Corpus of Electronic Texts Edition
In Cath Catharda (Author: [unknown])

caibidil 12


1625] Toghail cathrach na Masilecdha annso sís.


1626] O ro siacht tra la Césair gleod cecha lesa budh adhlaic
1627] dó isin Roimh amail fá lor leis, tuc a dírma sloigh leis
1628] asin cathraigh immach do tairmcéimniugud tar senbennaibh
1629] sneachtaidhibh Sléibho Elpa síar docum na h- Espaine cech nh-díruch.
1630] IS é adhbar imma n-dechaid in réim sin: da urrigh
1631] do muintir Poimp bádar ina h- urrlámhus, & dréchta dérmára
1632] d'óccaibh na Rómhánach ina fharradh: Petrin & Aiffrin a n-anmann,
1633] & is ed ba menmarc leis-sium a n-díchor asin
1634] Espain uile muna gialldais dó.


1635] Cech cathair & cech caislén seoch a ticedh ar fut na
1636] h-Etáile nó idhnaictís do-sum geill & eteri ar a omhan & ar a
1637] imecla, no co rainic cathraigh na Masilecdha i forbha & i n-imell
1638] in tíri. Do Grégaibh do bunadh lucht na cathrach
1639] sin, Poicis ainm a cathrach cén do bátar isin Gréic, & ro
1640] toghladh in cathair sin forra, & do dechatar isin Étáil iarsin,
1641] co ro cumdaighedh cathair leo inti a n-imell in tíre for ur
1642] in mara, Masilia a h-ainm.


1643] Ro búi snaidm caradraidh atarru & Poimp {MS H folio 400} cona
1644] tréiccfedh nech a chéile díbh airet nó mairdís. Maith tra ro
1645] congbudh uatha sum in caradradh sin, uair cía rainic Césair


p.126


1646] cona slóghaibh ina n-dócum ní ro lensat do mícomhull na do
1647] cédludh a ceneóil Grecdha, & ní moidi ro impódar ar Poimp.


1648] IS í comairle do rónsat iarum, techta do chur uatha docum
1649] Cesair, & gésca pailme do breith cuigi i comartha sídha,
1650] dá fhis in fetfaidís tré ceilg na tré caencomhrádh bruth a fheirgi
1651] & a aicenta do toirnem & a n- étlódh cen giall dó.


1652] Tancadur tra na techta sin co n-desedar for inchaibh Césair,
1653] & is ed ro ráidhset ris: ‘A Césair,’ ar siat,‘is ed fogébhthar
1654] in bhur lebhraibh airissen & annálta fein lucht na
1655] cathrach so do coméirghi libh docum cecha cinedha eireochus
1656] inbhor n-aghaidh isin domhan; & is ed sin ro maidhsem
1657] dúinn cosaniu, & ní congnamh libh ac denam cocaidh inmedhónaigh
1658] atraibh féin.’


1659] ‘Ar t' fhírinni riut-sa, na furáil tré écin orainne inní náro
1660] gnáthaighebhair dúinn cosaníu, uair atá do lór slóigh acut
1661] inar n-écmais-ne, & nocha n-inann indtinn ata ocoinde immon
1662] cath catharda & ac cinedhaibh aili in domain uile. Ni
1663] bu sirsan on cena
, uair dámadh inand duthracht dúinn
1664] ní cuirfithe dogrés in cath cathordha.’


1665] ‘IS í so ar toisc-ne cucut, mása sídh no caencomrac is
1666] toil let do dhénum, fácaibh do shlóigh ina longphort annso, &
1667] tair féin linne co n-derntur do frestal & do frithólum acoinne;
1668] & intan do ragha Poimp ticfa chucaind fon innus cétna, & léicc
1669] in cathraigh ina h-istudh coitchenn atraibh fon samhla sin.’


p.128


1670] ‘Más é airrdercugud fillet tocht a crichaib Espaine, ní
1671] h-ardaigh dáine mar sinne is cubaidh duit do slóighedh do tairmesc.
1672] Ni h-ór na h-airget na h-innmus ata acoinn-e annso, &
1673] ní soraidh dúinn féin imairic catha do gnim. Ocus is misti
1674] dontí leis a ragham i cenn catha, uair budh air bus ráen da
1675] m-bem-ne maille fris, & ní fhuil maith isin domhan acoind acht
1676] comull caradraidh amáin.’


1677] ‘Aráe sin, mas ed is cinnti let-sa ar n- gabháil-ne ar écin, &
1678] dul for ar múraibh, & doirsi ar cathrach do brisedh, is nempoindighi
1679] deit a triall, uair cía do loiscthi ar tighi foraind-e,
1680] & cía ro soisedh dún beith ic sugud na criadh & ic ól ar fhola
1681] féin lé tart & lé h- ítaid, & ic tomhailt ar cloinde & ar m-bancéile
1682] lé gorta, is tuscu ro fhaemomais-ne sin inás do ficfámais
1683] tar in m-breithir do rat-sum re Poimp, & do bermais gialla
1684] ar écin duit.’


1685] Ocus ro érigh ruithengris ádhbul & ruamnadh romór a n-gnúis
1686] & a n-aigid Césair d'fhiuchudh na feirgi fírgairbhi {MS H folio 401} atracht
1687] ina mhenmain don aithesc sin ro ráidhset na Masilecda fris.


1688] IS ed isbert iarum:‘Is dimain dona deóradhaibh Grecdha,’
1689] ar sé, ‘inní do beir bréic umpo, ar cía beith tinndeithnes orum-sa
1690] docum na h-Espaine ní h-uatha sumh rachad no co toghlur
1691] a cathair forra. IS coir dáibh-si chena, a degmuinter,’ ar sé
1692] Césair ré sloghaibh, ‘deghmenma do denamh don turchairthe
1693] catha so do rat for conach féin ar sligid díbh. Uair amail
1694] tostas & taethmaighes a h-aenur in gáeth gailbhech mona
1695] fhaghbha friththairisem fría, & amail téid bruth na tente


p.130


1696] romór ar cúl mina fhaghbhuid ní cnaighid nó loiscid, is fon
1697] samla, sin cena téid gal & gaisced na laech & na lath n-gaile
1698] ré lár mina fhaghbhuid naimdiu nó bidhbhadhu do frithtairisiumh
1699] friu i ré catha nó imairic.’


1700] ‘Ro bo éidigh dam-sa,’ ar sé,‘inni aderaid rium do dénam, mo
1701] shlóigh d'fácbháil & techt am aenur ina cathraigh, & inní ara táit
1702] inggabhail is ed do gebhait .i. cath. Do bert-sa mo breithir rígh fris
1703] na dedhelum don cur-sa comba derbh & combá demhin léo nach
1704] fuili n-énaimsir frium-sa rí na taisech is ferr conách catha ina mé.’


