Electronic edition compiled by Beatrix Färberproof corrections by Margaret Lantry
Funded by University College, Cork, School of History and
Marianne McDonald via the CURIA Project.
1. First draft.
Extent of text: 3920 words
Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G305003
Availability [RESTRICTED]
Available with prior consent of the CELT project for purposes of academic research and teaching only. The text is here reproduced with the permission of the copyright owner, the Dublin Institute for Advanced Studies.
CELT: Corpus of Electronic Texts
The present text represents pages 19 of the volume. All editorial introduction, variants, notes and indexes have been omitted.
Text has been proofread twice.
The electronic text represents the edited text. Expansions to the text are marked ex. F, f, and S,s + overdot are rendered F, f, and S,s + h. Instances of æ with acute accent are rendered áe.
Quotations are marked q.
The editor's hyphenation has been retained. Words hyphenated at line-end are reset to be in the line on which the word starts.
div0=the adaptation; div0=the section; paragraphs are marked p; page-breaks are marked pb n=""/. Lines are numbered according to the lineation of the printed text.
Names are not tagged, nor are terms for cultural and social roles.
This text uses the DIV1 element to represent the section.
Created: By one or more unknown author(s). The earliest extant MS is from AD 1300. Date range: 11501300.
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Margaret Lantry (ed.)
Margaret Lantry (File capture)
1] Iar n-indriud & discaíled prím-cathrach na Troíana, turthechta
2]
na nGrec tánic cách díb dochum a críchi & a feraind
3]
dílis féin. Tánic trá Uilix mac Leirtis dá crích & dá ferann co
4]
n-acca úad slébti a ferainn féin.
Is doilig lind trá inní fogébam and siút, .i. in rígan álaind
6]
áilgen ro fhácsamar and a beith ag fir eili i n-ar fíadnaisi & ríg
7]
eli ar ar crích, & ar ferand do beith aigi, ocus ar séna fén im ar
8]
ndeilb gid ar fírindi beam.
9] Ná cuirid fort-su sin, ar a muinntir fri h-
Uilix, úair
10]
fogébum uili int olc sin.
11] Is and sin immorro ro tæscair in gáeth forro-som & ro
12]
cuirid i falc mara móir amach dorigisi co ro bádar blíadain
13]
arin mesc-merugud sin no co ráncadar in oilén mór. & fúaradar
14]
cáercu ollacha mór-aidhbli & ro marbsatar trí cáercu díb & ro
15]
cuirid a pupaill tairrsib & ro tarlait a teinnti & ro hurrlamaigid
16]
a caírigh. Trí lá & trí haidci dóib ann. Iar sin trá adbert Uilix:
17] Is mithig dún imtecht, ar sé.
18] Ní cóir a n-aprai, ar síat a muinter re h-Uilix, úair atá ar
19]
n-daíthin co bráth ina fil do caírib sund.
20] Nocho dingnem foraib, ar sé, gan dula d'iarrair ar n-athar-tíri
21]
bunaid féin.
22] Inní cá fuili d'iarrair, ar síat, toitfimit-ni uili it lurg, amal
23]
ro fágbaid do muinnter uili conaigi so.
24] Is ann sin trá ro fácbadar in oilén
& tángadar ina longaib
25]
dhorís. Ocus ro bádar blíadain arin
muir co ráncadar oilén eli.
26]
Iar tíachtain dóib trá isin
oilén dorala slíab óir dóib i meadón
27]
in oiléin.
28] Is maith in turchairti seo, ar a muinter fri h-
Uilix.
29] Cá fis daíb-si ón, ar sé, nach leór fil do sédaib agaib isin
30]
Traí?
31] Ocus ro gabsat ag tinól in óir no co facadar intí Cicropecda
32]
cuccu. Ocus ní ro fíarfaid scéla díb acht amal ro bátar ann
33]
tánic foithib. In bail a mbíd in cur no cath-mílid ro íadad a
34]
láma umpu guro brúdh & guro minaiged a cnáma & a feóil, &
35]
iar marbad sochaidi díb do túargaib nónbur leis díb etir a dhá
36]
láim im Uilix mac Leirtis. Ó ro ráthaig trá Uilix, in fer
37]
fíamach fír-glic, beith iga breith i forécin ro éla etir uillib a
38]
muintiri sís dochum láir & ro fuccad a muinter úad. Is and sin
39]
trá táinic-sium dochum na long & ro indis na sgéla sin don
40]
nónbur ro baí isna longaib & do ráidhidar a muinter fris:
41] Cuiream tuilled inar luing do sédaib & conglúaisim romuind.
