¶1] Bhí fear ionn aon uair amháin a rabh Parrach Mha'l Bhrighde air, agus bhí mac aige. Goideadh dhá mhart uabhtha. D'imthigh Parrach Mha'l Bhrighde 's a mhac ar maidin dá g-cuartughadh. Bhí siad ag siubhal go rabh an oidhche ann. Chas toigh orrthu, agus fuair siad lóisdin go lá. D'ársaigh siad gur chaill siad dhá mhairt, go rabh siad dá g-cuartughadh ó lá. Fuair siad a suipeár, sáith feola. Nuair a bhí siad réidh le n-a suipeár, chuaidh mac Pharra' Mhi'l Bhrighde amach ar sgáth cloidhe. Chuaidh nighean an toighe (= tighe) a rabh siad ar lóisdin ann ar an taoibh eile do'n chloidhe. Tháinic buachaill a rabh sí ag súirghe leis.
¶2] Anois, adeir sí leis an m-buachaill, tarr anocht. Tá strainsearaidhe ar lóisdin againn, is fuigfe mé an dorus fosgailte, ag féitheamh ort.
¶3] D'imthigh an bheirt, is tháinic mac Pharra' Mhi'l Bhrighde isteach 'un (= chum) tighe. Fuaras réidh leabaidh dó, agus do n-a gháid in sa' rúm. Bhí leabaidh eile aige (= ag) seanduine an tighe ann, agus aige n-a bhean in sa' rúm ciadna (= céadna). Bhí leabaidh ag an chailin i g-cóirneál na cisdeanaighe.
¶4] Nuair a chodlaigh siad, d'éirigh mac Pharra' Mhi'l Bhrighde, is tháinic sé aníos 'un na cisdeanaighe. Dhruid sé an dorus. Chuaidh sé isteach in sa' leabaidh aige nighin an tighe. Shaoil sí gur'b é an baitleár a bhí aicí a rabh sí ag caint leis tráthnóna an oidhche roimhe.
¶5] Tomhais gá hé tá againn anocht, adeir sí, na fir adaidh (=úd) ar ghoid mo gháid agus mo dhréathair
¶6] D'éirigh cailleach an tighe as a leabaidh, agus cha rabh solus aicí. Ghrópáil sí na leabthacha, agus an leabaidh nach bh-fuair sí acht aon dhuine amháin ann, chuaidh sí isteach 'sa' leabaidh. D'éirigh mac Pharra' Mhi'l Bhrighde as leabaidh an chailin, agus chuaidh sé síos 'un an rúim. Chuairtigh sé na leabthacha, agus an leabaidh nach bh-fuair acht aon dhuine amháin ann, chuaidh sé isteach ann. Chuaidh sé isteach i leabaidh seanduine an tighe.
¶7] A gháid, adeir se, chuala mé gá hé ghoid na ba. Bhí mé aige nighin an tighe ó oidhche, agus d'ársaigh sí damh gá hé ghoId na ba.
¶8] A ráscail, ars' an seanduine, goidé ru aige mo nighin ó oidhche thú? Thoisigh an bheirt ag troid.
¶9] Labhair an chailleach thall 'sa' leabaidh eile: Is truagh mur (= bhur, bhar) n-dóigh, ars' í, má's mar sin a bhíonn siú (= sibh) [ag] troid 'sa' m-baile.
¶10] Shaoil an chailleach gur'b é an gáid agus an mac a bhí ag troid.
¶11] A chailleach dhiabhail, ars' an seanduine, goidé rug thall annsin thu? D'éirigh an chorráid as.
¶12] Éirigh, a gháid, arsa mac Pharra' Mhi'l Bhrighde, seo na fir a ghoid nár (= ár) g-cuid ba. Mharbh siad cionn acú, agus tá an cionn eile amuigh 'sa' choill. Fuigfeamuid goidtí (=goidte) iad. Gheabhmuid a n-gabhail ar maidin.
¶13] Dubhairt fear an tighe nach mar sin a bhéidheadh, acht go bh-fuighead siad an mart a bhí beo is luach na mairte eile. Fuair siad an mart a bhí beo, agus fuair siad luach na mairte eile. Chuaidh an bheirt a bhaile.
¶14] Sin mo sgeul-sa, agus brobh in do bheul-sa, agus ceapaire fada buidhe in mo bheul-sa.