1705] Tancadar na techta da tigh lesin athesc sin. Césair
1706] immorro ro impó side a slóghu don t- sét sliged ar a rabhadur, & do
1707] taet cum cathrach na Masilecdha. Cidh íat son didu, nír'som
1708] omhnach imeclach, & nír'sam cennais cairdemhail, & nír'som mín
1709] muinterdha in imbeirt do rónsat ic frestul na slógh. Nir'bó frestal
1710] carat for carait, nó muinteri for tigerna sin, acht frestal námhat
1711] for námhait & bidhbad for bidhbadaibh in frestal & in frithólum
1712] do bertsat forra. Ro dúnait & ro dlúthdaingnighit doirsi na cathrach
1713] leó do sonnaibh & do sabhthaibh, do genntibh & do glasaibh
1714] & do thédaibh & réfedhaibh & re slabradhaibh, cona raibhe
1715] isin múr uile inadh budh daingne ná budh díthoghlaidhi inás.
1716] Ro línaid acco a n-istudha debhtha & a tuir trebhurdaingne
1717] do laighnibh lethanglasaibh & do sleghaibh slinngeraibh & do
1718] shaighdibh finna forórdha & do corránaibh áithibh iarnaidhibh
1719] & do clochaib tulamais & do chairrgibh cenngarbha.


1720] Atracht a n-glasláith & a n-aes óccbhaidh 'na n-drongaibh
1721] & 'na n-dírmadhaibh for taibhledhaibh an bhaile, co n-dernsat


p.132


1722] fál catha & coroin a dlúith díthoghlaidhi díbh, uillind fria
1723] uillind & dóid fria doíd & gualaind fria gualaind immórtimcell
1724] in múir. Ocus ro tocbad scellbolg do scíathaib órcobhradchaibh
1725] áille forra co m-benadh bile in scéith fria araile dibh ina n-imtachmung,
1726] cor'ba lór d'áibhnes a thaidhbred intan sin beith
1727] ac á féchain re h-áengile in mhúir {MS H folio 402} aelta iar n-íchtur
1728] & lé h-ilbrectradh n-dath n- éxamail na cathsciath cumdachta iar
1729] medhón, & le ruidhedh gnúissi na míled & le taidligh na
1730] cathbarr ós biledhaibh na scíath iar n- uachtur.


1731] O 'tcondairc Césair íat fón n-innell sin, is ed do róine,
1732] sosadh & longphort do gabháil i tulaigh aird dobí i comfhocus
1733] don baile, & fosudhmagh comlán ina mullach uile, & tulach
1734] ele ba comard riasin issin leith ba nesa dóibh don cathraigh.
1735] Ocus is ed ba menmarc le Cesair, comlínadh criadh & fót do
1736] tabhairt iter in da tulaig sin co roistís a shloigh leis isin cathraigh
1737] tara múraibh anund. Arái ní h-edh sin do roine, acht ó
1738] tairnic leis ordugud a longphuirt, & ó ro toccbaid a pupla
1739] & do rónadh botha leis na slóghaibh do rónta clais dermair leis
1740] í n-imthachmung na cathrach don leith ó tír cor' gabh in
1741] clais sin ó imell an longphuirt co caladh in mara sís, & ro
1742] léiccedh tobair & fhuarána & srotha fíruisci in muighi uile
1743] isin clasaigh sin leis, co snigdis uile seoch in cathraigh isin
1744] muir co na faghbaidis lucht na cathrach díl a tarta no a n- ítad
1745] d'uisci, & cidh teichedh do thísadh fútha cona fédfadis
1746] techt conair ele acht a cenn in longphuirt. Ocus do rónta da
1747] dúncladh dímóra leis ré dá taebh na clasach on longport co
1748] muir. Ocus ro tócbuid tuir & cnuic debhtha aige do criaidh


p.134


1749] & d'fódaibh ós airenach na cladh sin co m-bidís na slóigh ic
1750] glíadh & ic imdíbhrucud díbh for lucht na cathrach.


1751] Cinco dernadais na Masilecdha do maith ríamh acht saethur
1752] a commór sin d'furáilemh ar muintir Césair ba lór do tócbhail
1753] a clú & a n-oirdercais co bruinni m-brata, uair ní
1754] raibhe imfuirech ic lucht éncathrach isin Etail uile im gialladh
1755] do Césair acht occo a n- aenur.


1756] IS í airmeirt ar a tarla Cesair, lúthech catha do dénam
1757] aigi do díscailedh na múr & do dul ar in cathraigh ass. Ros-faidh
1758] iarum a slóghu fóna fedhaibh & fona cailltibh bádar i
1759] comfoicsi dóibh do buain adhbair na lúthighi catha sin do
1760] caelach & do clárach & do sonnaibh & do sabtaibh & do
1761] shailghibh. Ocus ro trascradh na caillti léo, & ro cuirit a n-eocrainn
1762] dermára for lár, & ro tarrngid & ro tairbhirid for righthibh
1763] laech & for guaillibh míledh & a nertaibh damh & assan
1764] docum in longphuirt.


1765] Ocus nír'bó lór lé Césair fós a tucsat léo, & tarrustair
1766] fidhnemhedh dlúith dorcha i farrad in longphuirt ina fhiadhnaisi,
1767] & ní lamhadh nech a tadhall, na crann da crandaibh
1768] do buain, fábithin ba fidhnemhedh coisrectha dona déibh
1769] adhurtha o thus in domain h-é, & ba h- ádhbhul a adhuath & a
1770] urgráin. Dath fola doendai for cech n-aen crann ann. Ní
1771] lamhadh én na h-ethaid a aidi na adhbha do dénam i
1772] m-barr crainn da crannaibh. Ní loisced tene íat, & ní trascradh
1773] gaeth. Draigi & nathracha & ainmidhi{MS H folio 403}
1774] neime in cech aird & in cech airchind de.


p.136


1775] Ro forcongair Césair for a muintir in fidhneimedh sin do
1776] buain, uair bá gar focus dóibh é, acht cena nír' lamhsat na
1777] slóigh dul dá buain, fá dáighin do sháilsat cech béim do beradh
1778] cech fer díbh docum in crainn combad ina ballaib fein do
1779] tecémhadh.


