Corpus of Electronic Texts Edition
Le h-ais na Teineadh (Author: Douglas Hyde)

section 3

Mac Righ Éireann

Bhí mac rígh i n-Éirinn, fad ó shoin, agus chuaidh sé amach agus thug sé a ghunna 's a mhadadh leis. Bhí sneachta amuigh. Mharbh sé fiach dubh. Thuit an fiach dubh air an tsneachta. Ní fhacaidh sé aon rud budh ghile 'ná an sneachta,


p.20

ná budh dhuibhe 'ná cloigionn an fhiaich dhuibh, ná budh dheirge 'ná a chuid fola bhí 'gá dórtadh amach.

Chuir sé faoi geasaibh agus deimúgh na bliadhna nach n-íosadh sé dhá biadh i n-aon bhord, ná dhá oidhche do chodladh ann aon teach, go bhfághadh sé bean a raibh a cloigionn chomh dubh leis an bhfiach dubh, agus a croicionn chomh geal leis an tsneachta, agus a dhá gruaidh chomh dearg le fuil.

Ní raibh aon bhean ann san domhan mar sin, acht aon bhean amháin a bhí ann san domhan shoir.

Lá air na mhárach ghabh sé amach, agus ní raibh airgiod fairsing, acht thug sé leis fiche púnta. Ní fada chuaidh sé gur casadh socraoid dó, agus dubhairt sé go raibh sé chomh maith dhó trí choiscéim dhul leis an g-corrán. Ní raibh na trí choiscéim siúbhalta aige go dtáinig fear agus leag sé a reasta air an g-corp, air chúig phúnta. Bhí dlígheadh i n-Éirinn an t-am sin, duine air bith a raibh fiacha aige air fhear eile, nach dtiucfadh le muinntir an fhir sin a chur, dá mbeidheadh sé marbh, gan na fiacha d'íoc, gan cead ó'n duine a raibh na fiacha sin aige air an bhfear marbh. Nuair chonnairc Mac Rígh Éireann mic agus ingheana an duine mhairbh ag caoineadh, agus iad gan an t-airgiod aca le tabhairt do 'n fhear, dubhairt sé leis féin, ‘is mór an truagh é nach bhfuil an t-airgiod ag na daoinibh bochta,’ agus chuir sé a láimh ann a phóca agus d'íoc sé féin na cúig phúnta, air son an chuirp. Dubhairt sé go rachfadh sé chum an teampoill ann sin, go bhfeicfeadh sé curtha é. Tháinig fear eile ann sin, agus leag sé a reasta air an g-corp air son cúig phúnta eile. ‘Mar thug mé na ceud chúig phúnta,’ ar Mac Rígh Éireann leis féin, ‘tá sé chomh maith dham cúig phúnta eile thabhairt anois agus an fear bocht do leigean dul san uaigh,’ D'íoc sé na cúig phúnta eile. Ní raibh aige ann sin acht deich bpúnta.


p.22

Níor bhfada chuaidh sé gur casadh fear gearr glas dó agus d'fhiafruigh sé dhé cá raibh sé dul. Dubhairt sé go raibh sé dul ag iarraidh mná 'san domhan shoir. D'fhiafruigh an fear gearr glas dé, an raibh buachaill teastáil uaidh, agus dubhairt sé go raibh, agus cad é an pháidhe bheidheadh sé ag iarraidh. Dubhairt seisean ‘an cheud phóg air a mhnaoi, dá bhfághadh sé í.’ Dubhairt Mac Rígh Éireann go g-caithfeadh sé sin fhághail.

Níor bhfada chuaidh siad gur casadh fear eile dhóibh agus a ghunna ann a láimh, agus é ag ‘leibhléaracht’ air an londubh a bhí thall 'san domhan shoir, go mbeidheadh sé aige le n-aghaidh a dhinéir. Dubhairt an fear gearr glas le Mac Rígh Éireann go raibh sé chomh maith dhó an fear sin ghlacadh air aimsir, dá rachfadh sé air aimsir leis. D'fhiafruigh Mac Rígh Éireann an dtiucfadh sé air aimsir leis.
‘Rachfad,’ air san fear, ‘má bhfágh' mé mo thuarastal.’
‘Agus cad é an tuarastal bhéidheas tú 'g iarraidh?’
‘Áit tighe agus gardha.’
‘Gheobhaidh tú sin uaim, má éirigheann mo thuras liom.’

