Corpus of Electronic Texts Edition
Le h-ais na Teineadh (Author: Douglas Hyde)

section 5

Páidín Ó Ceallaigh agus an Easóg

A bhfad ó shoin bhí fear d'ar' bh'ainm Páidín O'Ceallaigh 'nna chómhnuidhe i ngar do Thuaim i gcondaé na Gaillimhe. Aon mhaidin amháin d'éirigh sé go moch agus ní raibh fhios aige cia an t-am a bhí sé, mar bhí solas breágh ó'n ngealaigh. Bhí dúil aige le dul go h-aonach Cháthair-na-mart le storc asail do dhíol.

Ní raibh sé níos mó 'na trí mhíle air an mbóthar go dtáinig dorchadas mór air, agus thosuigh cith trom ag tuitim. Chonnairc sé teach mór ameasg crann timchioll cúig cheud slat ó'n mbóthar agus dubhairt sé leis féin, ‘rachfaidh mé chum an tíghe sin, go dtéidh an cith thart.’ Nuair chuaidh sé chum an tíghe, bhí an doras fosgailte, agus asteach leis. Chonnairc sé seomra mór air thaoibh a láimhe chlé, agus teine bhreágh 'san ngráta. Shuidh sé síos air stol le cois an bhalla, agus níor bhfada gur thosuigh sé ag tuitim 'nna chodladh, nuair chonnairc sé easóg mhór ag teacht chum na teineadh agus leag sí ginidh air leic an teaghlaigh agus d'imthigh. Níor bhfada go dtáinig sí air ais le ginidh eile agus leag air leic an teaghlaigh é, agus d'imthigh. Bhí sí ag imtheacht agus ag teacht go raibh cárnán mór ginidh air


p.74

an teaghlach. Acht faoi dheireadh nuair d'imthigh sí d'éirigh Páidín, agus chuir sé an méad óir a bhí cruinnighthe aici ann a phóca, agus amach leis.

Ní raibh sé a bh-fad imthighthe gur chualaidh sé an easóg ag teacht 'nna dhiaigh agus í ag sgreadaoil chomh h-árd le píobaibh. Chuaidh sí roimh Páidín air an mbóthar agus í ag lubarnuigh anonn 's anall agus ag iarraidh greim sgornaigh d'fhághail air. Bhí maide maith darach ag Páidín agus chongbhuigh sé í uaidh go dtáinig beirt fhear suas. Bhí madadh maith ag fear aca, agus ruaig sé asteach i bpoll 'san mballa í.

Chuaidh Páidín chum an aonaigh, agus ann áit é bheith tígheacht a bhaile leis an airgiod a fuair sé air a shean-asal, mar shaoil sé air maidin go mbeidheadh sé ag déanamh, cheannuigh sé capall le cuid de'n airgiod a bhain sé de'n easóig, agus tháinig sé a bhaile agus é ag marcuigheacht. Nuair tháinig sé chomh fada leis an áit ar chuir an madadh an easóg ann san bpoll, tháinig sí amach roimhe, thug léim suas, agus fuair greim sgornaigh air an g-capall. Thosuigh an capall ag rith, agus níor fheud Páidín a cheapadh, nó go dtug sé léim asteach i g-clais móir a bhí líonta d'uisge agus de mhúlach. Bhí sé 'gá bháthadh agus 'gá thachtadh go luath, go dtáinig fir suas a bhí teacht as Gaillimh agus dhíbir siad an easóg.

Thug Páidín an capall a bhaile leis, agus chuir sé asteach i dteach na mbó é, agus thuit sé 'nna chodladh.