1780] O 'tcondairc Césair a n-ecla mór sin for a slóugh, ro
1781] gabh féin tuaigh móir ina láimh, & ro gabh for esargain na
1782] n-darach ba h-airdi leis itcondairc isin fidhnemhedh sin, & ní
1783] ro scar ría co ro chuir ina loighi for lár, & atbert iarsin:
1784] ‘Scuchaidh fón caill, a óccu,’ ar sé: ‘leicet aithber na dei form-sa
1785] minab toil léo a buain.’


1786] La sodhain atrachtadar uile lé forcongra in ardrígh, & ní
1787] dechaid omhan na n-dei chena díbh, acht ba mó ecla Cesair
1788] forra, & is lugha ro lamhsat fuirech a breithre, & ro cúiredh
1789] léo in fidhnemhedh do lathair fochétoir. Ba h-é dlús & tighi
1790] ro tuitset na crainn co tairisedh in crann i n-airdi 'arna buain
1791] dá bun ar dlús & ar imad na crann ele do cech aird futha.


1792] Ba maith leis na Maisilecdha in gnim sin do denam
1793] lé Césair, uair dar léo no aithfidis na dei acétóir ar Césair
1794] denam in gnima sin, acht ní raibhi a snim sin fair-sium, acht
1795] co roisedh leis in ni fó dard láimh do denam.


1796] Ro tinóiledh ina docum féin & óccdaim & assain na
1797] crich comfhocus, co ro cumscaigthi in lúithech catha sin ón
1798] longphort docum na cathrach, ar ní ro cuimgedh a dénam í
1799] comfhocus don cathraigh.


1800] Ó thairnic leis teclaim & tinól na n-adhbar sin uile, tucad
1801] propretóir da muintir 'na dócum, Decius Brútus a ainm, &


p.138


1802] ro muin & ro tecaisc dó amail do génadh in lúithech catha, &
1803] ro forcongair fair-sem ic imshuidi na cathrach& in dá míled
1804] & tri catha déc .i. .x. cét ar .xx. cét in cech cath & ceithri
1805] léghióin do slóghaibh imaille fris, & cen dedhail ria noco ná
1806] fácbadh cloch ar cloich inti. Ocus téit féin ré toisc & re túrus
1807] a crichaib na h-Espáine cona sloghaibh leis, ar nír' míadh leis
1808] lucht aencathrach isin domhan do toirmesc a sluaigid ime.


1809] Ocus dorónadh iarum in lúithech catha sin do cumdach
1810] ac Brútus, amail ro ordaigh Cesair, & ró timairgid a roibhi
1811] do rothaibh & do fénaibh acco a n- éninadh, & ro coraighid
1812] cláraigh & sailghi & eochrainn dermára ina srethaibh comarda
1813] forra anuas, & ro cumdaiged duma mor do chriaidh & do
1814] fódaibh forra sin fós, & gnímh cláraigh & caelaigh do cech leth
1815] imme na ro scailedh & na ro scandradh ní ó céile dhe.
1816] Senistri imdha & doirsi debhtha fair. Inadh infhoilighthi ann
1817] fein ina medhón dona h-asanaibh & dona h-óccdamaibh no beitis
1818] ic fogluasacht na fén & na lúthighi catha batar fae, & dona
1819] míledaibh no betis {MS H folio 404} acá n-gressecht. Ocus ro cumdaighset
1820] fós dá thor trebhurdaingne ósin dumha móir sin d'fhoidibh do
1821] imscainnir estib tarcenn in luchta nó bétis íar n-íchtur ann.


1822] O 'tcondaic iarum Brutus ar tairsin in t-shaethair sin ro
1823] línadh & ro h-eagradh é do glére laech & d'óccaibh fon armgaisced,
1824] & ro h-innledh a h-assain & a h- occdaim do tarraing
1825] & d'fogluassacht na fén & na lúthighe batar fóe, & tucaid
1826] lucht a n-gresechta ina farrad, & ro greissit uile iarum i n-énshíst
1827] & i n-énfhábhall.


p.140


1828] Lá sodhain trá do berar fogluasacht fírcalma & urrach allmarda
1829] écíallaidhe, & borbtharruing brathamail forsin lúithigh
1830] catha léo óda imellbord in longphuirt co comfocus múir na
1831] cathrach.


1832] O 'tcondcatar na Masilecdha intshamail tulcha dermaire ic
1833] faelsnam tarsin faithche dá saighidh, & o 'tcualadar ruamghail
1834] na roth & dresernach na clíath & toranngair na clár
1835] oc á cumscugad, & fothrom na fén ica foghluasacht, & allgotha
1836] na n-anradh, & flescbemnech na slat & na n-echlasc i lámhaibh
1837] na laech ic a n-díanbrostugud & oc gresecht laighiudh na
1838] n-dam & na n-ech & na n-assán, & o 'tcualatar didu sétfedhaigh
1839] & analfadaigh na n- anmanna n-inndlighthech & comtuarcain
1840] a cos fria fosadhclár na faithche icc ascnam ina n-dóchum, ro
1841] gabh crith & omhun & imecla íat. Indar-leo fá talamcumscugud
1842] coitchenn tainic i fótaib & i fidhisibh in talman
1843] uile. Bá machtnugud & ba h-ingnad mór léo cen múr na
1844] cathrach do trascairt co lár leis.


1845] Do ríacht immorro in lúithech catha sin i cenn na faithche
1846] & ní ro gabhadh rís nocor' suidigedh é slis re slis ré múraibh in
1847] bhaile. Bui d'imarcraidh airdi ann seach na muruibh, co
1848] m-bá sís nó thuitidis na h-airm os cinn in lochta no bídís ar
1849] na h-inadhaibh ba h-airdi ná céile ar taibhliudh in baile.
1850] Ro cathaighset tra muinter Cesair & na Masilecdha co ferdha
1851] sétrech iarsin, acht cena ba sonairti dibrucudh muinteri na
1852] Masilecdha inás díbhrucudh muinteri Cesair, ar badur fortamhlaigthi
1853] & ba cobhsaidhi na h-inadha debhtha i rabhadar,
1854] & didu batar a trelmha diubhraicthi urlumha occo d'imarcraidh
1855] fós. IN lethgóe no laitea asin trelamh díbh sin do níd sligid
1856] dé fén tresin cathcléith arm no bidh ar inchaibh muintiri


p.142


1857] Cesair. Nó mairedh a nert urchuir ann ar tolladh dheissi nó
1858] trír díbh. In cloch nó in carracc tulamais no laitea asin trelum
1859] díbh sin do múiredh triar no ceathrar roimpi feibh tísadh
1860] carracc dérmhair do mullach mórshléibhe do níth cuarcumaisc iter
1861] fheóil & cnaim do cech corp cusa roisedh.