42] Níba fír sin, ar Uilix, no co findar cindus ruccad mo
43]
muinter úaim, & is trúag tind lium a mbreith úaim.
44] Gid trúag sin, ar síat, na habair, úair is ceart in míad lind
45]
do beith-siu etraind.
46] Is and sin táinic Uilix d'íarrair in fhir móir co ríacht co
47]
dorus na húamad. Adcondairc-sium na gnúisi adbána etlaidi a
48]
muintire isin úamaid gá déchain amach.
49] A áes cumtha, ar sé, is mór in gábad i fuilti.
50] Is fír, ar síat, & rot-ber fén as.
51] Níba fír ón, ar sé, co 'mbarala dam & int aithech.
52] Inneo, ar síat, cá hacfaind fil agad do cur fris? Nocon fail
53]
do géri do slegi ná do daingni do láma (sic) ní risa roisid
54]
fograinne do slegi cnáim ina churp.
55] In fobairthi-si éirgi tairis aníar? ar sé.
56] Trúag aní sin, ar síat, atáid trí coiscéimenna cach fir againd
57]
etir a dá chích.
58] Cá fis daíb-si, ar sé, in barbardacht fil ina churp nach fuil
59]
truma as dingbála di ina churp ina codlad?
60] Éirgid tairis aníar, ar sé,
& tócbaid bar n-anála i n-úachtar
61]
bar cléib du bar n-édrumugud tairis.
62] Ro éirgidar-sum & tángadar tairis amach & ro bádar trí
63]
coiscéimenna cach áen-fhir díb etir a dá chích ic imthecht tairis
64]
amach.
65] Dénam imthecht bodeasda, ar síat.
66] Noco ba fír ón, ar Uilix, co 'marala dam-sa & int aithech.
67] Táinic dá insaigid, & in áen-shúil mór ro baí a tulphortaib
68]
a édain, ro chuir fograinni na slegi etir in dá abra & tucustar
69]
sáthad arin sleg isin súil gurbo monur dó a imdítin arin loch
70]
lethan-mór lind-usci ro mebaid esti. Cid trá acht ro craith in
71]
slíab & ro gáir in úama risin n- esarchosairt dorinne in fer
72]
rúaid-remur ró-mór dá chosaib & dá lámaib ic siriud intí dorad
73]
in ainigin fair, & táncadar ina luing asa aithli sin. Áirmiter fear
74]
do muintir Uilix do dul ar dreimni & ar deáithi gurub é in fear
75]
sin dorala d'Aeinias mac Ainichis dia mbaí for loingis.
76]
Blíadain trá do Uilix ar muir iar tíachtain asan oilén sin &
77]
nónbur dia muintir is ed ráinic imshlán leis co tír du neoch nach
78]
fúair bás tria gallraib anaichnib. Tánic íarum Uilix a tír co
79]
tarladar maic ingairi dó oga n-almaib. Ba fear fíamach fír-glicc
80]
trá in fear sa & ba coitchindbérla, úair ro foglaimthea leis bérla
81]
cacha tíri a téiged, & ro fíarfaid scéla tresin bérla ro fogain dóib.
82]
Ocus is ed fúair acco gurb é brethem na fírindi robo airech isin
83]
crích sin.
84] Cá fírindi fognas dó? ar Uilix.
85] Gach duine doní a fhoglaim aigi ro-soich a dúthaig fo
86]
chétóir, ar íat-sum.
87] Cidh dam-sa, ar Uilix, nach dingnind foglaim aigi?
88]
Ní fuil a acfainn agad, ar in freisnesid, úair ní fagbaidter
89]
aicept in áen-láe gan deich n-uingi fichet do dearg-ór dó.
90] Ocus tusa, for íat-som, cársa cúich thú?
91] Do élóichtib na Troíana dam-sa, ar sé.
92] Ocus táinic úaidib ar amus a luingi & ro fíarfaigedar a
93]
muinter scéla de. Ocus ro indis dóib feib adcúala & ro baí gá
94]
ráda riú foglaim do dénum, & is ed ro ráidsiut ar sin nach roibi a
95]
thoisc accu a dénum, úair ro thuitsidar ar fuilt & ro theimligedar
96]
ar ruisc & ro dorcaidsedar ar ngnúisi & ro glasadar ar
97]
ndéta. Ní bud oirches dún ar n-ór ná ar n-indmus do thabairt
98]
ar fhoglaim nach tuillfid dún do dénum.
