Corpus of Electronic Texts Edition
In Cath Catharda (Author: [unknown])

caibidil 10


1192] Slóiged Césair isin Etail annso sís.


1193] {MS H folio 390}


1194] INtan immorro do batar na h- airmberta sin isin Roim
1195] do dechaidh Poimp cona dirmadhaibh slúaigh & sochaidhe leis
1196] a clithardiamraibh tíri Campan, cor' gabh sosadh & longport


p.92


1197] a múraibh na cathrach dianadh ainm Capua. Cathair sin ro
1198] cumdaighedh isin Etáil lé h-ócclach do muinntir Aeneasa maic
1199] Anacís, Capis a ainm, & ro taitin co mor fria Poimp in t- inadh
1200] sin, & ba maith leis beith ic frestal catha ann, uair ba daingen
1201] & bá díthoghlaidhe é. Slíabh Apeinnin ara cula, sliabh
1202] is airdi & is accairbhi do shleibhtibh in {MS H folio 391} domain.
1203] Cuan mara Torrian don leith tess don t-sliabh sin, & cuan
1204] mara Adriatecda don leith atuaidh, & inis and for muir ina
1205] h-ircomhair fothuaidh, & inis Pisse ina h-ircomair fódhes.


1206] Ocus srotha imdha ic siledh as isin muir cechtar do dá
1207] taebh .i. sruth Medhúir & sruth Crustumium & sruth Sapis
1208] & sruth Isauir & sruth Sena & sruth Aufid & sruth Eridain
1209] ac tebirsin asin t- slis tuaiscertach de. IS iat so na srotha
1210] tebirsinnit asin t- slis descertach de : sruth Tibhir & sruth
1211] Rutuba & sruth Vultuirn & sruth Sairn & sruth Liris & sruth
1212] Sileir a comfhocus Salerna, & sruth Macra i comfhocus cathrach
1213] Lúna, & intan ro soichter ar mullach in t-shleibhe sin
1214] atcíther bruighi na Gallia uile as, & dar lé nech is fáe thís
1215] atáit benda sleibhe Elpa, & ní raibhe fos isin doman sliabh
1216] ba faide inás, ar ro gabh ar tús o Etail co h-innsi Sicil for
1217] muir Torrían, co tainic ruadhbuinne in mara cechtardha tarsin
1218] m-bloigh medhónaigh de co fil isin Etail indiu indarae cenn
1219] de
. Sliabh Apennin a ainm, & in cenn n-aill i n-inis Sicil,
1220] & sliabh Peloir a ainm. Ocus ba h-innill le Poimp beith a
1221] comhfocraibh in t-sleibhe sin, ac estecht re scélaib Césair &
1222] ic furnaidhi in catha.


p.94


1223] Césair immorro ro lín bruth & ailgius imerta na n-arm
1224] a menmain & a aicnedh, & nir'bo fáilidh leis amal fuair cricha
1225] na h-Etáile rea aghaidh cen acfuing t-shloigh innti dó do
1226] frestal catha ar techt dá ríghaibh & da taisechaibh esti ar
1227] a ingabháil-siumh féin, ar roba lainde leis accaidi do gabhail
1228] a l-los a lamha & tré todhail fhola inas tre sídh & tré caencomrac,
1229] & ro bo ferr leis doirsi & múir a cathrach do brisedh
1230] & do díanscailed nás a leccan ar ais inntu.


1231] Lucht cathrach & caislén na h-Etáile, cér'bó cinnti léo, &
1232] cer'bo deimhin na gébhdais fria Césair intan do rachad ina
1233] n-dóchum, arái ro gabhsat acc daingniugud a múr & ac córugud
1234] a taibhledh & ic frestal in catha, & ni fhedadur ca comairle
1235] do gentais, ar do bí do mét gradha Poimp occo co nárb áil
1236] léo nech ele do ríghadh acht sé, ó do ratsat briathair fris, &
1237] búi do méd écla Césair orra naro lamhsat cen a ríarugud.
1238] Ocus ní búi a samhail acht comtogbáil in mormara intan tecmus
1239] in gaeth andes dia saighidh, co m-búi aghaidh a h-anbhthine
1240] & dírim a tonn uile ar aen-conair lesin n-góeith sin, co
1241] tecaim in gaeth anair docum in mara cétna, co m- berend in anfine
1242] ina coimidecht féin & imbolgadh na cétgaeithi isna tonnaibh
1243] fós arái. Ba h- amhlaid sin do lucht na h-Etaile, ar ro bátar
1244] leithriata uile fri Poimp ar tus cein co táinic Césair, & cia
1245] tainic sin, ba h-é a n-dúthracht-sum fos cungnum lé Poimp.


1246] INtan iarum doríacht Césair lármedhón na h-Etaile co
1247] n-ilar a t-shloigh & a shochaide, cech uile fer ro ordaigh Poimp


p.96


1248] a ríghi & a toisighecht & a cennus cathrach & caislén isinn
1249] Etáil ro fhagsat íat & ro teichset fo clithárdiamraibh in tíri
1250] ar omhun & ar imecla Césair. Ocus ba díbh sin Libon tuisech
1251] na n-Eutruscda & Termus taisech na n-Umbreta & Sill
1252] mac Sill & Varus ó dind Auximon & Lentulus a cathraig na
1253] h-Esculi & Scip a cathraig Lucerie.