1862] Ó 'tcondcatar muinter Césair na frestlaidis lucht na cathrach
1863] a n-diubhrucud, do chuatar a ruadhbolgánaibh a slegh
1864] remur rodírech & i n-urdornaib a cloidhem, & ro scuchsat i
1865] comfhocus dóibh. IS amhlaidh tancatar, & coróin dlúith da
1866] scíathaibh ina timchell, & cathclíath dá n-gaeibh ós a cennaibh,
1867] & cách díb og díden araile, & inni occá m-bíadh in scíath ic
1868] diden in neich oc ná bídh. Do cuatar for dimain trelmha
1869] díbraicthi lochta na cathrach ann sin, {MS H folio 405} ar ní bendais
1870] na h-urchuir re muintir Cesair iter, acht is tara n-eisi do
1871] tuitidis ara n-imfhoicsi do lucht na debhtha.


1872] Ro scuirset na Maisilecdai iarum da trelmaib dibraicthi,
1873] & ro gabhsat for frestal a namhat do clochaib tulamais & do
1874] laighnibh lethanghlasa & dá n-doidibh & dá righthibh féin. Acht
1875] cena bá brigh bhecc le muintir Césair sin, ar ro scarsat
1876] nerta na trelumh fresna h- urchuraibh, & ro scenndis na clocha
1877] & na h-airm do cennattaibh na lúirech & do tulaibh na sciath
1878] & do círaibh na cathbharr & do taibhledhaibh in luithigh
1879] catha & dona cathclíathaib slegh, feibh ro scenndís cetha
1880] cloichshnechta do gnimaibh cloch no do cumdaighibh cláraigh.


1881] Do ratsat araill do muintir Césair cliatha caelaigh mora
1882] ós a cennaibh & scratha fót tairsibh anechtair, & ro gabhsat
1883] for toghail in múir do réithibh toghla & do sleghaibh íarnaidhibh.


p.144


1884] Ocus ro h-adhannadh bruth & brígh i cridib na Masilecdha desin,
1885] & bá báigh brathar tairisidh do rónsat in-aigid a m- bidhbad.
1886] Atraghat a n-oenur fecht inan dóchum. scailtír & combruiter
1887] na cathcliátha sin léo do beraibh iarnaidhib & do tenntibh
1888] lethloiscthibh & do molaibh carracc n-dermair, co cuiredh ár
1889] na laechraidi batar futhu.


1890] Scíthaightir lámha muinteri Cesair iarsin, & scuirid a
1891] cliatha
catha dermára díbh, & téid a saethar i mudhu. Ocus
1892] facbhaid in cathraigh & imtighid co dubhach dobrónach docum
1893] a longphuirt. Cér'ba lór do maith lé lucht na cathrach fortus
1894] dídin a cathrach & comhéd a múr, araisin, ó 'tcondcatar
1895] in sluagh ele ic fácbhail in inaidh catha & oc saighidh a longphuirt,
1896] tancadar fochétóir asin cathraigh amach, & tucsat
1897] athennedha tenedh & lócharnda lasamhna léo, & ro adhainset
1898] tinidh in cech aird & in cech airchind don lúithigh catha,
1899] co n-dernadh aenbréo tenedh de iter clárach & caelach &
1900] cloich, & conár'bó airdi a dethach inass a lasair. Ocus ro
1901] scuapadh dono lé h-athaigh na gaéithe in lasair sin fa longphort
1902] muintiri Cesair, coro loisced blogh mor de, & ro impódar
1903] na Masilecdha co subhach somenmach docum a cathrach,
1904] & ba sámh a codladh inn aidhchi sin.


1905] Tallsat muinter Césair a céill annsin do conach catha
1906] tíre, & is í comairle do rónsat, a toicthi mara do innsaigid & do
1907] taiscéladh dá fhis in budh ferr a conách catha long. Ro fornit
1908] iarum co dian tinnesnach a longa léo do tarrachtain do
1909] leth én muir do toghail na cathrach. Ní snimach tra ro


p.146


1910] h-ordaighedh cuma na long sin. Ni denta delbha na rinnighecht
1911] forra. Ni deligthe acht a rusclána ria fidradh, & ní
1912] búi decair na deliugud etarru & crainn na caille acht cromadh
1913] {MS H folio 406} ar a cláraibh sin namá, & ba lor le muintir Cesair
1914] sin acht co m-bedis cobhsaidhi re cathugud estib.


1915] O tairnicc cumdach in cobhlaigh romóir sin leó, ro léigit
1916] a longa occo le trethan srotha Rodain docum in mara moir,
1917] cor' gabsat port isin cuan i fiadhnuisi na cathrach in aidchi sin.


1918] Cíar biat occbaid na Masilecdha immorro, in aidhchi
1919] sin, nir'bó tost dóibh, ar ro scibait a núalonga léo & ro trebhurdaingnighid
1920] a senlonga, & ro fornit & ro forlínaid íat do
1921] gléire gasraidh in bhaile, eter shen & ócc, co rabhatar co furnaithi
1922] urlama isin port cétna.


1923] O tairnic dobhurshoillsi na maidne muiche 'arna márach, &
1924] o 'tcondcatar dellraid & saighnénraid na gréne glansoillsi 'na
1925] ruithnibh bristechaibh re mórtonnaibh in mhara, & ó ro chuatar
1926] cith-anfhethna na h-aidhchi for cul co tarrla in muir ina clár
1927] comréidh taethéglidhi for cinn in catha, atrachtadur milid
1928] mercalma mertrena & foirne forníata in cobhlaig cechtardha,
1929] & ro gabhsat for uracrad na long luchtmur & na m-barc
1930] m-bronnfhairsing & na libhurn leburgorm o fhochraibh in tíre.
1931] Ocus desidar ina suidhe ar sesaibh na long, & tucsat smachtbann
1932] imruma forra for cnaturbárcaibh in cobhlaig asna


p.148


1933] cuanaibh amach, co clos fóna crichaib comfhoicsibh tarmghal na
1934] lestur lánádhbul & escal in mórmara oc a trentuargain do basaibh
1935] na ruádhrámha i r-righthibh na laech, co rabhatar na
1936] longa lánmora ar crithnugud & ar combocadh, iter tairrngi &
1937] clárach, otá a m-bruinne co h-errais.


1938] Ro córaigset muinter Césair a cobhlach ar taidhecht asin
1939] cuan immach. Tucsat a libherna & a minlonga i medhón a
1940] cobhlaigh, & tucsat na longa bá mó occo & ara rabhadur tri
1941] sretha no ceithri sretha no cóic sretha do rámhaibh ina timcull
1942] amuich & amach, i leith risin muir moir & re cnes in catha.