D'imthigh Mac Rígh Éireann leis an bhfear glas agus leis an ngunnaire, agus ní fada chuaidh siad gur casadh fear dóibh, agus a chluas leagtha air an talamh, agus é ag éisteacht leis an bhfeur ag fás.
‘Tá sé chomh maith dhuit an fear sin ghlacadh air aimsir,’ ar san fear gearr glas.

D'fhiafruigh Mac Rígh Éireann de'n fhear sin an dtiucfadh sé leis air aimsir.
‘Tiucfad má bhfágh mé áit tighe agus gardha.’
‘Gheobhaidh tú sin uaim má éirigheann an rud atá ann mo cheann liom.’


p.24

Chuaidh Mac Rígh Éireann, an fear gearr glas, an gunnaire, agus an cluasaire, agus ní fada chuaidh siad gur casadh fear eile dhóibh agus a leath-chos air a ghualainn, agus é ag congbháil páirce geirrfhiadh gan aon gheirrfhiadh leigean asteach ná amach. Bhí iongantas air Mhac Rígh Éireann agus d'fhiafruigh sé cad é an chiall a raibh a leath-chos air a ghualainn mar sin.
‘O,’ ar seisean, ‘dá mbeidheadh mo dhá chois agam air an talamh bheidhinn chomh luath sin go rachfainn as amharc.’
‘An dtiucfaidh tú air aimsir liom?’ ar san Mac Rígh.
‘Tiucfad, má bhfágh' mé áit tighe agus gardha.’
‘Gheobhaidh tú sin uaim,’ ar Mac Rígh Éireann, ‘má éirigheann an rud atá ann mo cheann liom.’

Chuaidh Mac Rígh Éireann, an fear gearr glas, an gunnaire, an cluasaire, agus an coisire air aghaidh, agus níor bhfada go dtáncadar go fear agus é ag cur muilinn gaoithe thart le na leathpholláire, agus a mheur leagtha aige air a shrón ag druidim na polláire eile.
‘Cad chuige bhfuil do mheur agad air do shrón?’ ar Mac Rígh Éireann leis.
‘O,’ ar seisean, ‘dá séidfinn as mo dhá pholláire do sguabfainn an muileann amach as sin suas 'san aer.’
‘An dtiucfaidh tú air aimsir?’ ar san Mac Rígh.
‘Tiucfad, má bhfágh' mé áit tighe agus gardha.’
‘Gheobhaidh tú sin, má éirigheann an rud atá ann mo cheann liom.’

Chuaidh Mac Rígh Éireann, an fear gearr glas, an gunnaire, an cluasaire, an coisire, agus an séidire go dtángadar go fear a bhí 'nna shuidhe air thaoibh an bhóthair, agus é ag briseadh cloch le na leath-thóin agus ní raibh casúr ná dadamh aige. D'fhiafruigh an Mac Rígh dhé, cad chuige a raibh sé ag briseadh na gcloch le na leath-thóin.


p.26

‘O,’ ar seisean, ‘dá mbualfainn leis an tóin dhúbalta iad dheunfainn púghdar díobh.’
‘An dtiucfaidh tú air aimsir liom?’
‘Tiucfad, má bhfágh' mé áit tighe agus gardha.’

D'imthigh siad uile ann sin, Mac Rígh Éireann, an fear gearr glas, an gunnaire, an cluasaire, an coisire, an séidire, agus fear briste na g-cloch le taoibh a thóna agus bheurfadh siad air an ngaoith Mhárta a bhí rompa agus an ghaoth Mhárta a bhí 'nna n-diaigh ní bhéurfadh sí orra-san go dtáinig tráthnóna agus deireadh an laé.

Dhearc Mac Rígh Éireann uaidh agus ní fhacaidh sé aon teach a mbeidheadh sé ann an oidhche sin. Dhearc an fear gearr glas uaidh agus chonnairc sé teach nach raibh bonn cleite amach air, ná bárr cleite asteach air, acht aon chleite amháin a bhí ag congbháil dídinn agus fasgaidh air. Dubhairt mac rígh Éireann nach raibh fhios aige cá chaithfeadh siad an oidhche sin, agus dubhairt an fear gearr glas go mbeidheadh siad i dteach an fhathaigh thall an oidhche sin.

