Corpus of Electronic Texts Edition
Le h-ais na Teineadh (Author: Douglas Hyde)

section 4

An Alp-Luachra

Bhí scológ saidhbhir a gConnachthtaibh aon uair amháin, agus bhí maoin go leór aige, agus bean mhaith agus muiríghin bhreágh agus ní raibh dadamh ag cur buaidhreadh ná trioblóide air, agus dheurfá féin go raibh sé 'nna fhear compórtamhail sásta, agus go raibh an t-ádh air, chomh maith agus air dhuine air bith a bhí beó. Bhí sé mar sin gan bhrón gan buaidhreadh air feadh móráin bliadhain i sláinte mhaith agus gan tinneas ná aicíd air féin ná air a chloinn, go dtáinig lá breágh annsan bhfóghmhar, a raibh sé dearcadh air a chuid daoine ag deunamh féir annsan moínfheur a bhí a n-aice le na theach féin, agus mar bhí an lá so teith d'ól sé deoch bláthaiche agus shín sé é féin siar air an bhfeur úr bainte, agus mar bhí sé sáruighthe le teas an laé agus leis an obair a bhí sé ag deunamh, do thuit sé gan mhoill 'nna chodladh, agus d'fhan sé mar sin air feadh trí ceithre uair go raibh an feur uile craptha agus go raibh a dhaoine oibre imthighthe as an bpáirc.

Nuair dhúisigh sé ann sin, shuidh sé suas air a thóin, agus ní raibh fhios aige cia an áit a raibh sé, gur chuimhnigh sé faoi dheire gur annsan bpáirc air chúl a thighe féin do bhí sé 'nna luidhe. D'éirigh sé ann sin agus chuaidh sé air ais chum a thighe féin, agus air n-imtheacht dó, mhothaigh sé mar phian no


p.48

mar ghreim air a bhoilg. Nior chuir sé suim ann, acht shuidh sé síos ag an teine agus thosuigh sé 'gá théigheadh féin.

‘Cá raibh tú?’ ars an inghean leis.
‘Bhí mé 'mo chodladh,’ ar seisean, ‘air an bhfeur úr ann sa' bpáirc 'nna raibh siad ag deunamh an fhéir.’
‘Creud a bhain duit,’ ar sise, ‘ní fhéuchann tú go maith.’
‘Muire! maiseadh! ní'l fhios agam,’ ar seisean, ‘acht tá faitchios orm go bhfuil rud éigin orm, is aisteach a mhothaighim mé féin, ní raibh mé mar sin ariamh roimhe seó, acht béidh mé níos fearr nuair a bhfuighfidh mé codladh maith.’

Chuaidh sé d'á leabuidh agus luidh sé síos, agus thuit sé ann a chodladh, agus níor dhúisigh sé go raibh an ghrian árd. D'éirigh sé ann sin agus dubhairt a bhean leis, ‘Creud do bhí ort nuair rinn' tú codladh chomh fada sin?’
‘Níl fhios agam,’ ar seisean.

Chuaidh sé annsan g-cisteanach, n'áit a bhí a inghean ag deunamh cáca le h-aghaidh an bhreác-fast (biadh na maidne), agus dubhairt sise leis ‘Cia an chaoi bhfuil tú andiú, bhfuil aon bhiseach ort, a athair?’
‘Fuair mé codladh maith,’ ar seisean, ‘acht ní'l mé blas níos fearr 'ná bhí mé aréir, agus go deimhin dá g-creidfeá mé, saoilim go bhfuil rud éigin astigh ionnam, ag rith anonn 's anall ann mo bhoilg o thaoibh go taoibh.’
‘Ara ní féidir,’ ar s an inghean, ‘is slaighdeán a fuair tú ad' luighe amuigh ané air an bhfeur úr, agus muna bhfuil tú níos fearr annsan trathnóna cuirfimíd fios air an dochtúir.’


p.50

Tháinig an tráthnóna, acht bhí an duine bocht annsan gcaoi cheudna, agus b'éigin dóibh fios chur air an dochtúir. Bhí sé ag rádh go raibh pian air, agus nach raibh fhios aige go ceart cad é an áit ann a raibh an phian, agus nuair nach raibh an dochtúir teacht go luath bhí sgannrughadh mór air. Bhí muinntir an tighe ag deunamh uile shóirt d'fheud siad dheunamh le meisneach a chur ann.