1943] IN taisech toghaidhi ro búi occo .i. Brutus, is ann ro
1944] ordaigh a luing fén i n- airenuch in cobhlaig re h-ucht a
1945] bidhbad. Ba h-ádhbhul méd na luingi sin, airdi h-í naid
1946] longa in cobhlaig uile: tuir móra & iduis debhtha uossa. Sé
1947] sretha do rámhaib uirre, mór & adhbul a fat ón t-sreith uachtaraigh
1948] díbh co muir.


1949] O ro comhfhoicsigh dona cobhlaighibh arsin co ná bí acht
1950] énbhaing imramha etorra, ro gabhsat mílid & laithghaile in
1951] cobhlaig cechtardha ar gresecht & ar nertadh a slóigh co
1952] m-beidis co ferdha seitrec i n-aghaidh a namat.


1953] Tucsat gaire móra ós aird la sodhain. Cíar bhó adhbhul
1954] síatghal inn imramha & comthairmnech na ráma ní clos
1955] ní díbh lé méd in uaill aerdha atracht uaistibh ann. Tucad
1956] in spaing sin tra co díchra dúthrachtach léo, & ní ró
1957] ansat di cor' tolgsat in cobhlach i slis araili. Búi do treisi


p.150


1958] {MS H folio 407} ro comtuairgset co rócuirset na longa fora cúla dorísi
1959] co rancadur a m-bruinnedha i n-inadhaibh a n-errais.


1960] IS annsin iarum atrachtadar na forne dona sesaibh & ro
1961] tharlaicset saithe bodhbha & cetha nemhe etarru do shaighdibh
1962] a fidhbhacaibh & do beraibh biraigthe & do laighnibh lethanlebraibh,
1963] coná facus in t-aer seachu cein badar os aird & conna
1964] faccas
in mhuir trithu o ro thuitset isin n- edarfolum búi
1965] iter in dá cobhlach.


1966] Tucad bann ele arna cobhlaigibh co n- dechadar araill
1967] dona longaibh cechtardhaibh imásech araile. Do róine cuarcumuisc
1968] don muir & combuaidhred futhu. Na tonna no cuirtis
1969] longa muinteri Cesair dibh no impaitis fochétoir ó longaibh
1970] na Masilecdha, coná bí samhail in mhara fúthu acht
1971] intan tecaim in lán mara ac diraim 'na ruadhbuinne robhurta
1972] i n-aigid na gaeithe. Acht atá ní chena, bá soirthiu
1973] dona Masilecdhaib cur in catha annsin inás do muintir Césair,
1974] ar robtur athlumha étroma a longa, & bá soirbh a stiúradh
1975] & a n-dírugud & a n- impódh, & ba sodhaing saighidh
1976] & inggabháil námhat estib. Longa muinteri Cesair immorro
1977] bátar troma, úra, inmalla iat sén, & nirb' urusa a n-dírugud
1978] inás a n-impódh, acht chena nír' cobhsaidhi cathugud
1979] ar tír na estibh .


1980] O 'tcondairc in taisech toghaidhi .i . Brutus in n-abairt
1981] sin fora m-batar
longa na Masilecdha cuigi & uadh, ro gabh
1982] for acallaim a stiurasmainn, & ro ráidh ris slis a luingi do
1983] córugud re bruinnedhaibh long na Masilecdha, & do róine in


p.152


1984] stiurasmann amhlaid sin, & ro coirighedh na longa fá comnesa
1985] dóibh in innus cétna. Na longa do roichedh cuigi iarsin
1986] ní h-uatha no impodh, acht nó fostaighthi leó-sum do corránaibh
1987] íarnaidhibh, & nó cengaltai do shlabhradaibh slemonríghnibh.
1988] Ocus ro dluthaighidh in cathugud íarsin, & ro foilghid in t-edarfasach
1989] bui don muir eter na da coblach
& ro congbhaid
1990] & ro comfuaighid longa in cobhlaig cechtardha slis re
1991] slis & bord fria bord, conar'bo comfoicsi don fhir díbh a comguaillidhi
1992] imruma féin inás a bidhbaid don leith anaill. Ocus
1993] ní ro fhoghainset a n- urchair náit a n-díbraicthi dóibh ó h-oin
1994] anunn. Ro cumascit na lámha leo, & ro claechlait na bémenna,
1995] & ro tuairgid na cathbhairr, & ro cuadur for imbeirt
1996] a scíath & for taithbémendaib a cloidhem, & ro gabhsat co
1997] sesmhach sírthairbhertach oc frestal & oc frithailemh brathbémenn
1998] a m-bidhbad tar imellbordaibh na long.


1999] Atorcradar sochaidi dibh annsin i cessaibh & i crólighibh
2000] & i crislaighibh a long fein, & ro shnighdis srebha & sruthána
2001] na fola flannrúaidhi a corpaibh na curadh & a h-innibh na
2002] colg n-dét, co m- bídis 'na caebaibh rothiugha & 'na n-uanfadhaibh
2003] cró for barr-uachtair na tonn mór mara. Ocus
2004] ro imdhaigh in t-ár iarum & itrochradar na colla díchennta
2005] iter na longaibh isin muir, conach cuimgidis na slabhrada
2006] iarnaidhi a n-acomhal ré dlús & re h-imat {MS H folio 408} na corp
2007] cirrthe & na colann croderg etarru. Ocus no thuitidis na láich
2008] lethmharbha isin muir, co m- bídis araile díbh ac ól a fola féin
2009] maille is in serbshaile in glasmara, & no bidis araill ele for a
2010] n-anfadh & for a n-imbádhudh co faghbaidis a n-oidedha


p.154


2011] le sesaibh & le cláraibh na long lánbristi oc ráen & ac rotuitim
2012] forra anúas. Ní téighedh béim na h-urchur for dimáin
2013] no imraill isin gliaidh sin cen cnes curadh do chirrbhadh nó
2014] cen clár luinge do ledradh, & a tecmadh isin muir díbh is i
2015] corpaib laech do tairistis.


