Corpus of Electronic Texts Edition
Le h-ais na Teineadh (Author: Douglas Hyde)

section 6

Uilliam Ó Ruanaigh

Ann san aimsir i n-allód bhí fear ann dar ab ainm Uilliam Ó Ruanaigh, 'nna chomhnuidhe i ngar do Chlár-Gaillimh. Bhí sé 'nna fheilméar. Aon lá amháin tháinig an tighearna-talmhan chuige agus dubhairt. ‘Tá cíos trí bliadhain agam ort, agus muna mbéidh sé agad dam faoi cheann seachtmhaine caithfidh mé amach air thaoibh an bhóthair thú.’
‘Táim le dul go Gaillimh amárach le h-ualach cruithneachta do dhíol, agus nuais a gheobhas mé a luach íocfaidh mé thú,’ ar Liam. Air maidin, lá air na mhárach, chuir sé ualach cruithneachta air an g-cairt agus bhí sé dul go Gaillimh leis.


p.92

Nuair bí sé timchioll míle go leith imthighthe o'n teach, tháinig duine-uasal chuige agus d'fhiafruigh sé dhé ‘An cruithneacht atá agad air an g-cart?’
‘'Seadh’ ar Liam, ‘tá mé dul 'gá dhíol le mo chíos d'íoc.’
‘Cia mhéad atá ann?’ ar san duine uasal.
‘Tá tonna cneasta ann,’ ar Liam.
‘Ceannóchaidh mé uait é,’ ar san duine uasal, ‘agus bhéarfaidh mé an luach is mó 'sa' margadh dhuit. Nuair a rachfas tú chomh fad leis an mbóthairín cártach atá air do láimh chlé, cas asteach agus bí ag imtheacht go dtagaidh tú go teach mór atá i ngleann, agus béidh mise ann sin rómhad le d' airgiod do thabhairt duit.’

Nuair tháinig Liam chomh fada leis an mbóthairín chas sé asteach, agus bhí sé ag imtheacht go dtáinig sé chomh fada le teach mór. Bhí iongantas air Liam nuair chonnairc sé an teach mór, mar rugadh agus tógadh ann san g-cómharsanacht é, agus ní fhacaidh sé an teach mór ariamh roimhe, cídh go raibh eólas aige air uile teach i bhfoigseacht cúig mile dhó.

Nuair tháinig Liam i ngar do sgioból a bhí anaice leis an teach mór tháinig buachaill beag amach agus dubhairt, ‘Céad míle fáilte rómhad a Liaim Ui Ruanaigh,’ chuir sac air a dhruim agus thug asteach é. Tháinig buachaill beag eile amach, chuir fáilte roimh Liam, chuir sac air a dhruim, agus d'imthigh asteach leis. Bhí buachaillidhe ag teacht, ag cur fáilte roimh Liam, agus ag tabhairt sac leó, go raibh an tonna cruithneachta imthighthe. Ann sin tháinig iomlán na mbuachaill i láthair agus dubhairt Liam leó: ‘Tá eólas agaibh uile orm-sa agus ní'l eólas agam-sa oraibh-se.’ Ann sin dubhradar leis, ‘Téidh asteach, agus ith do dhinnéar, tá an máighistir ag fanamhaint leat.’

Chuaidh Liam asteach agus shuidh sé síos ag an mbord. Níor ith sé an dara greim go dtáinig trom-chodladh air


p.94

agus thuit sé faoi an mbord. Ann sin rinne an draoidheadóir fear-bréige cosmhúil le Liam, agus chuir a bhaile chum mná Liaim é, leis an g-capall, agus leis an g-cairt. Nuair tháinig sé go teach Liaim chuaidh sé suas ann san t-seomra, luidh air leabuidh, agus fuair bás.

Níor bhfada go ndeachaidh an gháir amach go raibh Liam Ó Ruanaigh marbh. Chuir an bhean uisge síos agus nuair bhí sé teith nigh sí an corp agus chuir os cionn cláir é. Tháinig na cómharsanna agus chaoineadar go brónach os cionn an chuirp, agus bhí truagh mhór ann do'n mhnaoi bhoicht, acht ní raibh mórán bróin uirri féin, mar bhí Liam aosta agus í féin óg. An lá air na mhárach cuireadh an corp agus ní raibh aon chuimhne níos mó air Liam.

Bhí buachaill-aimsire ag mnaoi Liaim agus dubhairt sí leis, ‘budh chóir duit mé phósadh, agus áit Liaim ghlacadh.’
‘Tá sé ró luath fós andhiaigh bhás do bheith ann san teach,’ ar san buachaill, ‘fan go mbéidh Liam curtha seachtmhain.’

Nuair bhí Liam seacht lá agus seacht n-oidhche 'nna chodladh tháinig buachaill beag agus dhúisigh é. Ann sin dubhairt sé leis, ‘táir seachtmhain do chodladh. Chuireamar do chapall agus do chairt abhaile. Seó dhuit do chuid airgid, agus imthigh.’