Tháinig an dochtúir faoi dheire, agus d'fhiafruigh sé dhé creud do bhí air, agus dubhairt seisean arís go raibh rud éigin mar éinín ag léimnigh ann a bholg. Nochtuigh an dochtúir é agus rinne sé breathnughadh maith air, acht ní fhacaidh sé dadamh a bhí as am m-bealach leis. Chuir sé a chluas lena thaoibh agus le na dhruim, acht níor chualaidh sé rud air bith cidh go raibh an duine bocht é féin ag rádh—‘Anois! Nois! nach g-cluinn tú é? Nois! nach nach bhfuil tú 'g éisteacht leis, ag léimnigh?’ Acht níor thug an dochtúir rud air bith faoi deara, agus shaoil sé faoi dheire go raibh an fear as a chéill, agus nach raibh dadamh air.

Dubhairt sé le mnaoi an tighe nuair tháinig sé amach, nach raibh aon rud air a fear, acht gur chreid sé féin go raibh sé tinn, agus go g-cuirfeadh sé druganna chuige an lá air na mhárach a bhéarfadh codladh maith dhó, agus a shochróchadh teas a chuirp. Rinne sé sin, agus shluig an duine bocht na druganna uile agus fuair sé codladh mór arís acht nuair dhúisigh sé air maidin bhí sé níos measa 'ná riamh, acht dubhairt sé nár chualaidh sé an rud ag léimnigh taobh astigh dhé anois.

Chuir siad fios air an dochtúir arís, agus tháinig sé acht níor fheud sé rud air bith dheunamh. D'fhág sé druganna eile leis an bhfear, agus dubhairt sé go dtiucfadh sé arís i g-ceann séachtmhuine eile le na fheicsint. Ní bhfuair an duine bocht fóirighín air bith as ar fhág an dochtúir leis agus nuair tháinig an dochtúir arís fuair sé é


p.52

níos measa na roimhe sin; acht níor fheud sé aon rud dhéanamh agus ní raibh fhios air bith aige cad é'n cineál tinnis do bhí air. ‘Ní bhéidh mé ag glacadh d'airgid uait feasta,’ ar seisean, le mnaoi an tighe, ‘mar nach dtig liom rud air bith dhéanamh annsan g-cúis seó; agus mar nach dtuigim creud atá air, ní leigfidh mé orm é do thuigsint. Tiucfaidh mé le na fheicsint ó am go h-am acht ní ghlacfaidh mé aon airgiod uait.’

Is air éigin d'fheud an bhean an fhearg do bhí uirri do chongmháil asteach. Nuair bhí an dochtúir imthighthe chruinnigh sí muinntir an tighe le chéile agus ghlac siad cómhairle, ‘An dochtúir bradach sin,’ ar sise, ‘ní fiú traithnín é. Bhfuil fhios aguibh creud dubhairt sé? nach nglacfadh sé aon airgiod uainn feasta, agus dubhairt sé nach raibh eólas air bith aige air dadamh. ‘Suf’ air an bitheamhnach! ní thiucfaidh sé thar an tairpeach só go bráth. Rachfamaoid go dtí an dochtúir eile, má tá sé níos faide uainn, féin, is cuma liom sin, caithfimíd a fhághail.’ Bhí uile duine a bhí annsa' teach air aon fhocal léithe, agus chuir siad fios air an dochtúir eile, agus nuair tháinig sé ní raibh aon eólas do b'fhearr aige-sean 'ná do bhí ag an g-ceud-dochtúir acht amháin go raibh eólas go leór aige air a n-airgiod do ghlacadh. Tháinig sé leis an duine tinn d'fheicsint, go minic, agus gach am a tháinig sé do bhí ainm eile aige níos faide 'na a chéile air a thinneas, ainmneacha (anmanna) nár thuig sé féin, ná duine air bith eile, acht bhí siad aige le sgannrughadh na n-daoine.

D'fhan siad mar sin air feadh dhá mhí, gan fhios ag duine air bith creud do bhí air an bhfear bocht, agus nuair nach raibh an dochtúir sin ag déanamh maith air bith dhó, fuair siad dochtúir eile, agus ann sin dochtúir eile, go raibh uile dhochtúir a bhí annsa' g-condaé aca, faoi dheire, agus


p.54

chaill siad a lán airgid leó, agus b'éigin dóibh cuid d'á n-eallach dhíol le h-airgiod fhághail le na n-íoc.