99] Cá ferr daíb, ar Uilix, a fhágbáil ar bernadaib báegail nó ar
100]
doirrsib aideda, nás a thabairt ar foglaim tuillfeas daíb
101]
bidéin?
102] Is and sin trá tángadar rompo isan dúnad & dorala dóib fer
103]
in baili forsin faithchi & ro fíarfaig scéla díb. & ro innsitar dó
104]
gach dochair fúaradar & ro fíarfaig díb créd 'ma tángadar.
105] Tángamar do foglaim agad, ar síat.
106] Fogébthai-si sin acht gu rob acfaing a dénma acaib.
107] Cá hacfaing etir ón? ar síat.
108] Ni tabraim-sea aicept áen-láe gan deich n- uingi fichet do
109]
derg-ór dam.
110] Fogébum duit-siu sin, ar síat.
111] Ro ferad fáilti friu & tuccad codailtech fo leith dóib. Tugaid
112]
trá áirthi bíd & lenda dóib ind & dorinnead folcad & fothracad
113]
dóib & deisidar and in aidchi sin. Ro éirgidar co moch arnamárach
114]
gusan inad a roibi breithem na fírindi. Ro toimsit deich
115]
n-uingi fichet do derg-ór dó & dorindi-sium aicept dóib-sin.
116] Iss é seo trá ant aicept dorindi dóib .i.
117] Gémad áen-athair & áen-máthair do beith agaib bar nónbur,
118]
& gémad áen-duine ro marbad bar n-athair & bar máthair, & a
119]
thachar a cenn comairli cugaib, gan a marbad sin lib no co
120]
nderntai trí comairli lib uimi & no co n-airchend bar mbeith
121]
uili d' áen-eólus tre bithu. Ocus gid áen-duine agaib tegmus,
122]
ar-aíde ná maídid int écht no co ngaba fo thrí ara anáil & co
123]
n-derna comairli a menman budén. Mad ead didiu dobera a
124]
menma asa comairli, maídid int écht iar sain.
125] Abair beos! ar síat.
126] Nocon faighbithi aniud acht sin, ar sé.
127] Tángadar dá taig iar sin.
128] Is ór i n-aiscid siúd, ar a muinter fri h- Uilix.
129] & ro bádar and in aidchi sin, & gérbo maith a fritháilem in
130]
cét-aidchi rob ferr in aidchi sin.
131] Ro éirgedar co moch arnamárach & tángadar 'na teach
132]
n-aicepta. Ro toimsit deich n-uingi fichet d'ór dó & is ed adbeir:
133] Int shligi a n-imtigi gach láe, ná lenaid frith-rót ná frith-chasán,
134]
acht leanaid in sligid móir.
135] Abair ar sin, ar íat-som.
136] Ní bértai d'fhoglaim aniugh acht sin, ar sé.
137] Tángadar dá tig ar sin.
138] Is ór dímaín siút, ar a muindter fri h-Uilix.
139] Ní fes nach fuigter a greim, ar Uilix.
140] & gér maith a frithálem in dá cét-aidchi rob ferr in treas
141]
aidchi. Ro érgedar co moch arnamárach & táncatar ina tech
142]
n-aicecht. Ro toimsit deich n-uingi fichet do derg-ór & is ed
143]
adbert-som:
144] In faicthi in grían i trát sa?
145] Atchíamait, ar íat-som.
146] Ná glúaisidh neach agaib asa áit ná asa adba ge do beith do
147]
mét a tindenuis no go rob in grían isin aird ina fhil in trát sa.
148] Abair ar sin, ar íat-som.
149] Nochon aigbithi d'foglaim don chúairt sea úaim-sea acht
150]
sin, ocus ná himigid-si amárach gur aigilliur-sa sib.
151] Táncatar da tig iar sin & do érgedar co moch arnamárach
152]
& táncadar arin faichthi amach & dorala int ógláech dóib arin
153]
faichthi, & ro timain celebrad dó & ro fácatar beandachtain
154]
aga.
155] Beir leat, ar in breithem, in cilfing mbicc seo do thimna &
156]
dia fuaislaige tú uirri seo, nocho rís do dúthaig co bráth.
157] Is beag in luagh lindi sin ar rochtain ar tíri, ar Uilix.
158] & ro tincaisced eólus dóib gan muir dochum a tíri. Ro
159]
imthigedar iar sin & in fad ro bádar ar sligid ní head áirmither
160]
sunn. Acht rángadar coigcrích móir & teach n-aíded coitcheand
161]
isin coicrích sin & tángadar-som and amal gach n-áen. Doriacht
162]
as cach aird sochaidi mór isin teach n-aided. Íarfaigis cách díb
163]
dia chéli cá leath no ragtais amárach.