Tháinig siad chum an tighe, agus tharraing an fear gearr glas an cuaille cómhraic agus níor fhág sé leanbh i mnaoi searrach i g-capall, pigín i muic, ná broc i ngleann nár iompuigh sé thart trí uaire iad le méad an torain do bhain sé as an g-cuaille cómhraic. Tháinig an fathach amach agus dubhairt sé ‘mothuighim boladh an Éireannaigh bhinn bhreugaigh faoi m'fhóidín dúthaigh.’
‘Ní Éireannach binn breugach mise,’ ar san fear gearr glas, ‘acht tá mo mháighistir amuigh ann sin ag ceann an bhóthair agus má thagann sé bainfidh sé an ceann díot.’ Bhí an fear gearr glas ag meudughadh, agus ag meudughadh go raibh sé faoi dheireadh chomh mór leis an g-caisleán. Bhí faitchios air an bhfathach agus dubhairt sé, ‘Bhfuil do mháighistir chomh mór leat féin?’


p.28

‘Tá,’ ar san fear gearr glas, ‘agus níos mó.’
‘Cuir i bhfolach mé go maidin go n-imthigheann do mháighistir,’ ar san fathach.

Chuir sé an fathach faoi ghlas, ann sin, agus chuaidh sé chum a mháighistir.

Tháinig mac rígh Éireann, an fear gearr glas an gunnaire, an cluasaire, an séidire, an coisire, agus fear briste na g-cloch le taoibh a thóna, asteach 'san g-caisleán, agus chaith siad an oidhche sin, trian dí le fiannaigheacht agus trian le sgeuluigheacht, agus trian le soirm sáimh suain agus fíor-chodalta.

Nuair d'éirigh an lá air na mhárach thug sé leis a mháighistir agus an gunnaire, agus an cluasaire, agus an coisire, agus an séidire, agus fear briste na g-cloch le taoibh a thóna, agus d'fhág sé amuigh ag ceann an bhóthair iad, agus tháinig sé féin air ais agus bhain sé an glas de 'n fhathach. Dubhairt sé leis an bhfathach gur chuir a mháighistir air ais é i g-coinne an bhirréid dhuibh a bhí faoi cholbha a leabuidh. Dubhairt an fathach go dtiubhradh sé hata dhó nár chaith sé féin ariamh, acht go raibh náire air, an sean-bhirreud do thabhairt dó. Dubhairt an fear gearr glas muna dtiubhradh sé an birreud dó go dtiucfadh a mháighistir air ais, agus go mbainfeadh sé an ceann dé.

‘Is fearr dam a thabhairt duit,’ ar san fathach, ‘agus uair air bith a chuirfeas tú air do cheann é, feicfidh tú uile dhuine agus ní fheicfidh duine air bith thú.’ Thug sé dhó an birreud ann sin, agus chuaidh an fear gearr glas agus thug sé do mhac rígh Éireann é.

Bhí siad ag imtheacht ann sin. Do bhéarfadh siad air an ngaoith Mhárta do bhí rómpa, agus an ghaoth Mhárta do bhí 'nna ndiaigh ní bhéarfadh sí orra-san, ag dul


p.30

do'n domhan thoir. Nuair tháinig tráthnóna agus deireadh an lae dhearc mac rígh Éireann uaidh agus ní fhacaidh sé aon áit a mbeidheadh sé ann an oidhche sin. Dhearc an fear gearr glas uaidh agus chonnairc sé caisleán, agus dubhairt sé, ‘an fathach atá ann san g-caisleán sin, is dearbhráthair do'n fhathach a rabhamar aréir aige, agus béidhmíd ann san g-caisleán sin anocht.’ Tháinig siad, agus d'fhág sé mac rígh Éireann agus a mhuinntir ag ceann an bhóthair, agus chuaidh sé chum an chaisleáin, agus tharraing sé an cuaille cómhraic agus níor fhág sé leanbh i mnaoi ná searrach i g-capall ná pigín i muic, ná broc i ngleann, i bhfoisge seacht míle dhó, nár bhain sé trí iompódh asta leis an méad torain a thug sé as an g-cuaille cómhraic.