Bhí siad mar sin le leith-bhliadhain ag congbháil dochtúir leis, agus na dochtúiridh ag tabhairt druganna dhó, agus an duine bocht a bhí ramhar beathaighthe roimhe sin, ag éirighe lom agus tana, go nach raibh unsa feóla air, acht an croicion agus na cnámha amháin.

Bhí sé faoi dheire chomh dona sin gur air éigin d'fheud sé siúbhal, agus d'imthigh a ghoile uaidh, agus budh mhór an thrioblóid leis greim aráin bhuig, deoch bhainne úir do shlugadh agus bhí uile dhuine ag rádh go m-b'fhearr dó bás fhághail, agus budh bheag an t-iongnadh sin, mar nach raibh ann acht mar bheidheadh sgáile i mbuideul.

Aon lá amháin, nuair bhí sé 'nna shuidhe air cháthaoir ag doras an tighe, 'gá ghrianughadh féin ann san teas, agus muinntir an tighe uile imthighthe amach, agus gan duine ann acht é féin, tháinig seanduine bocht a bhí ag iarraidh déirce o áit go h-áit suas chum an dorais, agus d'aithnigh sé fear an tighe 'nna shuidhe annsa' g-cáthaoir, acht bhí sé chomh h-athruighthe sin agus chomh caithte sin gur air éigin d'aithneóchadh duine é. ‘Tá mé ann só arís ag iarraidh déirce ann ainm Dé,’ ars an fear bocht, ‘acht glóir do Dhia a mháighistir creud do bhain duit ní tusa an fear céudna a chonnairc mé leith-bhliadhain ó shoin nuair bhí mé ann só, go bhfóirigh Dia ort.’
‘Ara a Sheumais’ ar san fear tinn, ‘is mise nach bhfeudfadh innsint duit creud do bhain dam, acht tá fhios agam air aon rud, nach mbéidh mé bhfad air an t-saoghal so.’
‘Acht tá brón orm d'fheicsint mar tá tu,’ ar san déirceach, ‘nach dtig leat innsint dam cia an chaoi ar thosuigh sé leat? creud a dubhairt na dochtúiridh?’
‘Na dochtúiridh!’ ar san fear tinn, ‘mo mhallacht orra! Ní'l fhios air dadamh aca, acht ní chóir dam bheith ag


p.56

eascuine agus mise chomh fogas sin dom' bhás, ‘súf’ orra ní'l eólas air bith aca.’
B'éidir,’ ar san déirceach, ‘go bhfeudfainn féin biseach thabhairt duit, dá n-inneósfá dham creud atá ort. Deir siad go mbídhim eólach air aicídibh, agus air na luibheannaibh atá maith le na leigheas.’
Rinne an fear tinn gáire. ‘Ní'l fear-leighis ann sa' g-condaé,’ ar sé, ‘nach raibh ann só liom; nach bhfuil leath an eallaigh a bhí agam air an bhfeilm díolta le na n-íoc! acht ní bhfuair mé fóirighin dá laghad ó dhuine air bith aca, acht inneósaidh mé dhuit-se mar d'éirigh sé dam air dtús.’ Agus ann sin thug sé cúntas dó air uile phian a mhothuigh sé, agus air uile rud a d'orduigh na dochtúiridh.

D'éist an déirceach leis go cúramach, agus nuair chríochnuigh sé an sgeul uile, d'fhiafruigh sé dhé, ‘cad é an sórt páirce í air ar thuit tú do chodladh?’ ‘Is móinfheur a bhí ann,’ ar san duine tinn, ‘acht bhí sé go díreach bainte, ann san am sin.’
‘Raibh sé fliuch,’ ars an déirceach.
‘Ní raibh,’ ar seisean.
‘Raibh srothán uisge caise a' rith thríd?’ ars an déirceach.
‘Bhí,’ ar seisean.
‘An dtig liom an pháirc fheicsint?’
‘Tig go deimhin, agus taisbeunfaidh mé dhuit anois é.’

D'éirigh sé as a cháthaoir agus chomh dona agus bhí sé, stráchail sé é féin air aghaidh, go dtáinig sé chum na h-áite ann ar luidh sé 'nna chodladh an trathnóna sin. Bhreathnuigh fear-na-déirce air an áit, tamall fada, agus ann sin chrom sé air an bhfeur agus chuaidh sé anonn 's anall agus a chorp lúbtha agus a cheann cromtha ag smeurthacht ann sna luibheannaibh, agus ameasg an luibhearnaigh do bhí ag fás go tiugh ann.