Air maidin, lá air na mhárach, d'éirigh Páidín go moch, agus chuaidh sé amach le uisge agus féar thabhairt do'n chapall. Nuair chuaidh sé amach chonnairc sé an easóg ag teacht amach as teach na mbó, agus í foluighthe le fuil. ‘Mo


p.76

sheacht míle mallacht ort,’ ar Páidín, ‘tá faitchios orm go bhfuil anachain déanta agad.’ Chuaidh sé asteach, agus fuair sé an capall, péire bó-bhainne, agus dá laogh marbh. Tháinig sé amach agus chuir sé madadh a bhí aige andhiaigh na h-easóige. Fuair an madadh greim uirri agus fuair sise greim air an madadh. Budh madadh maith é, acht b'éigin dó a ghreim sgaoileadh sul tháinig Páidín suas; acht chongbhuigh sé a shúil uirri go bhfacaidh sé í ag dul asteach i mbothán beag a bhí air bhruach locha. Tháinig Páidín ag rith agus nuair bhí sé ag an mbotháinín beag thug sé crathadh do'n mhadadh agus chuir sé fearg air, agus chuir sé asteach roimhe é. Nuair chuaidh an madadh asteach thosuigh sé ag tathfant. Chuaidh Páidín asteach agus connairc sé sean-chailleach ann san g-coirnéul. D'fhiafruigh sé dhí an bhfacaidh sí easóg ag teacht asteach.

‘Ní fhacaidh mé,’ ar san chailleach, ‘tá mé breóidhte le galar millteach agus muna dtéidh tú amach go tapa glacfaidh tú uaim é.’

Chomh fad agus bhí Páidín agus an chailleach, ag caint, bhí an madadh ag teannadh asteach, go dtug sé léim suas faoi dheireadh, agus rug sé greim sgornaigh air an g-cailligh.

Sgreadh sise, agus dubhairt, ‘tóg díom do mhadadh a Páidín Ui Cheallaigh, agus deunfaidh mé fear saidhbhir díot.’

Chuir Páidín iach (d'fhiachaibh) air an madadh a greim sgaoileadh, agus dubhairt sé, ‘Innis dam cia thú, cad fáth ar mharbh tú mo chapall agus mo bha?’
‘Agus cad fáth dtug tusa leat an t-ór a raibh mé cúig ceud bliadhain 'gá chruinniughadh ameasg cnoc agus gleann an domhain?
‘Shaoil mé gur easóg a bhí ionnad,’ ar Páidín, ‘no ní bhainfinn le do chuid óir; agus nidh eile, má tá tú cúig


p.78

ceud bliadhain air an tsaoghal so tá sé i n-am duit imtheacht chum suaimhnis.’
‘Rinne mé coir mhór i m'óige, agus táim le bheith sgaoilte óm' fhulaing má thig leat fiche púnta íoc air son ceud agus trí fichid aifrionn dam.’
‘Cá bhfuil an t-airgiod?’ ar Páidín.
‘Éirigh agus rómhair faoi sgeith atá os cionn tobair bhig i g-coirneul na páirce sin amuigh, agus gheobhaidh tú pota líonta d'ór. Íoc an fiche púnta air son na n-aifrionn agus béidh an chuid eile agad féin. Nuair a bhainfeas tú an leac de'n phota, feicfidh tú madadh mór dubh ag teacht amach, acht ná bíodh aon fhaitchios ort; is mac damh-sa é. Nuair a gheobhas tú an t-ór, ceannuigh an teach ann a bhfacaidh tú mise i dtosach, gheobhaidh tú saor é, mar tá sé faoi cháil go bhfuil taidhbhse ann. Béidh mo mhac-sa shíos ann san tsoiléar, ní dhéanfaidh sé aon dochar duit, acht béidh sé 'nna charaid maith dhuit. Béidh mise marbh ní ó'n lá so, agus nuair gheobhas tú marbh mé cuir splanc faoi an mbothán agus dóigh é. Ná h-innis d'aon neach beó aon nídh air bith de m' thaoibh-se, agus béidh an t-ádh ort.’
‘Cad é an t-ainm atá ort?’ ar Páidín.
‘Máire ní Ciarbháin,’ arsan chailleach.

Chuaidh Páidín a bhaile agus nuair tháinig dorchadas na h-oidhche thug sé láidhe leis agus chuaidh sé chum na sgeiche a bhí i g-coirneul na páirce agus thosuigh sé ag rómhair. Níor bhfada go bhfuair sé an pota agus nuair bhain sé an leac dé léim an madadh mór dubh amach, agus as go bráth leis, agus madadh Pháidin 'nna dhiaigh.