2016] IS annsin ro láa curudha & latha gaile in cobhlaig cechtarda
2017] for tocbháil a fedhma catha & for imdúgud gnim n-gaiscid
2018] for na slóghaibh. IS annsin ro indsaighsat dá luing do
2019] longaibh na Masilecdha cur' íadhsat in luing ócláigh do
2020] muintir Césair, Tághus a ainm, & ro roinn Tághus foirenn a
2021] luinge ar dó .i. lethfoirenn i n-aghaidh cecha luinge díbh.
2022] Ocus atracht féin ina inadh féin .i. i lipting a luinge, & ro
2023] gabh for comfrithailemh in dá stiurasmann dá dheis & dá
2024] clí. Fecht ann do rat a imill for falmaire indara long díbh
2025] & ro gabh co sétrech sírcalma ic á fostadh. Fornit in da
2026] stiurasmann in dá shleigh i n-énfecht ind, co tarrla indara slegh
2027] díbh i n-imell a droma & araill i cleith a ochta for comair
2028] a craidhe coro comrithset a dá slinn a forfholamh a chléibh.
2029] Tarrustair ina shesam, & ni fhidir ca crecht díbh tar a snighfedh
2030] a fhuil artús. Ro dún a bél & ro inbholg a anál & ro
2031] scendset in dá shleigh í n-énfecht as, cor' mebhdadar dá
2032] buinne ruadhfhola for a shlicht, corob amhlaid sin fuair bás.


2033] Ro dhírigh Gelón mílid do Masilecdhaibh a luing docum
2034] muinteri Césair. Maith fer ón in fer sin, na raibhe


p.156


2035] lámh budh fherr do stiuradh luinge i n-aimsir anfaidh. Ní
2036] raibhe fer budh eólchu for rithim leg. reithini na for anfine.
2037] Ro búi dá treisi & dá sétrighi ro stiur in fer sin a luing
2038] curo bris comuaim & comhdlúthugud luinge a bidhbad re
2039] bruinde a luinge. Acht chena ro dírigh óclách do muintir Cesair
2040] in sleigh seimnigh dá saighid-sium, co tarrla i mullach a
2041] ochta ind go rucc urrainn trit cor' fhácaibh a anmain & sé
2042] ic tennadh na stiure cuigi d'impódh na luinge.


2043] IS annsin ro gab Giair, mílid do Masilecdhaibh, bord
2044] luinge Gelóin & sé ic tidhecht a bádhudh intan ros-tócaib
2045] ón muir súas co m-bui a ucht-bruinne fria bord na luinge.
2046] IS ann innsmais in fer do muintir Cesair in gáe ind, cor'
2047] gabh ina luing trit, co raibhe for bangánaigh esti, & in góe
2048] ac a fulang.


2049] Da óclách shaerclannda do Masilecdhaibh batar isin
2050] cath, dá bráthair derbha íat. do aen lamhnadh ro tuismit araen.
2051] ní bí deccair na eterderrsgnugud delbha etarru. Búi dá
2052] cosmhailes, ná h-aithgnedh nech fer seoch a cheile díbh noco-ros-dedhail
2053] bás & corob cuimniugud cuma dá cairdibh dercadh
2054] indara fer dibh airet ro bo beo ó fuair araile bás. Amail
2055] batar in diassin ann doroich long muinteri Cesair bord fria
2056] bord risin {MS H folio 409} luing i rabhadar, co n-derna clethrámh
2057] cumaisc dá rámhaibh. Sínes indara fer díbh a láimh deis
2058] asin liphting i m-bí cor' dún a glaicc im bord luinge a bidhbad.
2059] Nochtais óclach do muintir Cesair fot láimhe laich da


p.158


2060] cloidhemh, & do bert ruchall tarsin láimh, coro thesc in righidh
2061] ar dó, & cor' fhácaibh innglaicc i lenmhain na luinge. Sínes
2062] in Masilecdha an laim clé do tarrachtain na laime tescdha.
2063] Formis an t-óclach cétna béim comadhais do cloidhemh dó,
2064] cor' letrastair in láimh clí ó bún na gualann de. Acht chena,
2065] cía ro letradh lamha in laeich sin, co ná búi tuailgius a airm
2066] na a scéith do congbáil, níró léicc cruas craidhe dó time ná
2067] teichedh do dénam, & ní dá fholach fo shesaibh na luinge
2068] do cuaidh, acht tainic ar inchaibh a lethemain, & cech beim &
2069] cech forécin nó fhuirmhithea a fer dia muintir ticedh sium
2070] eturru co m-bá h-ind féin no tecmadh. Ocus o ro rathaigh
2071] airdhena bais ina dóchum & a fhuil oc snighi ina linn for
2072] slechttaibh na slegh & na cloidhem asa chorp, ro gab for
2073] a anáil & do bert urtócbhail miled fair, & ro ling a n-airdi, & ro
2074] léicc béim n-asclainn de i luing muinteri Cesair, cor' urchoidigh
2075] a truma dóibh, ar nír thualaing imberta arm forra.


2076] Ro línad a long ársin do spairtibh cró & do collaibh
2077] curadh, co ro scáilset a comuamanna & co ro línad do serbhsháile
2078] in glasmara, & co ro tollait a h-ábhair, & co ro slugaid
2079] a fúdomain & a fírichtur in oicéin, cona foirinn, & ro reith in ruadhbuinne
2080] romhórrobhurta fo shamhail saebhchoire ina h- inadh da h-éissi.


2081] Mór do ernailibh bais ingnáthaigh anabhaidh do fhuaradur
2082] saerclanna in lá sin.


2083] Fecht n-aen ann ro lá fer do muintir Cesair lámhcorrán
2084] iarnaidhi uada d'fastudh na luinge Masilecdha, & ised do rala
2085] i Licid láechmilidh do Masilecdhaibh, & do tarraing in corran F


p.160


2086] Licit leis tar bord na luinge immach. Tarrustair
2087] a muinter féin for dá colpadhaibh & ro gabhsat ica imtarraing
2088] imme, co ros-roinn in lám-corrán íarnaidhi in díb m-bloghaibh,
2089] & ruc in m-bloigh ó cris suas leis, & ro fhácaibh in m-bloigh ó
2090] cris sís isin luing, & ro thuitset a inne & fochull a bronn isin
2091] muir. Ocus ni búi scibudh anma na bethad ina leth inichturaigh,
2092] & in leth uachtarach immorro búi sein for anamthaigh
2093] fria ré cían. Fobíthin is ann ro badar na baill
2094] beóthacha & istudha na h-anma .i. áe & inchinn & craidhe &
2095] ubhall braighet. Ocus o ro batar iarum lucht na luinge na
2096] Masilecdha uile co tairbertach for lethbord na luinge oc fostódh
2097] Licit & ic cathugud fria muintir Césair, ro cuaidh in
2098] bord sin na luinge fáe in muir rompu, & ro impó in
2099] bord ele forra, & tainic a long tar a mullach, & nír cuimciset
2100] lúth a cos nó a lámh, & in saile ic a formúchad i crislach
2101] a luingi noco fuaradur bás.