Tháinig Liam a bhaile, agus mar bhí sé mall 'san oidhche ní fhacaidh aon duine é. Air maidin an laé sin chuaidh bean Liaim agus an buachaill-aimsire chum an t-sagairt agus d'iarr siad air iad do phósadh.

‘Bhfuil an t-airgiod-pósta agaibh?’ ar san sagart.
‘Ní'l,’ ar san bhean, ‘acht tá storc muice agam 'sa' mbaile, agus tig leat í bheith agad i n-áit airgid.’

Phós an sagart iad, agus dubhairt, ‘cuirfead fios air an muic amárach.’

Nuair tháinig Liam go dtí a dhoras féin, bhuail sé buille


p.96

air. Bhí an bhean agus an buachaill-aimsire ag dul chum a leabuidh, agus d'fhiafruigh siad, ‘cia tá ann sin?’
‘Mise,’ ar Liam, ‘fosgail an doras dam.’

Nuair chualadar an guth bhí fhios aca gur 'bhé Liam do bhí ann, agus dubhairt a bhean, ‘ní thig liom do leigean asteach, agus is mór an náire dhuit bheith teacht air ais andhiaigh thú bheith seacht lá san uaigh.’ ‘An air mire atá tú?’ ar Liam.
‘Ní'lim air mire,’ ar san bhean, ‘tá fhios ag an uile duine 'sa' bparáiste go bhfuair tú bás agus gur chuir mé go geanamhail thú. Téidh air ais go d'uaigh, agus béidh aifrionn léighte agam air son d'anma bhoicht amárach.’
‘Fan go dtagaidh solas an laé,’ ar Liam, ‘agus bhéarfaidh mé luach do mhagaidh dhuit.’

Ann sin chuaidh sé 'san stábla, 'n áit a raibh a chapall agus a mhuc, shín sé ann san tuighe, gur thuit sé 'nna chodladh.

Air maidin, lá air na mhárach, dubhairt an sagart le buachaill beag a bhí aige, ‘téidh go teach Liaim Ui Ruanaigh agus bhéarfaidh an bhean a phós mé andé muc duit le tabhairt a bhaile leat.’

Tháinig an buachaill go doras an tighe agus thosuigh 'gá bhualadh le maide a bhí aige. Bhí faitchios air an mnaoi an doras fhosgailt, acht d'fhiafruigh sí, ‘cia tá ann sin?’
‘Mise,’ ar san buachaill, ‘chuir an sagart mé le muc d'fhághail uait.’
‘Tá sí amuigh 'san stábla,’ ar san bhean.

Chuaidh an buachaill asteach 'san stábla agus thosuigh ag tiomáint na muice amach, nuair d'éirigh Liam agus dubhairt, ‘Cá bhfuil tú ag dul le mo mhuic?’

Nuair chonnairc an buachaill Liam, as go bráth leis, agus níor stop go ndeachaidh sé chum an tsagairt agus a chroidhe ag teacht amach air a bheul le faitchios.

‘Cad tá ort?’ ar san sagart.


p.98

D'innis an buachaill dó go raibh Liam Ó Ruanaigh ann san stábla, agus nach leigfeadh sé dhó an mhuc thabhairt leis.

‘Bí do thost, a bhreugadóir,’ar san sagart, ‘tá Liam O'Ruanaigh marbh agus ann san uaigh le seachtmhain.’
‘Dá mbeidh' sé marbh seacht mbliadhna connairc mise ann san stábla é dhá mhóimid ó shoin, agus muna g-creideann tu, tar, thú féin, agus feicfidh tú é.’

Ann sin tháinig an sagart agus an buachaill le chéile go doras an stábla, agus dubhairt an sagart, ‘téidh asteach agus cuir an mhuc sin amach chugam.’
‘Ní rachfainn asteach air son an mhéid is fiú thú,’ ar san buachaill.

Chuaidh an sagart asteach ann sin agus bhí sé ag tiomáint na muice amach, nuair d'éirigh Liam suas as an tuighe agus dubhairt, ‘cá bhfuil tú dul le mo mhuic, a athair Phádraig?’

Nuair a chonnairc an sagart Liam ag éirighe, as go bráth leis, ag rádh: ‘I n-ainm Dé orduighim air ais go dtí an uaigh thú a Uilliam Ui Ruanaigh.’

Thosuigh Liam ag rith andhiaigh an tsagairt, agus ag rádh ‘A athair Phádraig bhfuil tú air mire? fan agus labhair liom.’

Níor fhan an sagart acht chuaidh a bhaile chomh luath agus d'fheud a chosa a iomchar, agus nuair tháinig sé asteach dhún sé an doras. Bhí Liam ag bualadh an dorais go raibh sé sáruighthe, acht ní leigfeadh an sagart asteach é. Faoi dheireadh chuir sé a cheann amach air fhuinneoig a bhí air bhárr an tíghe agus dubhairt, ‘A Uilliam Ui Ruanaigh téidh air ais chum d'uaighe.’