Tháinig an fathach amach, agus dubhairt sé ‘Mothuighim boladh an Éireannaigh bhinn bhreugaigh faoi m'fhóidín dúthaigh.’
‘Ní Éireannach binn breugach mise,’ ar san fear gearr glas, ‘acht tá mo mháighistir amuigh ann sin ag ceann an bhóthair agus má thagann sé bainfidh sé an ceann díot.’
‘Is mór liom dhe ghreim thú, agus is beag liom de dhá ghreim thú’, ar san fathach.
‘Ní bhfuighfidh tú mé dhe ghreim air bith,’ ar san fear gearr glas agus thoisigh sé ag meudughadh go raibh sé chomh mór leis an g-caisleán.

Tháinig faitchios air an bhfathach agus dubhairt sé, ‘Bhfuil do mháighistir chomh mór leat-sa?’
‘Tá agus níos mó,’ ar san fear beag glas.
‘Cuir i bhfolach mé go maidin go n-imthigheann do mháighistir,’ ar san fathach, ‘agus rud air bith atá tú ag iarraidh caithfidh tú a fhághail.’

Thug sé an fathach leis, agus chaith sé faoi bheul dabhaich é. Chuaidh sé amach agus thug sé asteach mac rígh Éireann, an gunnaire, an cluasaire, an séidire, an coisire, agus fear briste na g-cloch le taoibh a thóna, agus chaith siad an oidhche ann sin, trian le fiannuigheacht, trian le sgeulaigheacht,


p.32

agus trian le soirm sáimh suain agus fíor-chodalta, go dtí an mhaidin.

Air maidin, lá air na mhárach, thug an fear gearr glas mac rígh Éireann agus a mhuinntir amach as an g-caisleán agus d'fhág sé ag ceann an bhóthair iad, agus tháinig sé féin air ais agus d'iarr sé na sean-slipéaraidh a bhí faoi colba an leabuidh, air an bhfathach. Dubhairt an fathach go dtiúbhradh sé péire bhútais chomh maith agus chaith sé ariamh d'a mháighistir, agus cad é an maith a bhí ann sna sean-slipéaraibh! Dubhairt an fear gearr glas muna bhfághadh sé na slipeuraidh go rachfadh sé i g-coinne a mháighistir, leis an ceann do bhaint de. Dubhairt an fathach ann sin go dtiubhradh sé dhó iad, agus thug. ‘Am air bith,’ ar seisean, ‘a chuirfeas tú na slipeuraidh sin ort, agus ‘haigh óibhir’ do rádh, áit air bith a bhfuil súil agad do dhul ann, béidh tú innti.’

D'imthigh mac rígh Éireann agus an fear gearr glas, agus an gunnaire, agus an cluasaire, agus an coisire agus an séidire, agus fear briste na g-cloch le taoibh a thóna, go dtáinig tráthnóna agus deireadh an laé; agus go raibh an capall ag dul faoi sgáth na copóige agus ní fanfadh an chopóg leis. D'fhiafruigh mac rígh Éireann de'n fhear gearr glas ann sin, cá bheidheadh siad an oidhce sin, agus dubhairt an fear gearr glas go mbeidheadh siad i dteach dearbhráthar an fhathaigh ag a raibh siad aréir. Dhearc mac rígh Éireann uaidh agus ní fhacaidh sé dadamh. Dhearc an fear gearr glas uaidh agus chonnairc sé caisleán mór. D'fhágbhaigh sé mac rígh Éireann agus a mhuinntir ann sin agus chuaidh sé chum an chaisleáin leis féin, agus tharraing sé an cuaille cómhraic, agus níor fhágbhaigh sé leanbh i mnaoi, searrach i láir, pigín i muic, na broc i ngleann nár thionntuigh sé thart trí uaire leis an méad torain a bhain sé as an g-cuaille cómhraic. Tháinig an fathach amach agus dubhairt sé ‘mothuighim


p.34

boladh an Éireannaigh bhinn bhreugaigh faoi m'fhóidín dúthaigh.’
‘Ní Éireannach binn breugach mise,’ ar san fear gearr glas, ‘acht tá mo mháighistir 'nna sheasamh ann sin, ag ceann an bhóthair, agus má thagann sé bainfidh sé an ceann diot.’

Agus leis sin thosuigh an fear gearr glas ag méadughadh go raibh sé chomh mór leis an g-caisleán faoi dheireadh.

Tháinig faitchios air an bhfathach agus dubhairt sé, ‘bhfuil do mháighistir chomh mór leat féin?’
‘Tá,’ ar san fear gearr glas, ‘agus níos mó.’
‘O cuir mé i bhfolach, cuir mé i bhfolach,’ ar san fathach, ‘go n-imthigheann do mháighistir, agus rud air bith a bheidheas tú ag iarraidh caithfidh tú a fhághail.’