2102] Tarrustair araile ánradh for imbádhudh ann, & búi in
2103] fer sin co setrech sírcalma ic snamascnam na tonn don drumcla
2104] dar aile. Isi conair a tuc in anfin e, airm inar,
2105] comraicset dá luing lánlúatha {MS H folio 410} fó énbaing imruma
2106] isin cobhlach. Is ann dos-rala sum for barr uachtarach na
2107] tuinne iter dibh brainibh in dá long sin co n- dernsat cnámbrétaigh
2108] & desi fodhailti dá cnamaibh & dá uilib inmedhónachaibh
2109] etarru, & nírsat airmisc dá bloiscbeim na


p.162


2110] m-bruinne ic comtuargain sin, & intan ro scuchsat na longa
2111] for cúla uadha atrochair-sium isin muir, & is cuma no scended
2112] in serbhsáile tar a créchtaibh & no tobrúchtadh slímradh a
2113] inde & a inathair & fulradh a craidhi ina liaibh dubhfhola &
2114] ina lomannaibh cró tar a bélaib sechtair; & fuair bás amhlaidh
2115] sin.


2116] Drong mor do Masilecdhaibh do batar for a n- ocharbádhudh
2117] fos, & ro scuchsat i n-aenfhabhull docum na
2118] luinge Masilecdhae ba comnesam dóibh, & ro righset a lámha
2119] i n-aensist & i n-aénuair ina bord, & ro gabh in long for
2120] crith & for utmaille desin, & adaghat iarum in fhoirenn, &
2121] gabhait ic imscothadh a lamh díbh dá claidhmibh, coro lensat
2122] a n-glacca i m-burd na luingi & dorochradar a cuirp tamhnaighthi
2123] i fúdomain in mara fo a n-urcomair.


2124] Ocus ro chuaidh scithlim mór for a n-armaibh in airet
2125] sin. Ro mebhdadar a laigni & a craisecha ina n-innsmaib.
2126] Ro mebdatar
a slegha & a foghadha foebhracha i tollaib
2127] a suainemh, & ro mebhdatar a cloidhmhe ina n-imdhornaibh
2128] & a corrána ina cromthaibh.


2129] Arai sin ro thimthir a n-gal curadh & a m- bruth níadh
2130] armu elo dóibh, ar no imredh cách dib for araile na
2131] rámhada & na sesa & stiura na long, & nó bristis na longa
2132] féin léo, fá comair a cláraidh do díbhrucud dá naimdibh.


2133] Na h-abaighi & na cuirp cirrthi nó bidis isna longaibh
2134] nó for uachtur in mara ina fochraibh no tescdais iat &
2135] no díbhraicdis iarsin. No tairngidis sochaidhe díbh na


p.164


2136] h-armo no bídis ic congbail a n-inne & a n-inathar inntu astu
2137] féin, & no cuirdis a m-bassa for a crechtaibh airet no bídis ic
2138] dibhrucud in airm nó ic fuirmedh in beime.


2139] Frith airecc ingnadh & elada fírglicc le muintir Cesair
2140] annsin .i. ro h-adhnait coinnle cíartha & lócharnda giusta léo,
2141] & nó cuirdis ar derglasadh íat fó slesaibh & fo bruinnibh &
2142] fo eraisib
long na Masilecdha. Ocus nó lastais fo chétoir
2143] na senlonga lasamna 'arna m- bréoad do pic & do geirid &
2144] do céir. Ba truagh tra ro bas isin cobhlach arsin. Téighedh
2145] an fer díbh ar teichedh a loiscidh isin muir dá bádhudh,
2146] & ticidh in fer asin muir ar teichedh a báidhte isin luing
2147] for lasad dá loscud, & ní bí ecla báis ar nech dibh acht
2148] in bás ó tinnscnadh écc.


2149] Cidh íat in lucht ro búi for ocharbadhudh díbh, nír'bo
2150] meirbh a feidm isin gliaidh sin, ar do bídis araill díbh ac
2151] tinól arm na long bá comnessa dóibh, & bídis araill ele ic
2152] imairecc in catha frisna bidhbadaibh tecmhaitis for imbádhadh
2153] dóibh. Ocus intan na faghbadais airm ele nó bidis ic imtescad
2154] in t-sháile etarru, & nó íadhadh in fer ann a lámha
2155] tar a bidhbaidh co téighdis maráen a fhúdhomhain in mara. Bá fó
2156] leis {MS H folio 411} a bádhadh fein acht co m-báidhedh a námhait leis.


2157] Ba lámh arrachta le Poicc in airet sin isin glíaidh sin.
2158] Ócclach amra do Masilecdhaibh esin, & onfisech amra nois &
2159] fer túir & íarrata cech neich no báitti for muir, & fer no
2160] clechtadh techt d'' fhogluasacht angcaire cech tan tecmadh i lenmhuin
2161] i n-íchtur oicéin. No dúnadh in fer sin a dóidi imon
2162] fer do muintir Cesair, co m-beredh leis co grían in mara é, &


p.166


2163] nos-fácbadh ann, & ticed féin a n-etarfhásach in cobhlaig anís,
2164] & ro teilgedh a anál, & no bheredh fer ele dá naimdibh leis
2165] fon samail sin. Fecht n-aen and chena ro sháil- sium tidhecht a
2166] n-etarfholamh in cobhlaig anís, & ní h-edh tainic iter, acht do rala
2167] fó drumlorgaibh na long, & nír' tócaibh cenn o h-oin alle.


2168] Drong ele da m-bí forsin imbádhudh no fhastaidis rámhadha
2169] na long n-echtrand, coná léigdis teichedh na indsaighi dóibh,
2170] & ticdis fós for scáth a long fein combá h-inntu no benadh
2171] in béim nó in t-urchur no fuirmhithi for bord no for bruinne
2172] na luinge.


2173] IS ann atracht Tirrén trenfer do muintir Cesair a m-bruinni
2174] a luinge, & ro gabh for togbail a ghnim gaiscid ós aird
2175] & for calma do denam isin cath. Ocus itcondaic Ligdamus
2176] láechmilid do Masilecdhaibh innísin, & taibhleoir toghaidhi esséin,
2177] & do bert ubhall mell luaidhi ina thabhull, & srethais uadh for
2178] Tirrén é, co tarla an t-ubhall luaidhi i fossadh a édain, co
2179] ro combris a édan ón araidh co'raile, & cor' cuir cechtar
2180] a dhá shúil taracenn i a-énfecht amach. Sochtus Tirrén 'ar
2181] m-bein a radhairc fair, adar-leis is dorchata bais dos- ranaic,
2182] & o ro airigh immorro bríghi bethadh do beith ina ballaib ro
2183] raid
re muintir Césair: ‘Cóirigh m' aghaidh,’ ar sé, ‘rem
2184] naimdibh co ro dibraicer iad feibh dibraicti-si, & co ro tochaither
2185] in iarsma anma fil indum ré básugud mo bidhbad, &
2186] fri díden mo carat, ar ní théit mo menma frim bethaid o
2187] h-oin amach.’