D'éirigh sé faoi dheire, agus dubhairt sé, ‘Tá sé mar shaoil mé,’ agus chrom sé é féin síos arís, agus thosuigh


p.58

ag cuartughadh mar roimhe sin. Thóg sé a cheann an dara uair, agus bhí luibh bheag ghlas ann a láimh. ‘An bhfeiceann tú sin,’ ar sé, ‘áit air bith i n-Éirínn a bhfásann an luibh seó ann, bíonn alp-luachra anaice leis, agus shluig tú alp-luachra.’
‘Cad é an chaoi bhfuil fhios agad sin?’ ars an duine tinn, ‘dá mbudh mar sin do bhí sé, is dóigh go n-inneósadh na dochtúiridh dham é roimhe seo.’
‘Go dtugaidh Dia ciall duit, na bac leis na dochtúiribh,’ ars an déirceach, ‘ní'l ionnta acht eallta amadán. A deirim leat’ ar sé, ‘agus creid mise, gur alp-luachra a shluig tu; nach dubhairt tú féin gur mhothuigh tú rud éigin ag léimnigh ann do bolg an chéad lá 'réis tú bheith tinn. B'é sin an alp-luachra, agus mar do bhí an áit sin ann do bholg strainseurach leis i dtosach, bhí sé mí-shuaimhneach innti, ag dul anonn 's anall, acht nuair bhí sé cúpla lá innti, shocruigh sé é féin, agus fuair sé an áit compórtamhail agus sin é an t-ádhbhar fá bhfuil tú ag congmháil chomh tana sin: mar uile ghreim d'á bhfuil tú ag ithe bíonn an alp-luachra sin ag fághail an mhaith as. Agus dubhairt tú féin liom go raibh do leath-thaobh athta, is í sin an taobh 'n áit a bhfuil an rud gránna 'nna chómhnuidhe.’

Níor chreid an fear é, a dtosach, acht lean an déirceach dá chómhrádh leis, ag cruthughadh dhó, gur b' é an fhírinne a bhí sé ag rádh, agus nuair tháinig a bhean agus a inghean air ais arís do'n teach, labhair sé leó-san an chaoi cheudna agus bhí siad réidh go leór le na chreideamhaint.

Níor chreid an duine tinn, é féin, é, acht bhí siad uile ag labhairt leis, go bhfuair siad buaidh air, faoi dheire; agus thug sé cead dóib trí dochtúiridhe do ghlaodhach asteach le chéile, go n-inneósadh sé an sgeul nuadh so dhóibh. Tháinig an triúr le chéile, agus nuair d'éist siad leis an méad a bhí an déirceach ag rádh, agus le cómhrádh na mban, rinne siad gáire agus dubhairt siad nach raibh ionnta acht


p.60

amadáin uile go léir, agus gurb'é rud eile amach 's amach a bhí ar fhear-an-tighe, agus gach ainm a bhí aca air a thinneas an t-am so, bhí sé dhá uair, 's trí huaire níos faide 'ná roimhe sin. D'fhág siad buidéul cúpla buideul le n-ól ag an bhfear bocht, agus d'imthigh siad leó, ag magadh faoi an rud a dubhairt na mná gur shluig sé an alp-luachra.

Dubhairt an déirceach nuair bhí siad imthighthe. ‘Ní'l iongantas air bith orm nach bhfuil tú fághail beisigh má's amadáin mar iad sin atá leat. Ní'l aon dochtúir ná fear-leighis i n-Éirinn anois a dhéanfas aon mhaith duit-se acht aon fhear amháin, agus is sé sin Mac Diarmada, Prionnsa Chúl-Uí-Bhfinn air bhruach Locha-Uí-Gheadhra an dochtúir is fearr i g-Connachtaib ná 'sna cúig cúigibh.’ ‘Cá bhfuil Loch-Uí-Gheadhra?’ ars an duine tinn. ‘Shíos i g-condaé Shligígh; is loch mór é, agus tá an Prionnsa 'nna chómhnuidhe air a bhruach,’ ar sé, ‘agus má ghlacann tú mo chómhairle-se rachfaidh tú ann, mar 's é an chaoi dheireannach atá agad, agus budh chóir duit-se, a mháighistreas,’ ar sé ag tiontódh le mnaoi an tighe, ‘do chur iach (d'fhiachaibh) air, dul ann, má's maith leat d'fhear a bheith beó.’
‘Maiseadh,’ ars an bhean, ‘dheunfainn rud air bith a shlánóchadh é.’
‘Mar sin, cuir go dtí Prionnsa Chúil-Uí-Bhfinn é,’ ar seisean.
‘Dheunfainn féin rud air bith le mo shlánughadh,’ ars an fear tinn ‘mar tá's agam nach bhfuil a bhfad agam le marthain air an t-saoghal so, muna ndeuntar rud éigin dam a bhéarfas congnamh agus fóiríghin dam.’
‘Mar sin, téidh go dtí an Prionnsa,’ ars an déirceach.
‘Rud air bith a mheasann tú go ndeunfaidh sé maith dhuit budh chóir dhuit a dhéanamh, a athair,’ ars an inghean.
‘Ní'l dadamh le déanamh maith dhó acht dul go dtí an Prionnsa,’ ars an déirceach.


