Corpus of Electronic Texts Edition
Le h-ais na Teineadh (Author: Douglas Hyde)

section 1


p.2

An Táiliúr agus na trí Bheithigheach

Bhí táiliúr aon uair amháin i nGaillimh, agus bhí sé ag fuaigheál eudaigh. Chonnairc sé dreancuid ag éirighe amach as an eudach, agus chaith sé an tsnáthad léithe agus mharbh sé an dreancuid. Dubhairt sé ann sin ‘Nach breágh an gaisgidheach mise nuair a bhí mé ábalta air an dreancuid sin do mharbhadh!’

Dubhairt sé ann sin go gcaithfeadh sé dul go B'l'acliath go cúirt an rígh, go bhfeicfeadh sé an dtiucfadh leis a deunamh. Bhi an chúirt sin 'gá dheunamh le fada, acht an méad dí do ghníthidhe ann san lá do leagaidhe ann san oidhche é, agus níor fheud duine air bith a chur suas mar gheall air sin. 'S iad trí fháthach a thigeadh 'san oidhche a bhidheadh 'gá leagadh. D'imthigh an táiliúr an lá air na mhárach, agus do thug sé leis an uirlis, an spád agus an tsluasad.

Níor bhfada chuaidh sé gur casadh capall bán dó, agus chuir sé forán air. ‘Go mbeannuigh Dia dhuit,’ ar san capall, ‘cá bhfuil tú dul?’ ‘Tá mé dul go B'l'acliath,’ ar san táiliúr, ‘le deunamh cúirte an rígh, go bhfágh' mé bean-uasal, má thig liom a deunamh, mar do gheall an rígh go dtiúbhradh sé a inghean féin agus a lán airgid léithe don té sin a thiucfadh leis an chúirt sin do chur suas.’ ‘An ndeunfá poll dam?’ ar san sean-ghearrán bán, ‘rachainn i bhfolach ann nuair atá na daoine mo thabhairt chum an mhuilinn agus chum an atha i riocht nach bhfeicfidh siad mé, óir tá mé cráidhte aca, ag deunamh oibre dhóibh.’


p.4

‘Deunfaidh mé sin go deimhin,’ ar san táiliúr, ‘agus fáilte.’ Thug sé an spád leis agus an tsluasad, agus rinne sé poll, agus dubhairt sé leis an g-capall bán dul síos ann, go bhfeicfeadh sé an bhfóirfeadh sé dhó. Chuaidh an capall bán síos ann san bpoll, acht nuair d'fheuch sé do theacht suas arís as, níor fheud sé.

‘Deun áit dam anois,’ ar san capall bán, ‘a thiucfas mé aníos ar an bpoll so nuair a bhéidheas ocaras orm.’ ‘Ní dheunfad,’ ar san táiliúr, ‘fan ann sin go dtigidh mé air m'ais, agus tógfaidh mé aníos thú.’

D'imthigh an táiliúr an lá air na mhárach, agus casadh dhó an sionnach, ‘Go mbeannuigh Dia dhuit,’ ar san sionnach. ‘Go mbeannuigh Dia 'gus Muire dhuit.’ ‘Cá bhfuil tú dul?’ ‘Tá mé dul go B'l'acliath go bhfeuchaidh mé an dtiucfadh liom cúirt dheunamh do'n rígh.’ ‘An ndeunfá áit dam, a rachfainn i bhfolach innti,’ ar san sionnach, ‘tá an chuid eile de na sionnaighibh do m' bhualadh agus ní leigeann siad dam aon nidh ithe 'nna g-cuideachta.’ ‘Deunfaidh mé sin duit,’ ar san táiliúr. Thug sé leis a thuagh agus a shábh, agus bhain sé slata, go ndearnaigh sé, mar dheurfá, cliabh dhó, agus dubhairt sé leis an tsionnach dul síos ann, go bhfeicfeadh sé an bhfóirfeadh sé dhó. Chuaidh an sionnach ann, agus nuair fuair an tailiúr shíos é, leag sé a thóin air an bpoll a bhí ann. Nuair a bhí an sionnach sásta faoi dheireadh go raibh áit dheas aige d'iarr sé air an táiliúr a leigean amach, agus d'fhreagair an táiliúr nach leigfeadh; ‘Fan ann sin go dtigidh mise air m'ais,’ ar sé.