Thug sé an fathach leis, agus chaith sé faoi bheul dabhaich é, agus glas air.

Tháinig sé air ais agus thug sé mac rígh Éireann, an gunnaire, an cluasaire, an coisire, an séidire, agus fear briste na g-cloch le taoibh a thóna asteach leis, agus chaith siad an oidhche sin go súgach, trian dí le fiannuigheacht, agus trian dí le sgeuluigheacht, agus trian dí le soirm sáimh suain agus fíor-chodalta.

Air mhaidin, lá air na mhárach, thug sé mac rígh Éireann agus a mhuinntir amach agus d'fhágbhuigh sé ag ceann an bhóthair iad agus tháinig sé féin air ais, agus leig sé amach an fathach, agus dubhairt sé leis an bhfathach an cloidheamh meirgeach a bhí faoi cholbha a leabuidh do thabhairt dó.


p.36

Dubhairt an fathach nach dtiúbhradh sé an sean-chloidheamh sin d' aon duine, acht go dtiúbhradh sé dhó cloidheamh na trí faobhar, nár fhág fuigheal buille 'nna dhiaigh, agus dá bhfágfadh sé go dtiubhradh sé leis an dara buille é.

‘Ní ghlacfaidh mé sin,’ ar san fear gearr glas, ‘caithfidh mé an cloidheamh meirgeach fhághail, agus muna bhfágh' mé é rachfaidh mé i g-coinne mo mháighistir agus bainfidh sé an ceann díot.’

‘Is fearr dam a thabhairt duit,’ ar san fathach, ‘agus cia bé áit a bhuailfeas tú buille leis an g-cloidheamh sin rachfaidh sé go dtí an gaineamh dá mbudh iarann a bhí roimhe.’ Thug sé an cloidheamh meirgeach dó ann sin.

Chuaidh mac rígh Éireann agus an fear gearr glas, agus an gunnaire, agus an cluasaire, agus an coisire agus an séidire, agus fear briste na g-cloch le taoibh a thóna ann sin, go dtáinig tráthnóna agus deireadh an laé; go raibh an capall ag dul faoi sgáth na copóige agus ní fhanfadh an chopóg leis. Ní bhéarfadh an ghaoth Mhárta a bhí rompa orra agus an ghaoth Mhárta a bhí 'nna n-diaigh ní rug sí orra-san, agus bhí siad an oidhche sin ann san domhan shoir, an áit a raibh an bhean-uasal.

D'fhiafruigh an bhean de mhac rígh Éireann creud do bhí sé ag iarraidh agus dubhairt seisean go raibh sé ag iarraidh í féin mar mhnaoi. ‘Caithfidh tú m'fhágail,’ ar sise, ‘má fhuasglann tú mo gheasa dhíom.’

Fuair sé a lóistín le na chuid buachaill ann san g-caisleán an oidhche sin, agus ann san oidhche tháinig sise agus dubhairt leis ‘seó siosúr agad, agus muna bhfuil an siosúr sin agad air maidin amárach bainfear an ceann díot.’


p.38

Chuir sí biorán-suain faoi na cheann, agus thuit sé 'nna chodladh, agus chomh luath a's thuit sé 'nna chodladh rug sí an siosúr uaidh agus d'fhágbhuigh sí é. Thug sí an siosúr do'n rígh nimhe, agus dubhairt sí leis an rígh, an siosúr do bheith aige air maidin dí. D'imthigh sí ann sin. Nuair bhí sí imthighthe thuit an rígh nimhe 'nna chodladh agus nuair a bhí sé 'nna chodladh tháinig an fear gearr glas agus na sean-slipéaraidh air, agus an birreud air a cheann, agus an cloidheamh meirgeach ann a láimh, agus cia bé áit a d'fhágbhuigh an rígh an siosúr fuair seisean é. Thug sé do mhac rígh Éireann é, agus nuair tháinig sise air maidin d'fhiafruigh sí ‘a mhic rígh Éireann bhfuil an siosúr agad?’
‘Tá,’ ar seisean.

Bhí trí fíche cloigionn na ndaoine a tháinig 'gá h-iarraidh air spícibh timchioll an chaisleáin agus shaoil sí go mbeidheadh a chloigionn air spíce aici i g-cuideacht leó.