p.62

Is mar sin bhí siad ag árgúint agus ag cuibhlint go dtí an oidhche, agus fuair an déirceach leabuidh tuighe annsa' sgioból agus thosuigh sé ag árgúint arís air maidin go mbudh chóir dul go dtí an Prionnsa, agus bhí an bhean agus an inghean air aon fhocal leis, agus fuair siad buaidh air an bhfear tinn, faoi dheire; agus dubhairt sé go rachfadh sé, agus dubhairt an inghean go rachfadh sise leis, le tabhairt aire dhó, agus dubhairt an déirceach go rachfadh seisean leó-san le taisbéant an bhóthair dóibh, ‘agus béidh mise’ ars an bean, ‘air phonc an bháis le h-imnidhe ag fanamhaint libh, go dtiucfaidh sibh air ais.’

D'úghmuigh siad an capall agus chuir siad faoi an gcairt é, agus ghlac siad lón seachtmhuine leó, arán agus bagún agus uibheacha, agus d'imthigh siad leó. Níor fheud siad dul ró fhada an cheud lá, mar bhí an fear tinn chomh lag sin nár fheud sé an crathadh a bhí sé fághail annsa' g-cairt sheasamh, acht bhí sé níos fearr an dara lá, agus d'fhan siad uile i dteach feilméara air thaoibh an bhóthair an oidhche sinn agus chuaidh siad air aghaidh arís air maidin, agus an tromhadh lá annsan trathnóna tháinig siad go h-áit-chómhnuidhe an Phrionnsa. Bhí teach deas aige air bhruach an locha, le cúmhdach tuighe air, ameasg na g-crann.

D'fhág siad an capall agus an cairt i mbaile beag a bhí anaice le háit an Phrionnsa, agus shiúbhail siad uile le chéile go d-táinig siad chum an tighe. Chuaidh siad asteach 'san g-cisteanach agus d'fhiafruigh siad, ‘ar fheud siad an Prionnsa d'fheicsint.’ Dubhairt an searbhfóghanta go raibh sé ag ithe a bhéile acht go dtiucfadh sé, b'éidir, nuair bheidheadh sé réidh.

Tháinig an Prionnsa féin asteach air an móimid sin agus d'fhiafruigh sé dhíobh creud do bhí siad ag iarraidh. D'éirigh an fear tinn agus dubhairt dé leis gur ag iarraidh congnamh ó na onóir do bhí sé, agus d'innis sé an sgeul


p.64

uile dó. ‘'Nois an dtig le d'onóir aon fhóirighín thabhairt dam?’ ar sé, nuair chríochnuigh sé a sgéul.
‘Tá súil agam go dtig liom,’ ar san Prionnsa, ‘air mhódh air bith déanfaidh mé mo dhíthchioll air do shon, mar tháinig tú chomh fada sin le m'fheicsint-se. B'olc an ceart dam gan mo dhíthchioll dheunamh. Tar suas annsa' bpárlúis. Is fíor an rud a dubhairt an sean duine atá ann sin leat. Shluig tú alp-luachra, rud éigin eile. Tar suas 'sa' bpárlúis liom.’

Thug sé suas leis é, agus is é an béile a bhí aige an lá sin giota mór de mhairtfheóil shaillte. Ghearr sé greim mór agus chuir sé air phláta é, agus thug sé do'n duine bocht le n-íthe é.