2188] O ro scáich dó sin do rádha do bert a aghaidh for na
2189] Masilecdha, & fóceird urchur n-amarais forra. Araidhe an


p.168


2190] imrall do rala airm a m-bí Arg, ócclach socheneóil do Masilecdhaibh
2191] & sé ina sessam a lipthing a luinge. Do rala in
2192] t-shlegh día saighi seoch bile in scéith & tar bernaidh na lúirighi,
2193] cor' gabh i maethlach á brond ó imlinn sís. Do rochair
2194] Arg for in sleigh, co n-dechaidh fod lámha láich dia crund i
2195] n-deghaidh a glasiaraind trena druim síar sechtair.


2196] IS ann ro búi in senóir athair Airg a m-bruinne na luinge
2197] cétna, & ní raibhe do Masilecdhaibh mílid bhudh shonairti inás
2198] i n-aimsir a óitedh. Ocus o 'tcondaic a mac ac toitim tainic ina
2199] dhóchum for a t-shrengtrascarnaidh & for a tuitmennaigh tar
2200] sesaibh na luinge lánfhada cosin lipthing i m- bí a mac, & fuair
2201] fora anfadhaigh é, & ní dhernai cai na h-écaine uasa, acht
2202] ro sín a lámha re thaebhu, & ro cruadhaigh & ro cátaigh
2203] a corp, & tainic temhel & fordorcha for a roscaib. O 't-condaic
2204] Arg a athair i n-imfhocus ro thócaibh a cenn & a ucht
2205] co h-anbhann amhneirt ó bord na luinge do íarraid póicci fair,
2206] ar nirsa tualaing laburtha fris, & ro {MS H folio 412} tarraing
2207] a laim n-deis cuigi do dúnadh a shúl. ‘Acc iter ón,’ ar in t-athair,
2208] ‘ní h-edh bías ann, a maic, acht is missi is taisci rachus docum
2209] écca.’ Is amlaid atbert sin, & do rat irclann do cloidhemh
2210] ina luing bronn fein, cor' gabh urrand trit, & ro ling isin
2211] muir acétóir ina diaidh, ar ro búi do teindeithnes écca fair
2212] ríana mac nár' fholortnaigh aenbás .


2213] Do bo cruaidh & do bo comnert tra ro feradh in gléo
2214] sin muinteri Césair & Poimp i n-eccmais a tigerna máráen,


p.170


2215] acht chena ro eterdelighset ratha na rígh etarru, & ro fortamlaigh
2216] conách catha Césair for toicim Poimp. Ocus ro tuit
2217] iarum in cath leth ar leith, & ro sraeined inn irgail ar lucht
2218] na cathrach, & ro loitedh a laith gaile, & ro cirrbait a curaidh
2219] & ro trascraid a treoin & a taisigh, & ro maeltamnaighid a mílid,
2220] & ro báidhedh ermór a long, & ro mudhaigh in tine
2221] araill díbh, & do neoch nar' báidhedh & nar' loisced díbh ro
2222] lingset muinter Cesair tar a m- bordaibh intu, & ro gabhsat for
2223] a foirnedh do glére laech, & ro díchennatar a fhuaradur do
2224] laechaibh lethmarbhaibh & d'óccaibh for anamhthaigh intu,
2225] & do cuadur dono sceólanga uathati do Masilecdhaibh a
2226] nirt a n-imrama & a luas a long, & rucsadur a longa
2227] lethbristi dá longbothaib léo.


2228] Bá lór truaighi tra cloistecht re lucht na cathrach ársin,
2229] lé méd a n-uchbhadha & a n- éccáine, & re h-imat a núallghubha
2230] & a n-golgaire ic faicsin a muintiri ic teichedh ina
2231] n-dóchum. Ba deithfir doibh ón chona, ar rob imdha mac cen
2232] athair ann, & athair cen mac, & siur cen brathair, & ben cen
2233] caemchéile isinn uair sin occo, & ro gabsat a mná & a
2234] senóraigh ina m- búidhnibh & 'na sésibh for in tráigh ic
2235] tabhairt aithne forsa tabhradais múrtonna in mórmhara do
2236] collaibh & do cennaibh carad & coicéile dochum tíre dá
2237] saighidh. Batar dodelbha na gnúisi sin, & ba docair


p.172


2238] aithne forra & no bídh in ben ic póccad in fir do muintir
2239] Cesair i r-richt a fir féin, & nó bídis indána athair ic debhaid
2240] & ic cathugud imon aencorp dar leis la cech fer díbh fa h-é
2241] corp a maic fein ro cosnadh annsin.


2242] Décius Brútus immorro, taisech cobhlaigh Césair, ba slán
2243] sonairt leis a menma ar maidm roime for na Masilecdha, ar
2244] is esium cétfher leisar' brised cath longda ar seilbh Césair.
2245] Batar a muinter immorro co h-uchfadhach écaintech mar do
2246] scaradar risna Masilecdha, & nírbhó écaine cen adhbar sin,
2247] ar robtar imdha cuirp cirrthi & táibh tolla & laích londa
2248] ledartha & óicc athgaeiti acco, & rob imdha fuile & crechta
2249] díleighis forra. Acht cena nocha cumann cath la firu. Do rónsat
2250] brígh bicc desin, ar is rompu ba raen.


2251] Tucsat a cobhlach i cuan & i caladhport na Masilecdha
2252] & ro scipait & ro tirmglanaid a longa léo, & ro laiset curpu
2253] & colla & caeba cro & cropairti fola & cnámredhaigh a
2254] m-bidhbad dar imellbordaibh a long isin muir. Ocus ro
2255] gabhadh in cathair léo, & ní ro leiccset nech ele innti
2256] {MS H folio 413} na aisti co tainicc Césair asin Espain ina
2257] n-dochum, & co ro traethadh in cathair uile leis ar torrachtain.


2258] IN adhaigh sin immorro ba sámh ro tocaithed léo-sum
2259] 'ar cur shnima in catha dibh & 'ar tuitim a námhat i r-ré imairicc
2260] léo.


2261] Conid remscél do remscelaib catha moir na Tesaili co n-icci
2262] sin. Toccail cathrach na Maisile ainm an scceoil sin
.