Corpus of Electronic Texts Edition
Merugud Uilix maicc Leirtis (Author: unknown)

section 19


254] & docuaidh ina rúinib & ina comráitib & ina derridib.


255] ‘Caidi do delb & do muinter,’ ar sí, ‘masa tú Uilix?’


256] ‘Docúadar amugu,’ ar sé.


257] ‘Cræd fo deirid dud chomartaib ro fágais agum-sa?’


258] ‘Delg óir,’ ar sé, ‘& cend airgid fair; & rucusa do delg-su leam
259] ag dula dam isin luing & is and sin ro impóis-siu úainn.’


260] ‘Is fír trá sin,’ ar sí, ‘ocus dámad tú Uilix, do fhíarfóchtha
261] do chú.’


262] ‘Nír saílius a marthain etir,’ ar sé.


263] ‘Dorónadh brochán aísi dí agum-sa,’ ar sí, ‘úair do ráthaigius
264] a grád co mór ag Uilix. Ocus cia halt conetir in cú sin?’ ar sí.


265] ‘Dá tæb glé-gela aice,’ ar Uilix, ‘& druim glé-chorcra & tarr
266] cír-dub & earball úainegda.’


267] ‘Is sí túaruscbáil in chon,’ ar sí, ‘& didiu ní lamund duine isin
268] baili a cuid do thabairt dí acht misi & tuso & in rechtaire.’


p.9


269] ‘Tabar in cú asdeach,’ ar sé.