‘Óró! Créad atá d'onóir ag déanamh ann sin anois,’ ars an duine bocht, ‘níor shluig mé oiread agus toirt uibhe d'fheóil air bith le ráithche, ní'l aon ghoile agam, ní thig liom dadamh ithe.’
‘Bhí do thost, a dhuine,’ ars an Prionnsa, ‘ith é sin nuair a deirim leat é.’

D'ith an fear bocht an oiread agus d'fheud sé, acht nuair leig sé an sgian agus an ghabhlóg as a láimh chuir an Prionnsa iach (d'fhiachaibh) air iad do thógbháil arís, agus do thosughadh ar an nuadh. Chongbhuigh sé ann sin é ag ithe, go raibh sé réidh le pleusgadh, agus níor fheud sé faoi dheire aon ghreim eile shlugadh dá bhfághadh sé ceud púnta.

Nuair chonnairc an Prionnsa nach dtiucfadh leis tuilleadh do shlugadh, thug sé amach as an teach é, agus dubhairt sé leis an inghin agus leis an t-sean-déirceach iad do leanamhaint, agus rug sé an fear leis, amach go móinfhéur breágh glas do bhí os coinne an tighe, agus srothán beag uisge ag rith tríd an móinfheur.

Thug sé go bruach an t-srotháin é, agus dubhairt sé leis, luidhe síos air a bholg agus a cheann chongbháil os cionn


p.66

an uisge, agus a bheul d'fhosgailt chomh mór agus d'fheudfadh sé, agus a chongbháil, beag-nach, ag baint leis an uisge, ‘agus fan ann sin go ciúin agus na corruigh, air d'anam,’ ar sé, ‘go bhfeicfidh tú creud éireóchas duit.’

Gheall an fear bocht go mbeidheadh sé socair, agus shín sé a chorp air an bhfeur, agus chongbhuigh sé a bheul fosgailte os cionn an t-srotháin uisge, agus d'fhan sé ann sin gan corrughadh.

Chuaidh an Prionnsa timchioll cúig slata air ais, air a chúl, agus tharraing sé an inghean agus an sean-fhear leis, agus is é an focal deireannach a dubhairt sé leis an bhfear tinn, ‘bí cinnte’ ar sé, ‘agus air d'anam na cuir cor asad, cia bé air bith rud éireóchas duit.’

Ní raibh an duine bocht ceathramhadh uaire 'nna luidhe mar sin nuair thosuigh rud éigin ag corrughadh taobh astigh dhé agus mhothaigh sé rud éigin ag teacht suas ann a sgornach, agus ag dul air ais arís. Tháinig sé suas, agus chuaidh sé air ais trí nó ceithre uaire a ndiaigh a chéile. Tháinig sé faoi dheire go dtí a bheul, agus sheas sé air bhárr a theanga acht sgannruigh sé agus chuaidh sé air ais arís, acht i gceann tamaill bhig tháinig sé suas an dara uair, agus sheas sé air bhárr a theanga, agus léim sé síos faoi dheire annsan uisge. Bhi an Prionnsa ag breathnughadh go geur air, agus ghlaodh sé amach, ‘na corruigh fós,’ mar bhí an fear dul ag éirighe.

B'éigin do'n duine bocht a bheul fhosgailt arís agus d'fhan sé an chaoi cheudna, agus ní raibh sé móimid ann, go dtáinig an dara rud suas ann a sgornach an chaoi cheudna, agus chuaidh sé air ais arís cúpla uair, amhail a's mar bhí sé sganngruighthe, acht faoi dheire tháinig seisean mar an cheud-cheann suas go dtí an beul agus sheas sé air bhárr a theanga, agus faoi dheire nuair mhothuigh sé boladh an uisge faoi, léim sé síos annsan tsrothán.


p.68

Chogair an Prionnsa, agus dubhairt sé ‘Nois tá 'n tart ag teacht orra, d'oibrigh an salann a bhí 'sa' mairtfheóil íad; nois tiucfaidh siad amach.’ Agus sul do bhí an focal as a bheul thuit an tríomhadh ceann le ‘plap’ annsan uisge, agus móimid 'nna dhiaigh sin, léim ceann eile síos ann, agus ann sin ceann eile, gur chómharaigh siad, cúig, sé, seacht, ocht, naoi, deich g-cinn, aon ceann deug, dá cheann deug.
‘Sin duisín atá anois’ ars an Prionnsa, ‘Sin é an t-ál, níor tháinig an t-sean-mháthair fós.’