An oidhche, an lá air na mhárach, tháinig sí agus thug sí cíar dó, agus dubhairt sí leis muna mbeidheadh an chíar aige air maidin nuair a thiucfadh sí go mbeidheadh an ceann bainte dhé. Chuir sí biorán-suain faoi na cheann agus thuit sé 'nna chodladh mar thuit sé an oidhche roimhe, agus ghoid sise an chíar léithe. Thug sí an chíar do'n rígh nimhe agus dubhairt sí leis gan an chíar do chailleadh mar chaill sé an siosúr. Tháinig an fear gearr glas agus na sean-sléiparaidh air a chosaibh, an sean-bhirreud air a cheann agus an cloidheamh meirgeach ann a láimh, agus ní fhacaidh an rígh é go dtáinig sé taobh shiar dé agus thug sé an chíar leis uaidh.

Nuair tháinig an mhaidin, dhúisigh mac rígh Éireann agus thosuigh sé ag caoineadh na ciaire a bhí imthighthe uaidh. ‘Ná


p.40

bac leis sin,’ ar san fear gearr glas, ‘tá sé agam-sa.’ Nuair tháinig sise thug sé an chíar dí, agus bhí iongantas uirri.

Tháinig sí an tríomhadh oidhche, agus dubhairt sí le mac rígh Éireann an ceann do cíaradh leis an g-cíair sin do bheith aige dhí, air maidin amárach. ‘Nois,’ ar sise, ‘ní raibh baoghal ort go dtí anocht, agus má chailleann tú an t-am so í, tá do chloigionn imthighthe.’

Bhí an biorán-suain faoi na cheann, agus thuit sé 'nna chodladh. Tháinig sise agus ghoid sí an chíar uaidh. Thug sí do'n rígh nimhe í, agus dubhairt sí leis nár fheud an chíar imtheacht uaidh go mbainfidhe an ceann dé. Thug an rígh nimhe an chíar leis, agus chuir sé asteach í i g-carraig cloiche, agus trí fiche glas uirri, agus shuidh an rígh taoibh amuigh de na glasaibh uile ag doras na carraige, 'gá faire. Tháinig an fear gearr glas, agus na slipeuraidh agus an birreud air, agus an cloidheamh meirgeach ann a láimh, agus bhuail sé buille air an g-carraig cloiche agus d'fhosgail suas í, agus bhuail sé an dara bhuille air an rígh nimhe, agus bhain sé an ceann dé. Thug sé leis an chíar chuig (do) mac rígh Éireann ann sin, agus fuair sé é ann a dhúiseacht, agus é ag caoineadh na cíaire. ‘Súd í do chíar duit,’ ar seisean, ‘tiucfaidh sise air ball, agus fiafróchaidh sí dhíot an bhfuil an chíar agad, agus abair léithe go bhfuil, agus an ceann do cíaradh léithe, agus caith chuici an cloigionn.’

Nuair tháinig sise ag fiafruigh an raibh an chíar aige, dubhairt sé go raibh, agus an ceann do cíaradh léithe, agus chaith sé ceann an rígh nimhe chuici.

Nuair chonnairc sí an cloigionn bhí fearg mhór uirri, agus dubhairt sí leis nach bhfuighfeadh sé í le pósadh go bhfághadh sé coisire a siúbhalfadh le na coisire féin i g-coinne trí bhuideul na h-íochshláinte as tobar an domhain shoir, agus


p.42

dá mbud luaithe a tháinig a coisire féin 'ná an coisire aige-sean, go raibh a cheann imthighthe.

Fuair sí sean-chailleach (bhuitse éigin), agus thug sí trí buideula dhí. Dubhairt ar fear gearr glas trí buideula do thabhairt do'n fhear a bhí ag congbháil páirce na ngeirrfhiadh, agus tugadh dhó iad. D'imthigh an chailleach agus an fear, agus trí buidéala ag gach aon aca, agus bhí coisire mic rígh Éireann ag tígheacht leath-bhealaigh air ais, sul a bhí an chailleach imthighthe leath-bhealaigh ag dul ann. ‘Suidh síos,’ ar san chailleach leis an g-coisire, ‘agus leig do sgíth, tá an bheirt aca pósta anois agus ná bí briseadh do chroidhe ag rith.’ Thug sí léithe cloigionn capaill agus chuir sí faoi na cheann é, agus biorán-suain ann, agus nuair leag sé a cheann air, thuit sé 'nna chodladh.