Thug Páidín an t-ór a bhaile agus chuir sé i bhfolach i dteach na mbó é. Timchioll mí 'nna dhiaigh sin, chuaidh sé go h-aonach i nGaillimh agus cheannuigh sé péire bó, capall


p.80

agus duisín caora. Ní raibh fhios ag na cómharsannaibh cia an áit a bhfuair sé an t-airgiod. Dubhairt cuid aca go raibh roinn aige leis na daoinibh maithe.

Aon lá amháin ghleus Páidín é féin agus chuaidh sé chum an duine-uasail ar leis an teach mór, agus d' iarr air, an teach agus an talamh do bhí 'nna thimchioll, do dhíol leis.

‘Tig leat an teach bheith agad gan chíos, acht tá taidhbhse ann, agus níor mhaith liom tú dul do chómhnuidhe ann, gan a innsint; acht ní sgarfainn leis an talamh gan ceud púnta níos mó 'ná tá agad-sa le tairgsint dam.’
B'éidir go bhfuil an oiread agam-sa 's atá agad féin’ ar Páidín, ‘béidh mé ann so amárach leis an airgiod má tá tusa réidh le seilbh do thabhairt dam.’
‘Beidh mé réidh,’ arsan duine uasal.

Chuaidh Páidín abhaile agus d'innis d'á mhnaoi go raibh teach mór agus gabháltas talmhan ceannuighthe aige.
‘Cia an áit a bhfuair tú an t-airgiod?’ arsan bhean.
‘Nach cuma dhuit?’ ar Páidín.

Lá air na mhárach, chuaidh Páidín chum an duine-uasail, thug ceud púnta dhó, agus fuair seilbh an tighe agus na talmhan, agus d'fhág an duine-uasal an truscán aige asteach leis an margadh.

D'fhan Páidín ann san teach an oidhche sin, agus nuair tháinig an dorchadas chuaidh sé síos ann san tsoiléar, agus chonnairc sé fear beag le na dhá chois sgartha air bháirille.
‘'Nidh Dia dhuit, a dhuine chóir,’ ar san fear beag.
‘Go mbudh h-é dhuit,’ ar Páidín.
‘Ná bíodh aon fhaitchios ort rómham-sa,’ ar san fear beag, ‘béidh mé 'mo charaid maith dhuit-se má tá tú ionnán rún do chongbháil.’


p.82

‘Táim go deimhin. Chongbhuigh mé rún do mháthar, agus congbhóchaidh mé do rún-sa mar an g-ceudna.’
B'éidir go bhfuil tart ort,’ ar san fear beag.
‘Ní'l mé saor uaidh,’ air Páidín.

Chuir an fear beag lámh ann a bhrollach, agus tharraing sé corn óir amach, agus thug do Pháidín é, agus dubhairt leis ‘Tarraing fíon as an mbáirille sin fúm.’

Tharraing Páidín lán coirn agus sheachaid do'n fhear beag é. ‘Ól, thú féin, i dtosach,’ ar seisean. D'ól Páidín, tharraing corn eile agus thug don fhear beag é, agus d'ól sé é.
‘Líon suas agus ól arís,’ ar san fear beag, ‘is mian liom-sa bheith go súgach anocht.’

Bhí an bheirt ag ól go rabhadar leath air meisge. Ann sin thug an fear beag léim anuas air an urlár, agus dubhairt le Páidín, ‘nach bhfuil dúil agad i g-ceól?’
‘Tá go deimhin,’ ar Páidín, ‘agus is maith an damhsóir mé.’
‘Tóg suas an leac mhór atá 'san g-coirneul úd, agus gheobhaidh tú mo phíobaidh fúithi.’

Thóg Páidín an leac, fuair na píobaidh, agus thug do 'n fhear beag iad. D'fháisg sé na píobaidh air, agus thosuigh sé ag seinm ceóil bhinn. Thosuigh Páidín ag damhsa go raibh sé tuirseach. Ann sin bhí deoch eile aca, agus dubhairt an fear beag:
‘Deun mar dubhairt mo mháthair leat, agus taisbéanfaidh mise saidhbhreas mór duit. Tig leat do bhean thabhairt ann so, acht ná h-innis di go bhfuil mise ann, agus ní fheicfidh sí mé. Am air bith a bhéidheas lionn nó fíon ag teastáil uait tar ann so agus tarraing é. Slán leat


p.84

anois, agus téidh ann do chodladh, agus tar chugam-sa an oidhche amárach.’