Bhí an fear bocht dul 'g eírighe arís acht ghlaodh an Prionnsa air. ‘Fan mar a bhfuil tu, níor tháinig an mháthair.’

D'fhan sé mar do bhí sé, acht níor tháinig aon cheann eile amach, agus d'fhan sé níos mó ná ceathramhadh uaire. Bhí an Prionnsa féin ag éirighe mí-shuaimhneach, air eagla nach g-corróchadh an sean-Alt-pluachra chor air bith. Bhí an duine bocht chomh sáruighthe sin agus chomh lag sin go m' b'fhearr leis éirighe 'ná fanamhaint mar a raibh sé, agus ann aindheóin gach ruid a dubhairt an Prionnsa bhí sé ag seasamh suas, nuair rug an Prionnsa air a leath-chois agus an déirceach air an g-cois eile, agus do chongbhuigh siad shíos é gan buidheachas dó.

D'fhan siad ceathramhadh uaire eile, gan fhocal do rádh, agus i g-ceann an ama sin mhothuigh an duine bocht rud éigin ag corrughadh arís ann a thaoibh, acht seacht n-uaire níos measa 'na roimhe seó, agus is air éigin d'fheud sé é féin do chongbháil o sgreadach. Bhí an rud sin ag corrughadh le tamall maith ann, agus shaoil sé go raibh a chorp reubtha an taobh astígh leis. Ann sin thosuigh an rud ag teacht suas, agus tháinig sé go dtí a bheul agus chuaidh sé air ais arís. Tháinig sé faoi dheire chomh fada sin gur chuir an duine bocht a dhá mheur ann a bheul agus shaoil sé greim fhághail uirri. Acht má's obann chuir sé a mheura


p.70

'steach is luaithe 'ná sin chuaidh an tsean alt-pluachra air ais.

‘Ór! a bhitheamhnaigh!’ ar san Prionnsa, ‘cad chuige rinn' tú sin? Nach dubhairt mé leat gan cor do chur asad. Má thig sé suas arís fan go socair.’ B'éigin dóibh fanamhaint le leath-uair mar do bhí sean-mháthair na h-alp-luachra sgannruighthe, agus bhí faitchios urri teacht amach. Acht tháinig sí suas arís, faoi dheire; b'éidir go raibh an iomarcuidh tart' urri agus níor fheud sí boladh an uisge a bhí ag cur cathuighthe uirri sheasamh, b'éidir go raibh sí uaigneach 'r éis a clainne d'imtheacht uaithi. Air mhódh air bith tháinig sí amach go bárr á bhéil agus sheas sí air a theanga chomh fad agus bheitheá ag cómhaireamh ceithre fichid, agus ann sin léim sí mar do léim a h-ál roimpi, asteach 'san uisge, agus budh thruime toran a tuitim' seacht n-uaire, 'ná an plap a rinne a clann.

Bhí an Prionnsa agus an bheirt eile ag breathnughadh air sin go h-iomlán, agus budh bheag nach raibh faitchios orra, a n-anál do tharraing, air eagla go sgannróchadh siad an beithidheach gránna. Chomh luath agus léim sí asteach 'san uisge tharraing siad an fear air ais, agus chuir siad air a dhá chois arís é.

Bhí sé trí huaire gan focal do labhairt, acht an cheud fhocal a dubhairt sé, budh h-é ‘is duine nuadh mé.’

Chongbhuigh an Prionnsa ann a theach féin le coicídheas é, agus thug sé aire mhór agus beathughadh maith dhó. Leig sé dhó imtheacht ann sin, agus an inghean agus an déirceach leis, agus dhiúltuigh sé oiread agus píghin do ghlacadh uatha.

‘B'fhearr liom 'ná deich bpúnta air mo láimh féin,’ ar sé, ‘gur thionntuigh mo leigheas amach chomh maith sin; nár leigfidh Dia go nglacfainn píghin leith-phi'n uait. Chaill tú go leór le dochtúiribh cheana.’


p.72

Tháinig siad a bhaile go sábhálta, agus d'éirigh sé slán arís agus ramhar. Bhí sé chomh buidheach de'n deirceach bocht gur chongbhuigh sé ann a theach féín go dtí a bhás é. Agus chomh fad a's bhí sé féin beó níor luidh sé síos air an bhfeur glas arís. Agus, rud eile; dá mbeidheadh tinneas easláinte air, ní h-iad na dochtúiridh a ghlaodhadh sé asteach.

Budh bheag an t-iongnadh sin!