa
is imhir dhá ccloínn air shloínte fállsa
bainean sé fásga as lár mo chléibhse
a ccaitear dá sláinte air mhná treasaostadh
805] is turruinn sa tír chum díoth na mbéithe
ar cuireamh gan bhrígh dhon tsíghilreach naómhtha
is dealbh an díachair díanghuirt d'éire
ar chailliomuir ríamh le ríaghail gan éufacht
fágaim fúdsa a chnúdh na céille
810] fáith na cúise is cúmhadh na cléire
is meálltadh meíllte luíghid dom dhóithse
is dáll gan rádharc me104 soíllsig m'eólus
aithris ó is cuíbhin leat caoint na bhfáige
is abstoil an Rígh bo bhíoghacach ráidhte
815] cabhfuil na cómhachta dórda an dúlladh
is calcadh na feóladh a ccoróin na cúmhadh seo
Pól dar lióm ní dúbhairt le aoinne
an pósadh dhiúbhaltadh acht drúis do shéanadh
sgarabh lead ghaoghal dá mhéid do ghnaoi
820] agus ceangal lead shaoghal is claobh lead mhnaoi
is obuir gan bhrígh do mhnaoi mur táimse
focail an dlíghe seo shuídheamh dhod láithir
is cuíbhin leat féin a phéarladh an toídhbhse
suígheamh gach sgéil is léir dhuit soíllseach
825] binn-ghuith buan is buadh na mbréirtheadh
is caoint an uain ná luaidhfear bréagach
{folio 18v}día nár bho áil leis máithir aonta
is ríaghail gach fáige a bhfádhbhur béithe
Guídhim go hárd tu fháigbhean tsíghthe
830] a shíolrach neámhdha a bhárr na ríghthe
a shoíllse glóire a choróin na sluaidhte
eíst leam ghlórsa fóir is fuar dhúinn
meádhaig in tínntin díth na mbéithe
is práinn na mílte bríghideach aontadh
835] is toicibh mur táid air bhrághaid a chéile
a borradh sa fás mur ádhal na ngéodhna105
an tádhal is lúghadh atá siúbhal na sraide106
gárrluig dhúbhadh atá geúmhnach gránadh
an aga dá luíghiod má gheíbhid a ndóchaint
840] glasardha meídhig is bleídir bórrthaid107
durachar nímhidh le haois gan éufacht
tiucfadh na cíochadh sgínnfid sgéithfid
sgalladh mo cléibh108 is baoith mo smaointe
a tagairt air chéile a ccaorthaibh tínnte
845] is deacair dhom siúil le súbhchas dfáil
is gan fear an aíghidh triúir sa múmhain dá mná
ó thárladh an ceánntar gann seo gádhmhur
fáinthibh fánn san támm seo práineach
fódhladh folamh is fortham aig fíadhaile
850] is óige an phobuil a cromadh sa líaithe
aonta fada go dealbh ná foíghne
dho aoinne air thalamh is fear éigin fádhaimse
ceangail a ttráith go tláith fá an iúghaim íad
is as sin go brách acht fágthar fúghaine íad.