Chuaidh Páidín 'nna leabuidh, agus níor bhfada go raibh sé 'nna chodladh.

Air maidin, lá air na mhárach, chuaidh Páidín a bhaile agus thug a bhean agus a chlann go dtí an teach mór, agus bhíodar go sona. An oidhche sin chuaidh Páidín síos ann san tsoiléar. Chuir an fear beag fáilte roimhe, agus d'iarr air ‘raibh fonn damhsa air?’
‘Ní'l go bhfágh' mé deoch,’ air Páidín.
‘Ól do shaith,’ arsan fear beag, ‘ní béidh an báirille sin folamh fad do bheatha.’

D'ól Páidín lán an choirn agus thug deoch do'n fhear beag; ann sin dubhairt an fear beag leis.
‘Táim ag dul go Dún-na-sídh anocht, le ceól do sheinm do na daoinibh maithe, agus má thagann tú liom feicfidh tú greann breágh. Bhéarfaidh mé capall duit nach bhfacaidh tú a leithéid ariamh roimhe.’
‘Rachfad agus fáilte,’ ar Páidín, ‘acht cia an leis-sgeul a dheunfas mé le mo mhnaoi?’
‘Téidh 'do chodladh léithe, agus bhéarfaidh mise amach ó n-a taoibh thú, a gan fhios dí, agus bhéarfaidh mé air ais thú an chaoi cheudna,’ ar san fear beag.
‘Táim úmhal,’ ar Páidín, ‘béidh deoch eile agam sul a dtéidh mé as do láthair.’

D'ól sé deoch a ndiaigh díghe, go raibh sé leath air meisge agus chuaidh sé 'nna leabuidh ann sin le na mhnaoi.

Nuair dhúisigh sé fuair sé é féin ag marcuigheacht air sguaib i ngar do Dhún-na-sídh, agus an fear beag ag marcuigheacht air sguaib eile lena thaoibh. Nuair tháinig siad chomh fada le cnoc glas an Dúin, labhair an fear beag


p.86

cúpla focal nár thuig Páidín; d'fhosgail an cnoc glas, agus chuaidh Páidín asteach i seomra breágh.

Ní fhacaidh Páidín aon chruinniughadh ariamh mar bhí ann san dún. Bhí an áit líonta de dhaoinibh beaga, bhí fir agus mná ann, sean agus óg. Chuireadar uile fáilte roimh Dómhnal agus roimh Páidín Ó Ceallaigh. B'é Dómhnal ainm an phíobaire bhig. Tháinig rígh agus bainríoghan na sídh 'nna láthair agus dubhairt siad:
‘Tamaoid uile ag dul go Cnoc Matha anocht, air cuairt go h-árd-rígh agus go bainríoghain ár ndaoine.’

D'éirigh an t-iomlán aca, agus chuaidh siad amach. Bhí capaill réidh ag gach aon aca, agus an Cóiste Bodhar le h-aghaidh an rígh agus na bainríoghna. Chuadar asteach 'san g-cóiste. Léim gach duine air a chapall féin, agus bí cinnte nach raibh Páidín air deireadh. Chuaidh an píobaire amach rompa, agus thosuigh ag seinm ceóil dóibh, agus as go bráth leó. Níor bhfada go dtángadar go Cnoc Matha. D'fhosgail an cnoc agus chuaidh an sluagh sídh asteach.

Bhí Finbheara agus Nuala ann sin, árd-rígh agus bainríoghan Shluaigh-sídh Chonnacht, agus mílte de dhaoinibh beaga. Tháinig Finbheara a láthair agus dubhairt:
‘Támaoid dul báire bhualadh ann aghaidh sluaigh-sídh Mhúmhan anocht, agus muna mbuailfimíd iad tá ár g-clú imthighthe go deó. Tá an báire le bheith buailte air Mháigh-Túra faoi Shliabh Belgadáin.’
‘Támaoid uile réidh,’ ar sluagh-sidh Chonnacht, ‘agus ní'l amhras againn nach mbuailfimíd iad.’
‘Amach libh uile,’ ar san t-árd-rígh ‘béidh fir Chnuic Néifin air an talamh rómhainn.’