Dhóirt sise an t-uisge a bhí aige amach, agus d'imthigh sí.

B'fhada leis an bhfear gearr glas go raibh siad ag tígheacht, agus dubhairt sé leis an g-cluasaire, ‘Leag do chluas air an talamh, agus feuch an bhfuil siad ag teacht.’ ‘Cluinim,’ ar seisean, ‘an chailleach ag teacht, agus tá an coisire 'nna chodladh, agus é ag srannfartuigh.’
‘Dearc uait,’ ar san fear gearr glas leis an ngunnaire ‘go bhfeicfidh tú ca bhfuil an coisire.’

Dubhairt an gunnaire go raibh sé ann a leithid sin d'áit, agus cloigionn capaill faoi na cheann, agus é 'nna chodladh.
‘Cuir do ghunna le do shúil,’ ar san fear gearr glas, ‘agus cuir an cloigionn ó na cheann.’
Chuir sé an gunna le na shúil agus sguaib sé an cloigionn ó na cheann. Dhúisigh an coisire, agus fuair sé na buideula a bhí aige folamh, agus b'éigin dó filleadh chum an tobair arís.

Bhí an chailleach ag teacht ann sin agus ní raibh an coisire le feiceál (feicsint). Ar san fear gearr glas ann


p.44

sin, leis an bhfear a bhí ag cur an mhuilinn-gaoithe thart le na pholláire, ‘éirigh suas agus feuch an g-cuirfeá an chailleach air a h-ais.’ Chuir sé a mheur air a shrón agus nuair bhí an chailleach ag teacht chuir sé séideog gaoithe fúithi a sguaib air a h-ais í. Bhí sí teacht arís agus rinne sé an rud ceudna léithe. Gach am a bhidheadh sise ag teacht a bhfogas dóibh do bhídheadh seisean dá cur air a h-ais arís leis an ngaoith do sheideadh sé as a pholláire. Air dheireadh shéid sé leis an dá pholláire agus sguaib sé an chailleach chum an domhain shoir arís. Tháinig coisire mic rígh Éireann ann sin, agus bhí an lá sin gnóthuighthe.

Bhí fearg mhór air an mnaoi nuair chonnairc sí nach dtáinig a coisire féin air ais i dtosach, agus dubhairt sí le mac rígh Éireann, ‘Ní bhfuighfidh tú mise anois go siúbhailfidh tú trí mhíle gan bhróig gan stoca, air shnáthaidibh cruaidhe.’

Bhí bóthar aici trí mhíle air fad, agus snáthaide geura cruaidhe craithte air, chomh tiugh leis an bhfeur. Ar san fear gearr glas le fear-briste na g-cloch lena leath-thóin, ‘téidh agus maol iad sin.’ Chuaidh an fear sin orra le na leath-thóin agus rinne sé stumpaidh dhíobh. Dubhairt an fear gearr glas leis dul orra le na thóin dhúbalta. Chuaidh sé orra ann sin le na thóin dhúbalta, agus rinne sé púghdar agus praiseach díobh. Tháinig mac rígh Éireann agus shiubhail sé na trí mhíle, agus bhí a bhean gnóthuighthe aige.

Pósadh an bheirt ann sin, agus bhí an chéud phóg le fághail ag an bhfear gearr glas. Rug an bhfear gearr glas an bhean leis féin asteach i seomra, agus thosuigh sé uirri. Bhí sí lán dhe naithreachaibh nimhe, agus bheidheadh mac rígh Éireann marbh aca, nuair a rachfadh sé 'nna chodladh, acht gur phiuc an fear gearr glas aisti iad.

Tháinig sé go mac rígh Éireann ann sin, agus dubhairt sé leis, ‘Tig leat dul le do mhnaoi anois. Is mise an fear


p.46

a bhí ann san g-cómhra an lá sin, a d'íoc tú na deich bpúnta air a shon, agus an mhuinntir seó a bhí leat is seirbhísíghe iad do chuir Dia chugad-sa.’

D'imthigh an fear gearr glas agus a mhuinntir ann sin agus ní fhacaidh mac rígh Éireann arís é. Rug sé a bhean abhaile leis, agus chaith siad beatha shona le chéile.