D'imthigh an táiliúr an lá air na mhárach, agus ní fada bhí sé siúbhal gur casadh madr'-alla dhó, agus chuir an mádr'-alla forán air, agus d'fhiafruigh sé dhé cá raibh sé ag triall. ‘Tá mé dul go B'l'acliath go ndeunfaidh mé cúirt do'n rígh má thig liom sin dheunamh,’ ar san táiliúr. ‘Dá ndeunfá ceucht dam,’ ar san madr'-alla, ‘bheidheadh


p.6

mise agus na madr'-alla eile ag treabhadh agus ag forsadh, go mbeidheadh greim againn le n-ithe ann san bhfóghmhar.’ ‘Deunfaidh mé sin duit,’ ar san táiliúr. Thug sé leis a thuagh 's a shábh, agus rinne sé ceucht. Nuair bhí an ceucht deunta chuir sé poll ann san mbéam (sail) agus dubhairt sé leis an madr'-alla dul asteach faoi an g-ceucht go bhfeicfeadh sé an raibh treabhach maith ann. Chuir sé a earball asteach ann san bpoll a rinne sé, agus chuir sé ‘peg’ ann-sin ann, agus níor tháinig leis an madr'-alla a earball tharraing amach as arís. ‘Sgaoil mé anois’ ar san madr'-alla, ‘agus deasóchamaoid féin agus treabhfamaoid.’ Dubhairt an táiliúr nach sgaoilfeadh sé é go dtiucfadh sé féin air ais. D'fhág sé ann sin é agus chuaidh sé go B'l'acliath.

Nuair tháinig sé go B'l'acliath chuir sé páipeur amach an méad luchd' céirde do bhí ag tógbháil na cúirte do theacht chuige-sean, agus go n-íocfadh seisean iad — — agus ní bhídheadh daoine ag fághail 'san am sin acht píghin 'sa lá. Do chruinnigh a lán luchd céirde an lá air na mhárach, agus thosaigh siad ag obair dó. Bhí siad ag dul a bhaile andhiaigh an laé nuair dubhairt an tailiúr leó ‘an chloch mhór sin do chur suas air bhárr na h-oibre a bhí deunta aige.’ Nuair d'árduigheadh suas an chloch mhór sin, chuir an tailiúr slighe éigin fúithi go leagfadh sé anuas í nuair a thiucfadh an fathach chomh fada léithe. D'imthigh an luchd oibre a bhaile ann sin, agus chuaidh an tailiúr i bhfolach air chúl na cloiche móire. Nuair tháinig dorchadas na h-oidhche chonnairc sé na trí fathaigh ag teacht, agus thosuigh siad ag leagadh na cúirte go dtáinig siad chomh fada leis an áit a raibh an táiliúr shuas, agus bhuail fear aca buille d'á ord air an áit a raibh sé i bhfolach. Leag an tailiúr an chloch anuas air, agus, thuit sí air, agus mharbh sí é. D'imthigh siad a bhaile ann sin, agus d'fhág siad an méad a bhí ann gan leagan, ó bhí fear aca féin marbh.


p.8

Tháinig an lucht céirde arís, an lá air na mhárach, agus bhí siad ag obair go dtí an oidhche, agus nuair a bhí siad dul abhaile dubhairt an tailiúr leó an chloch mhór do chur suas air bhárr na h-oibre mar bhí sí an oidhche roimhe sin. Rinne siad sin dó, agus d'imthigh siad abhaile, agus chuaidh an tailiúr i bhfolach, mar bhí sé an tráthnóna roimhe sin. Nuair bhí na daoine uile imthighthe 'nna suaimhneas, tháinig an dá fhathach, agus bhí siad ag leagan an méid a bhí rompa; agus nuair thosuigh siad, chuir siad dá ghlaodh asta. Bhí an tailiúr air siúbhal agus é ag obair gur leag sé anuas an chloch mhór gur thuit sí air chloigionn an fhathaigh a bhí fúithi agus mharbh sí é. Ní raibh ann sin acht an t-aon fhathach amháin ann, agus ní tháinig seisean go raibh an chúirt críochnuighthe.

Chuaidh an táiliúr chum an rígh ann sin, agus dubhairt sé leis, a bhean agus a chuid airgid do thabhairt dó, mar do bhí an chúirt déanta aige, acht dubhairt an rígh leis nach dtiúbhradh sé aon bhean dó, go marbhfadh sé an fathach eile, agus nach dtiúbhradh sé dadamh dó anois go marbhfadh sé an fear deireannach. Dubhairt an táiliúr ann sin go marbhfadh sé an fathach eile dhó, agus fáilte, nach raibh aon mhaille air bith air sin.

D'imthigh an táiliúr ann sin, go dtáinig sé chum na h-áite a raibh an fathach eile, agus d'fhiafruigh ar theastuigh buachaill uaidh. Dubhairt an fathach gur theastuigh, dá bhfághadh sé buachaill a dheunfadh an rud a dheunfadh sé féin. ‘Rud air bith a dheunfas tusa, deunfaidh mise é,’ ar san táiliúr.

Chuaigh siad chum a ndinéir ann sin, agus nuair bhí sé ithte aca dubhairt an fathach leis an táiliúr an dtiucfadh leis an oiread anbhruith ól agus é féin, aníos as a fhiuchadh. ‘Tiucfaidh,’ ar san táiliúr, ‘acht go dtiúbhraidh tú uair dam sul a thosóchamaoid air.’ ‘Bhéarfaidh mé sin duit,’ ar san fathach. Chuaidh an táiliúr amach ann sin, agus


p.10

fuair sé croicionn caorach agus d'fhuaigh sé suas é, go ndearnaigh sé mála dhé agus dheasuigh sé síos faoi na chóta é. Tháinig sé asteach ann sin, agus dubhairt sé leis an bhfathach galún de'n anbhruith ól i dtosach. D'ól an fathach sin aníos as a fhiuchadh.