855] D'EÍRGE an mhánladh air bhárr a bheínnse
shoíllse an lá san áit ionadh tíompcholl
bo ádhluin óg a clódh sa caoindreach
b'árd a glór bo bheó is bo bhíoghacach
{folio 19r}dfáisg a dóirne is dórdaig deímhineach
860] báille air bórd a fógairt Silence
dúbhurt a béal bhí séide soíllse
an chúirt go léir go faon aig eísteacht
Gheíbhimse díreach brígh chum buaidhte
is feídhm ad chaointse a bhrígheadach bhuarthadh
865] chídhim sis dóch gur dóite an rádharc lióm
siolrach109 órrthladh mhóire is mheídhibhe
an sifteoir caol sa créitiuir110 cloídhiorthadh
an cisteoir claon sa déirceoir diógharthadh
sugh na táire is tádhal na caoimse
870] siúil le sárfhuil sámh na saoidhthe111
achtoimíd mar dhlíghe do bhéithe
an seacht fó thrí gan chuíbhraech céile
tharraint air cheánn go teánn gan truagh
sa cheangal don chránn seo a tteánntadh an tuamadh
875] bainigídhe lómm de a chóbhail sa chóta
is feannaigídhe a dhrómm sa chómm le chórda112
an chuid acu thárrladh bádhaite a mblíaghantadh
is cheilion go táir an táirne tíarpadh
chuiris a múgh gan súbhchas d'aoine
880] buile na húghadh agus lúith a a ngéugadh
mheillios a ccáil is fáil air mhnaoi acu
a feitheamh gan fáith air bhárr na craoibhe
fágaim fúibhse tiúbhansgailt páise
a mhná na dúlladh dúbh le dálgus
885] ceapaigídhe fíor-nimh tínnte is táirnibh
caithigídhe smaointe is ínntleacht mná leis
cuirig bhur ccómhurle113 a ccómhar le chéile
is tugaimse cómhachta an fórsadh dhéanamh
bheirim gan spás díbh páis na ccíantach
890] is beag lióm bás gan bárrghoin pían dóibh
Ní chuirimse a bhfáith a bhárr mo chaointe
an fuiritheach fáltadh cáslag claoidhte
{folio 19v}an góbhal gan gothadh ná an goladh gan geállsuilt
tóll gan toradh ná an toramach fállsa
895] acht ligthear an óige a ccóir chum síolraig
is déanach an sórt seo clócadh is díghean dóibh
is minic do chídhimse ríghinsig bhaoithe
a tuitim le tíoghbhus is bídhimse baoch dhíobh
gobhthadh le mná do lá agus doídhche
900] a cosnamh a ccáil 'sair sgáith a ngníomhurtha
a seasamh na bhfeídhil sa bhfeídhm go fáltadh
a nainim air chloínn is bheídhinnse sástadh
Chualadh siolladh is do cuiriobh a bhástadh é
is fuaith lióm buinionach iomadach ráidhteach
905] labhair go réig is glaodhaig go híosail
bas air do bhéal is baoghal bheith caointeach
seachain go fóil na cómhachtaig íogmhur
is caithfid síad pósadh fós pé chídhfios
tiucfaig an lá le lánchead cómhurle
910] is cuirfig an pápadh lámh na ccómhacht air
suíghfidh114 an chuideachta air thiubaist na ttíortha115
is sgaoilfear chugaibh fa116 urachal cuíbhrig
fíaghantus foladh agus fortham na feóladh
is míann bhur ttoile na tollairíghe teó so
915] aon duine eile dár hoiliobh ó mhnaoi air bith
léighig a ndeirim is feicim do bhíoghagadh
air shlíghe mo chumuis ná fuilinn a ccaoi air bith
sraoill gan urruim ná Murruinn a mbríste
acht leanaig sa tóir na feóghaitig liaithe
920] is glanaigídhe fódhladh ó an sórt so fíadhaile
Caithfiodsa gluaiseacht uaibh chum siúbhail
is fada mo chuairdse air fuaid na múmhan
an turus tá reómham ní fhónan moíll do
is iomad dom ghnó an so fós gan eísteacht
925] casadh me a rís sis fíor nách fáilteach
dfearaibh nách bínn mo thíocht don áit seo
{folio 20r}an chuid acu atá go táir 'na smaointe
fuirrean nách foláir leó a ccáil bheith sínte
mhuídhios le fortham a ccortham air bhéithe
930] chídhfe an pobal a ccogar sa sméide
is taithneamhach leó sis dóil gur laochas
sganal na hóige póstadh is aonta
míann a ttoile ní sporan a cciónnta
bréantus foladh ná borradh na drúise
935] taithneamh don ghníomh ná fíoch na féithe
acht magadh na mílte muídheamh na néachtadh
ní saínt dá sógh bheir leó na céadta
acht caínt is gleó agus mórtus laochais
mustar is ábhacht is ráig gan ríaghail
940] sa ccumus go tláith gan tádhal gan tríall