164] Tíagmaid isin coigcrích, ar síat.
165] Cid trá acht ro éirgedar-som in lín ro bádar isin tig aíded.
166]
Tángadar ar gort ón tig amach. Uilix trá is ed adbert-side:
167] Is olc docúadar, ol sé, mo deich n-uingi fichet d'ór úaim-seo
168]
gan anad co n-éir in grían isan aird adubrad rind.
169] Is and sin do suid-sium.
170] Crét sin? ar a muinter fris.
171] Anfat agum foglaim, ar Uilex.
172] Inní ga fuili d'íarrair, ar síat, ar toitim-ni ad lurg. Amal
173]
ro toitset foreand na cethri long fichet ro toitset ar Troí ad lurg,
174]
toitfimid-ni a n-indus cétna ad lurg.
175] In anad doníthi-si? ar fer dun chuidechta.
176] Is ed, ar íad-som.
177] In eólach sib-si 'sin choigcrích?
178] Ní heólach, ar íad-sam.
179] Nach faicthi-si in gart & in sligid?
180] Adchíamaid-ni, ar síat.
181] Insaigid sin, ar sé, & dá roisdi tairis sin, ro-soisdi imshlán
182]
bar tír.
183] Ro imthigsiut in chuidechta iar sin & ro anastair Uilix
184]
cona muintir gur éirig in grían asan aird adubrad fris.
Iss é siúd, ar síad, tosach na cuidechta arint shligid & dá
186]
m-bemis-ni and siút astrásta ro-soisium imshlán.
187] Dar lium-sa trá, ar Uilix, ní díb in buidin sa a timceall in
188]
guirt amuig & ní díb in sirid sa dun leith eli.
189] Ocus ro condcadar fo chétóir ag sceinm fón chuitechta íat co
190]
nár fhácsat duine a mbethaid.
191] Adchíthi siúd, ar Uilix.
192] Adchíamaid, ar síat. As maith, ar síat, greim bar n-deich
193]
n-uingi fichet d'ór daíb.
194] Ocus imthigmid-ni bodeasda, ol sé, úair scaílfid siúd a
195]
haithli an áthais.
196] Táncadar iar sin rompo isin sligid co ríachtadar tar in coic-crích.
197]
Táncadar a n-díthrub mór & nír lensat caí ná conair dun
198]
phrím-shligedh amach. Acht chena táncadar días dá muintir ar
199]
frith-chasán amach & fúaradar a n-oidid fo chétóir.
200] Cid trá acht táncadar-som conaigi a ndúnad badéin in
204] Ro ráidis rib siúd, ar Uilix.
205] Is égin a fhulung-sin, ar síad.
206] A daíne maithi úd tair, ar in rígan .i. Peneloipi a hainm,
207]
cia sib-si etir?
208] Daíne mescda muiridi sindi, ar íat-som.
209] Imthigid, ar sí, isin teach n-aíded.
210] Ro fritháiled in aidchi sin iat co ráncadar ina n-imdaid.
211] In fedabair-si inní rob áil lium? ar sé.
212] Nocon fheadamar, ar síad.
213] Úaim éláid ro baí agum-sa asin cathraig amach fón talmain
214]
& is and atá indara dorus di ag an cathair tall & comla dlúta fris & in
215]
dorus eli arin faichthi amuigh & lóthar lecc-cloichi fair. Is ed is
216]
áil dam-sa, dul tresin dorus n-imechtrach & ar fud na húama
217]
anund no co riis in imdaid, & in bail a mbiad a n-éninad arin
218]
adhart in cloidem du gabáil forro a n-dís.
219] Is olc in chomairli sin, ar síat, Is córo duid dul ar amus ríg
220]
Gréc & t'imned d'écaíne fris, & amal docúaidais-sium ina
221]
shochraidi-sium ticed-sam at sochraidi-siu do chosnum t'atharda
222]
dúithchi duid-siu.
223] Níro léicid na déi adhartha sin, ar Uilix.
224] Ro bí aithbear imaithber agá muintir fair-sin.
225] Nocor thoitemar uili ad lurg amlaid sin, ar síad.
226] Is and sin trá ro éirgis-sium úathib-sium d'indsaigid
227]
na cathrach anund no co ráinig in imdaid & adcúala comrád na
228]
desi fora n-adhart.
229] & ro nocht a chloidem fo chétóir & túargaib in láim.