‘Tá tú air mire a athair Phádraig, ní'l mé marbh, agus ní raibh mé ann aon uaigh ariamh ó d'fhág mé bronn mo mháthar,’ ar Liam.

‘Chonnairc mise marbh thú,’ ar san sagart, ‘fuair tú bás obann agus bhí mé i láthair nuair cuireadh thú 'san uaigh, agus rinne mé seanmóir bhreágh os do chionn.’


p.100

‘Diabhal uaim, go bhfuil tú air mire chomh cinnte a's atá mise beó,’ ar Liam.

‘Imthigh as m'amharc anois agus léighfidh mé aifrionn duit amárach,’ ar san sagart.

Chuaidh Liam a bhaile agus bhuail sé a dhoras féin acht ní leigfeadh an bhean asteach é. Ann sin dubhairt sé leis féin, ‘rachfad agus íocfad mo chíos.’ Uile dhuine a chonnairc Liam air a bhealach go teach an tighearna bhí siad ag rith uaidh, mar shaoileadar go bhfuair sé bás. Nuair chualaidh an tighearna talmhan go raibh Liam Ó Ruanaigh ag teacht dhún sé na doirse, agus ní leigfeadh sé asteach é. Thosuigh Liam ag bualadh an dorais mhóir gur shaoil an tighearna go mbrisfeadh sé asteach é. Tháinig an tighearna go fuinneóig a bhí air bhárr an tíghe, agus d'fhiafruigh, ‘cad tá tú ag iarraidh?’
‘Tháinig mé le mo chíos íoc, mar fhear cneasta,’ ar Liam.
‘Téidh air ais go dtí d'uaigh, agus béarfaidh mé maitheamhnas duit,’ ar san Tighearna.
‘Ní fhágfaidh mé seó, go bhfágh' mé sgríbhinn uait go bhfuil mé íoctha suas glan go dtí an Bhealtaine seó chugainn.’

Thug an Tighearna an sgríbhinn dó, agus tháinig sé abhaile. Bhuail sé an doras, acht ní leigfeadh an bhean asteach é, ag rádh leis go raibh Liam Ó Ruanaigh marbh agus curtha, agus nach raibh ann san bhfear ag an doras acht fealltóir.

‘Ní fealltóir mé,’ ar Liam, ‘tá mé andhiaigh cíos trí bhliadhain d'íoc le mo mháighistir, agus béidh seilbh mo thighe féin agam, béidh fhios agam cad fáth.’

Chuaidh sé chum an sgiobóil, agus fuair sé barra mór iarainn agus níor bhfada gur bhris sé asteach an doras. Bhí faitchios mór air an mnaoi agus air an bhfear nuadh-phósta. Shaoileadar go rabhadar i n-am an eiseirighe, agus go raibh deire an domhain ag teacht.

‘Cad chuige ar shaoil tú go raibh mise marbh?’ ar Liam.


p.102

‘Nach bhfuil fhios ag uile dhuine ann san bparáiste go bhfuil tú marbh,’ ar san bhean.
‘Do chorp ó'n diabhal,’ ar Liam, ‘tá tú ag magadh fada go leór liom. Fágh dham nidh le n-ithe.’

Bhí eagla mhór air an mnaoi bhoicht agus gleus sí biadh dhó, agus nuair chonnairc sí é ag ithe agus ag ól dubhairt sí, ‘tá míorbhúil ann.’

Ann sin d'innis Liam a sgeul dí, o bhonn go bárr, agus nuair d'innis sé gach nidh, dubhairt sé, ‘Rachfad chum na n-uaighe amárach go bhfeicfead an bitheamhnach do chuir sibh-se i m'áit-sé.’

Lá air na mhárach thug Liam dream daoine leis, agus chuaidh sé chum na roilige, agus d'fhosgail siad an uaigh, agus bhíodar dul an chómhra d'fhosgailt, agus nuair a bhí siad 'gá tógbháil suas léim madadh mór dubh amach, agus as go bráth leis, agus Liam agus na fir eile 'nna dhiaigh. Bhíodar 'gá leanamhaint go bhfacadar é ag dul asteach ann san teach a raibh Liam 'nna chodladh ann. Ann sin d'fhosgail an talamh agus chuaidh an teach síos, agus ní fhacaidh aon duine é ó shoin, acht tá an poll mór le feicsint go dtí an lá so.

Nuair d'imthigh Liam agus na fir óga abhaile d'innis siad gach nidh do shagart na paráiste, agus sgaoil sé an pósadh a bhí eidir bean Liaim agus an buachaill-aimsire.

Do mhair Liam bliadhanta 'nna dhiaigh seó, agus d'fhág sé saidhbhreas mór 'nna dhiaigh, agus tá cuimhne air i g-Clár-Gaillimh fós, agus béidh go deó, má théidheann an sgeul so ó na sean-daoinibh chum na ndaoine óg.