go tuisealach tárrlag táimh 'na níall
is cuthach le gádh air a mná ionadh ndiaig
glacfad go réig an méid seo láithreach
caithfe me géille dho mhéid mo phráineach
945] cuirfe me an bhuíghean so a ccoíng sa niúghaim
an uair thiucfadh me a rís sa mídh seo chúghain
DO BHREATHAIN me cruínn an Rígbhean117 raéltach
lagaig mo chroídhe le línn bheith réig dhi
daire me dásacht ghránmhur éigin
950] is pairithis bháis am chnámhadh 'sam chéadfa
chonairc me an tír sa tíoghbhus air luasgadh
is fuinngheamh a caointe rínce am chluasadh
tagann an bíomadh bíoghacach báille
is leathain mo líghthe air shíneadh a láimhe
955] tharaingh air chluais go stuadhcach stórrthadh
stracaithe suas lé air uachtar bóird me
preaban an báb so chráig an taontadh
greadan a lámhadh sis árd do léim sí
is aibig a dúbhairt a chrústadh chríonna118
960] is fada me siúil lead chúlsa chíoradh
{folio 20v}is minic do sluígheamh119 thu a chroídhe gan daonacht
is mithid duit stríocadh 'dhlíghe na mbéithe
cosaint cá bhfaígh tú an aíghidh na cúise
focal níor thuíll tú a laíghiob gan lúithchlis
965] cabhfuil do shaothar saor le suídheamhchant
cabhfuil na béithe baoch dod ghníomhurtha
Breathainse a bhoíll seo a mhoíghdion mhaorgadh
ainibh ní bhfaíghimse mheíll air bhéithe é
breathain go cruínn a ghnaoi sa ghéuga
970] ó bhathas a chínn go boínn a chaolchos
bíoch gurb ainimheach ana mhíodhchúmthadh é
chídhimse ceangailte a bharradh gan diúbhaltadh
gile ní ghráidhfin bfeárr lióm buídhe é
is cumadh na ccnámh ní cháinfin choídhche
975] duine a mbeadh drónn 'na dhrómm is fánadh
is minic sin tóghadh fir crómmshluineánach
is minic sin gámmbach lánnsa gníomhach
is iosgada cámm aig strámmpadh120 bríghmhur
is fáithibh fuilitheach urrusbach éigin
980] dfág an duiritheach fuirighfe an aontadh
is méid a cheanadh idir mhaithibh na tíre
a réim le sealad a ccaradus daoine
a sinim air cheóltadh spórt is aoibhnis
imirt is ól air bhórd na saoidhthe
985] a ccómhar na fuirine fuineabh as féile
an snúibhre bfurus do murruimse ghéille
is toídhbhseach taithneamhach taireabhach tréightheach
meídhreach meanamnach ainim sis aedhiorach121
Ainimhídh ad shórt níor órda an tíaghurna
990] geanamnuíghe fós a ccómhangur liaithe
creathaim go bonn le fonn do dhaortha
is gairid an chábhair do lábharthadh baoithe
is coir mós díreach suídhte an téadan
deith122 fó thrí gan cuíbhreach céile
{folio 21r}
995] Eístig liómsa a chliú na foíghne
fághaimse cúmhna a ccúis na moídhme
an crádh sa dúlladh mhúch gan bhrígh me
a mhná na múirne is rún lióm íoc air
cúmhna a deirim libh beirig air tóig é123
1000] úghnadh goirim thu is faíg dhom an córda
cabhfuil tú Áidhne ná bí air iarradh
ceangailse a Mháire a lámhadh air ttaobh shíar dhe124
a Mhurruinn a Mheídhbh a Shaídhbh sa Shíghle
cuirigídhe a bhfeídhm le125 doíghiorthaibh díocais
1005] bárr gach sgóladh d'órda an tsíghbhean
bádhaig sa bhfeóil gach córda snídhimeach
tómhais go fíall na píantadh is cruagh
le tóin is le tíarpadh bhríain gan trruagh air bith
tóg na lámhadh is árda an sgiuirse
1010] is sómpladh sámh é a mhná na múirne
gearraigídhe doímhin níor thuíll sé fádhbhur
bainigídhe an leághab ó roínn go sághail de
cluistear a chlínn a ccríochaibh éibhir
is critheach a ccroídhe an sna críontuig aonta
1015] Is cíallmhur ceart an tacht é sílim
blíaghain an aicht seo is ceart é sgríobh dhúinn
réightig ceil no126 goid do sgímhle
céad is deith fó leith as míle
dúbail ceart an freastal fuíghiolaig
1020] is thúirling mac an tseachtmhuin roímhe sin
glacan sí an peánn 'smo cheánnsa suaidhte
air eagaladh mfeánntadh is sgánnradh an bhuailte
an aga do bhí sí sgríobh an dátadh
is maithibh an tígh aice suídhte air gárdain127
1025] sgarus leam néull do réighios mo shiúile
is phreabus do léim ó an bpéinn am dhúiseachtFoircheánn