Corpus of Electronic Texts Edition
Le h-ais na Teineadh (Author: Douglas Hyde)

section 2

Bran

Bhí cú breágh ag Fionn. Sin Bran. Chualaidh tú caint air Bhran. Seó an dath a bí air.

    1. Cosa buidhe a bhí air Bhran
      Dhá thaoibh dubha agus tárr geal,
      Druim uaine air dhath na seilge
      Dá chluais cruinne cóimh-dhearga.
Bhéarfadh Bran air ria Gaéthibh-fiádhna bhí sí chomh luath sin.

p.16

Nuair bhí sí 'nna coileán d'éirigh imreas troid éigin ameasg na g-con a bhí ag an bhFéin, agus
    1. Trí fiche cú agus fiche coileán
      Mharbh Bran agus í 'nna coileán,
      Dá ghé-fiadháin, agus an oiread leó uile.
'Sé Fionn féin a mharbh Bran. Chuaidh siad amach ag fiadhach agus rinneadh eilit de mháthair Fhinn. Bhí Bran dá tóruigheacht.
‘Eilit bhaoth fág air sliabh’ ar Fionn.
‘A mhic óig,’ ar sise, ‘Cá rachfaidh mé as?’
    1. Má théidhim ann san bhfairrge síos
      Choidhche ní fhillfinn air m'ais,
      'S má théidhim ann san aer suas
      Ní bheurfaidh mo luathas air Bhran.

‘Gabh amach eidir mo dhá chois’ ar Fionn. Chuaidh sise amach eidir a dhá chois, agus lean Bran í, agus air ngabhail amach di, d'fháisg Fionn a dhá ghlúin uirri agus mharbh sé í.

Bhí inghean ag Bran. Cú dubh a bhí ann san g-coileán sin, agus thóg na Fianna í, agus dubhairt siad leis an mnaoi a bhí tabhairt aire do'n choileán, bainne bó gan aon bhall do thabhairt do'n choileán, agus gach aon deór do thabhairt dó, agus gan aon bhraon chongbháil uaidh. Ní dhearnaidh an bhean sin, acht chongbhuigh cuid de'n bhainne gan a thabhairt uile do'n choileán. An cheud lá do sgaoil na Fianna an cú óg amach bhí gleann lán de ghéadhaibh fiadháine agus d'eunachaibh eile, agus nuair sgaoileadh an cú dubh 'nna measg, do ghabh sí iad uile acht fíor-bheagán aca a chuaidh amach air bhearna a bhí ann. Agus acht gur chongbhuigh


p.18

an bhean cuid de'n bhainne uaithi do mharbhfadh sí iad uile.

Bhí fear de na Fiannaibh 'nna dhall, agus nuair leigeadh an cú amach d'fhiafruigh sé de na daoinibh a bhí anaice leis, cia an chaoi a rinne an cú óg. Dubhairt siad-san leis gur mharbh an cú óg an meud gé fiadháin agus eun a bhí ann san ngleann, acht beagán aca a chuaidh amach air bhearna, agus go raibh sí teacht a bhaile anois. ‘Dá bhfághadh sí an bainne uile a tháinig de'n bhó gan aon bhall’ ar san dall, ‘Ní leigfeadh sí d'eun air bith imtheacht uaithi,’ agus d'fhafruigh sé, ann sin, cad é an chaoi a raibh sí tígheacht a bhaile. ‘Tá sí teacht anois,’ ar siad ‘agus, sgáil' lasta as a muineul agus i air buile.’

‘Tabhair m'impidhe dham anois,’ ar san dall, ‘agus cuir mé 'mo shuidhe ann san g-cathaoir agus cuir gual ann mo láimh, óir muna marbhaim í anois marbhfaidh sí muid (sinn) uile.’ Tháinig an cú, agus chaith sé an gual léithe agus mharbh sé í, agus é dall.

Acht dá bhfághadh an coileán sin an bainne uile do thiucfadh sí agus luidhfeadh sí síos go socair, mar luidheadh Bran.