‘Deunfaidh mise sin,’ ar san táiliúr. Bhí sé air siúbhal gur dhóirt sé asteach san g-croicionn é, agus shaoil an fathach go raibh sé ólta aige. D'ól an fathach galún eile ann sin, agus leig an táiliúr galún eile síos 'san g-croicionn, acht shaoil an fathach, go raibh sé 'gá ól. ‘Déanfaidh mise rud anois nach dtiucfaidh leat-sa dheunamh,’ ar san táiliúr. ‘Ní dhéanfá,’ ar san fathach, ‘creud é sin do dhéanfá?’

‘Poll do dheunamh, agus an t-anbhruith do leigean amach arís,’ ar san táiliúr. ‘Déan thú féin i dtosach é,’ ar san fathach. Thug an táiliúr ‘prad’ de'n sgín, agus leig sé amach an t-anbhruith as an g-croicionn. ‘Déan, thusa, sin,’ ar sé leis an bhfathach. ‘Déanfad,’ ar san fathach ag tabhairt prad de'n sgín 'nna bhuilg féin agus mharbh sé é féin. Sin é an chaoi a mharbh sé an tríomhadh fathach.

Chuaidh sé do'n rígh ann sin, agus dubhairt sé leis, an bhean agus a chuid airgid do chur amach chuige, agus go leagfadh sé an chúirt muna bhfághadh sé an bhean. Bhí faitchios orra ann sin go leagfadh sé an chúirt arís, agus chuir siad an bhean amach chuige.

Nuair bhí sé lá imthighthe, é féin agus a bhean, ghlac siad aithreachas agus lean siad é, go mbainfeadh siad an bhean dé arís. Bhí an mhuinntir do bhí 'nna dhiaigh 'gá leanamhaint go dtáinig siad suas do'n áit a raibh an madr'-alla, agus dubhairt an madr'-alla leó: ‘Bhí an táiliúr agus a bhean ann so andé, chonnairc mise iad ag dul thart, agus má sgaoileann sibh mise anois tá mé níos luaithe 'ná sibh-se, agus leanfaidh mé iad go mbéarfaidh mé orra.’


p.12

Nuair chualaidh siad sin sgaoil siad amach an madr'alla.

D'imthigh an madr'-alla agus muinntir Bh'l'acliath, agus bhí siad dá leanamhaint go dtáinig siad do'n áit a raibh an sionnach, agus chuir an sionnach forán orra, agus dubhairt sé leó, ‘Bhí an táiliúr agus an bhean ann so air mhaidin andiú, agus má sgaoilfidh sibh anois mé tá mé níos luaithe 'ná sibh agus leanfaidh mé iad agus béarfaidh mé orra.’ Sgaoil siad amach an sionnach ann sin.

D'imthigh an madr'-alla agus an sionnach, agus arm Bh'l'acliath ann sin, ag feuchaint an ngabhadh siad an táiliúr, agus tháinig siad do'n áit a raibh an sean-ghearrán bán, agus dubhairt an sean-ghearrán bán leó, go raibh an táiliúr, agus a bhean ann sin air mhaidin, ‘agus sgaoiligidhe amach mé,’ ar sé, ‘tá mé níos luaithe 'ná sibh-se agus béarfaidh mé orra.’ Sgaoil siad amach an sean-ghearrán bán, agus lean an sean-ghearrán bán, an sionnach, an madr'-alla, agus arm Bh'l'acliath an táiliúr 's a bean, i g-cuideacht a chéile, agus níor bhfada go dtáinig siad suas leis an táiliúr, agus chonnairc siad é féin 's a bhean amach rompa.

Nuair chonnairc an táiliúr iad ag tigheacht tháinig sé féin 's a bean amach as an g-cóiste, agus shuidh sé síos air an talamh.

Nuair a chonnairc an sean-ghearrán bán an táiliúr ag suidhe síos dubhairt sé, ‘Sin é an cuma a bhí sé nuair rinne sé an poll damhsa, nár fheud mé teacht amach as nuair chuaidh mé asteach ann; ní rachfaidh mé níos foigse dhó.’

‘Ní h-eadh,’ ar san sionnach, ‘acht is mar sin, do bhí sé nuair bhí sé déanamh an ruid damh-sa, agus ní rachfaidh mise níos foigse dhó.’

‘Ní h-eadh!’ ar san madr'-alla, ‘acht is mar sin do


p.14

bhí sé nuair bhí sé déanamh an cheuchta 'nna raibh mise gabhtha. Ní rachfaidh mise níos foigse dhó.’

D'imthigh siad uile uaidh ann sin, agus d'fhill siad. Tháinig an táiliúr agus a bhean a bhaile go Gaillimh. Thug siad dam stocaidh páipéir agus bróga bainne ramhair — chaill mé iad ó shoin. Fuair siad-san an t-áth agus mise an lochán, báitheadh iad-san agus tháinig mise.