230] As olc greim m'fhogluma dam, ar sé, gan gabáil ar m'aigned
231]
tús co n-gabainn ar m'anáil.
232] Túargaib in láim fo thrí co mbenad dés in chloidim fri
233]
muinél na desi. In tres fecht túargaib in láim & rob áil leis int
234]
écht do maídem. Is and ro ráid in rígan:
235] Uch, uch, a maic! ar sí. Anois tárfas dam t'athair-siu ós ar
236]
cinn & ro boí oc folmaisi ar ceand do beinn dínn. Indar leis-sium
237]
rob fer cáemfhuar coímtech tusu. Tuingim-sea fana déib
238]
adartha, ar sí, connach fedar-sa cin ó fhir eli ó ro imig sin a
239]
sochraide Gréc & torrach ro fáccaib misi in tan ro immig. Ocus
240]
tusu ruccad dun toirrches-sin. Nocur léigiusa corp neich in
241]
áen-lepaid rium acht a fhuil-sium & m'fhuil-sea ac coiméd a einig-sium.
242] [gap: soft-hyphenated word carried up to preceding line]
243] Adcúala-sam trá in comrád sin & ro fhailtigh a aignid fris.
244]
Ro éirig-si & ro caíestair frasa dér. & ro baí-sium ag éstecht fria
245]
gur toit a chollad fair no co tánic derid aidchi. Ro éirig iar sin
246]
& ro bo méla mór leis-sium in codlad-sin. Táinic reme amach
247]
& ro laig etir a muintir & ro indis-sium in scél sin dia muintir.
248]
Ocus rugsatar a altugud buidhi duna déib. Ro érgeadar
249]
arnamárach & tángadar isin teach cédna.
250] A daíne maithi, ar in rígan, cársa cia sib-si etir?
251] Uilix mac Leirtis misi, ar sé.
252] Ní tú int Uilix rob aichnid dúin- ne, ar sí.
253] Is mé co deimin, ar sé, & indésad mo chomartha duit.
254] & docuaidh ina rúinib & ina comráitib & ina derridib.
255] Caidi do delb & do muinter, ar sí, masa tú Uilix?
256] Docúadar amugu, ar sé.
257] Cræd fo deirid dud chomartaib ro fágais agum-sa?
258] Delg óir, ar sé, & cend airgid fair; & rucusa do delg-su leam
259]
ag dula dam isin luing & is and sin ro impóis-siu úainn.
260] Is fír trá sin, ar sí, ocus dámad tú Uilix, do fhíarfóchtha
261]
do chú.
262] Nír saílius a marthain etir, ar sé.
263] Dorónadh brochán aísi dí agum-sa, ar sí, úair do ráthaigius
264]
a grád co mór ag Uilix. Ocus cia halt con hí etir in cú sin? ar sí.
265] Dá tæb glé-gela aice, ar Uilix, & druim glé-chorcra & tarr
266]
cír-dub & earball úainegda.
267] Is sí túaruscbáil in chon, ar sí, & didiu ní lamund duine isin
268]
baili a cuid do thabairt dí acht misi & tuso & in rechtaire.
269] Tabar in cú asdeach, ar sé.
270] & ro érgidar ceathrar ara cend & tucsat leo asteach hí. &
271]
amal adcúala-si fogur gotha Uilix tug builli ara slabrad co tuc
272]
in cethrar ina laigi ar fad in taigi ina degaid gur ling i n-ucht
273]
Uilix & guro ligh a gnúis & a aigid. Ó'dconncadar muinter Uilix
274]
sin ro lingsiud cuigi. In duine díb nach roiched a chneas re
275]
phógad do pógad a édach & nír glúais a ben ris-sin.
276] Is tú Uilix, ar sí.
277] Is mé, ol sé.
278] Is imda lucht na cumachta, ol sí, & taiscfet-sa m'áentuma
279]
co tí do dealb duit-siu.
280] Seachtmain dó and in tan tuc-si aichni fora
deilb & ro
281]
áentaigedar iar sin.
282] Atá cilfing beag agam, ar Uilix, tucc
m'oidi dam & adubairt
283]
rium a tabairt id láim-siu gan fhoslugud furri no
co tuccaind
284]
duit-siu hí.
285] Ro fhoslaig furri fo chétóir; deich n-
uingi & cethri fichit
286]
tucustair-sium arin foglaim is ed ro baí innti
& tinni óir ara
287]
úachtar do choiméd a fírinde
fair.
288] Conid é merugud Uilix maic Leirtis ó
thús co derid co sin.
FINIT.