D'imthigheadar uile amach, agus Dómhnal beag agus dá 'r dheug píobaire eile rompa ag seinm ceóil bhinn. Nuair


p.88

thángadar go Magh-Tóra bhí sluagh-sídh Mhúmhan agus sidh-fhir Chnuic Néifin rompa. Anois, is éigin do'n tsluagh-sídh beirt fhear beó do bheith i láthair nuair a bhíonn siad ag troid ag bualadh báire, agus sin é an fáth rug Dómhnal beag Páidín Ó Ceallaigh leis. Bhí fear dar ab ainm an Stangaire Buidhe ó Innis i g-condaé an Chláir le sluagh-sídh Mhúmhan.

Níor bhfada gur ghlac an dá shluagh taobha, caitheadh suas an liathróid agus thosuigh an greann dá ríribh.

Bhí siad ag bualadh báire agus na píobairidhe ag seinm ceóil, go bhfacaidh Páidín Ó Ceallaigh sluagh Mhúmhan ag fághail na láimhe láidre, agus thosuigh sé ag cuideachtain le sluagh-sidh Chonnacht. Tháinig an Stangaire i láthair agus d'ionnsuigh sé Páidín Ó Ceallaigh, acht níor bhfada gur chuir Páidín an Stangaire Buidhe air a thar-an-áirde. Ó bhualadh-báire, thosuigh an dá shluagh ag troid, acht níor bhfada gur bhuail sluagh Chonnacht an sluagh eile. Ann sin rinne sluagh Mhúmhan priompolláin díobh féin, agus thosuigh siad ag ithe uile nídh glas d'á dtáinig siad suas leis. Bhíodar ag sgrios na tíre rompa, go dtangadar chomh fada le Conga, nuair d'éirigh na mílte colam as Pholl-mór agus shluig siad ria priompolláin. Ní'l aon ainm air an bpoll go dtí an lá so acht Poll-na-gcolam.

Nuair ghnóthuigh sluagh Chonnacht an cath, thángadar air ais go Cnoc Matha, luthgháireach go leór, agus thug an rígh Finbheara sporán óir do Pháidin Ó Ceallaigh, agus thug an píobaire beag a bhaile é, agus chuir sé 'nna chodladh le na mhnaoi é.

Chuaidh mí thart ann sin, agus ní thárla aon nidh do b'fhiú a innsint; acht aon oidhche amháin chuaidh Páidín síos 'san tsoiléar agus dubhairt an fear beag leis, ‘Tá mo mháthair marbh, agus dóigh an bothán os a cionn.’


p.90

‘Is fíor duit,’ ar Páidín, ‘dubhairt sí nach raibh sí le bheith air an t-saoghal so acht mí, agus tá an mhí suas andé.’

Air maidin, an lá air na mhárach, chuaidh Páidín chum an botháin agus fuair sé an chailleach marbh. Chuir sé splanc faoi an mbothán agus dhóigh sé é. Tháinig sé a bhaile ann sin, agus d'innis sé do'n fhear beag go raibh an bothán dóighte. Thug an fear beag sporán dó agus dubhairt, ‘Ní bhéidh an sporán sin folamh chomh fad agus bhéidheas tú beó. Slán leat anois. Ní fheicfidh tú mé níos mó, acht bíodh cuimhne grádhach agad air an easóig. B'ise tosach agus príomh-ádhbhar do shaidhbhris.’

Mhair Páidín agus a bhean bliadhanta andhiaigh seó, ann san teach mór, agus nuair fuair sé bás d'fhág sé saidhbhreas mór 'nna dhiaigh, agus muirighín mhór le na chathadh.

Sin chugaibh mo sgeul anois ó thús go deire, mar chualaidh mise ó mo mháthair mhóir é.