1254] Do rala ann éntaisech na dechaidh isin comblosc teichidh
1255] sin lé cách .i. Dómit taisech cathrach Corpin, & ní raibh isin
1256] Etáil cathair búdh daingne na budh doilghe do toghail inás .i.
1257] sruth mor re toebh & droichet tairis fá comair na cathrach
1258] imach. INtan itconnaircc Dómit sluóghu Cesair ina n-drongaibh
1259] & ina n-dírmadhaibh ic ascnam ina dóchum tar magbrugaibh na
1260] h-Etáile & ro tencastair gristaitnem na n-arm n- aichtidi n-urnocht
1261] ós cennaibh in t-sléigh re lainnrighi & re saighnénaigh
1262] na gréine glanruithnighi ic taitnemh seoch imellbordaibh in
1263] talman, ro teclaim & ro thinóil sluoghu na cathrach leis do
1264] scannrad & do scailedh in droichit, & do gabháil na h-abhonn
1265] frisna h-echtrannu iartain, uair robo coscar ádhbul leis da
1266] fhuirghedh se Césair cidh, re h-edh énláe.


1267] Intan iarum ro thenc Cesair in comtriall sin ina aghaidh
1268] is ed atbert: ‘IS mor in docenélaighi do gníat lucht in tíre
1269] rinn,’ ar sé: ‘ni lór léo a cathracha & a caisléin do gabhail
1270] frind no co fileat ic tairmisc na sligeadh coitcindi umunn.’


1271] Ocus ro fhaidh a marcachu roime iarsin do tarrachtain
1272] in droichit cen díscáiledh & ro fhaidh a traighthechu ina
1273] n- deghaidh amail is déne do fhétadar. Ro lacsat na marcaigh


p.98


1274] a n-aradhna da n-echaibh oc díanascnam in mhuighi, & ní
1275] búi a samail acht amail tísad casairneach & slogh síne tarsin
1276] magh re déne & re tennesnaighi, & re dlús & re forleth
1277] ro cingset docum in droichit.


1278] INtan iarum rancadar bord in t-srotha, ro laiset frais fuiligh
1279] fírgarbh do shleghaibh slemna slíptha slisgéra & do shaighdibh
1280] a fidhbacaibh rompu tar in sruth anunn, cor' tuitset i cennaibh
1281] & i cathbharraibh, i corpaib & i cathscíathaibh, i n-ochtaibh
1282] & i n-urbruinnibh a námhat, feibh is dlúite ro taitset braenghal
1283] fherthana forro, & bátar and co torracht Césair i cenn in
1284] droichit cucu, & nír' ansat ris eter ó do ríacht, acht ro teich
1285] Dómit cona muintir cor' dúnsat doirsi a cathrach da n- éis.
1286] Tainic Césair cona slóghaibh tar in sruth anunn, & ro
1287] gabhsat for toghail na cathrach fochétóir. Intan iarum
1288] rangadur lucht na toghla cusna múraibh medhonacha itcíat na
1289] doirsi ic á n-oslucud & slóigh in bhaile ina m-buidhnibh ina
1290] n-dóchum, & a tigerna féin Dómit i l-laim léo do Cesair, air is
1291] é {MS H folio 393} ro aslaigh forro frithbert ris & comérgi ina aghaidh.
1292] Deisidh iarum Dómit i fiadhnaisi Cesair, & ba ferr leis bas
1293] d'imbert air inás beith ina bethaidh, & is ed búi oc iarraid
1294] a marbhtha ar in rígh. ‘Nató’, ar Cesair, ‘acht beir buidhe
1295] do bethad frim-sa don cur-sa. Érigh imshlan amail tangais,
1296] bess budh móide bás tairisi lé cach misi dot lecon-sa slán.
1297] Cidh edh bás láinn let athgniomhugudh catha im cenn-sa arís,
1298] is tol dam-sa a denam duit. Do biur-sa mo breithir fírinne
1299] fris, madh tusa bus tren, nach cuinnéoch-sa comain in lóghaidh
1300] so fort arís.’


p.100


1301] Ro legead Dómit asa láim iarsin, & do gabh Césair in
1302] cathair, & ro bí inti in aidhchi sin.


1303] Poimp Maighe, immorro, ní fhidir sin Domit do gabhail, &
1304] is ed ba menmarc acco, foirithin sluoigh do cur ina dóchum
1305] 'arna márach, & ro gabh immorro for acallaim & for nertadh
1306] a slóigh docum in catha in aidhci sin, & is ed ro ráidh ríu, ro
1307] bo cóir doibh calma do dénam ina n-atharda féin fri Frangcaib
1308] & fri Lochlannaib & frisin m- brédaigh sloigh echtrann
1309] tarrustair i farrad Césair. Ocus itbert fos cor' córu doibh-sium
1310] maith do dénam inás do muinntir Cesair, ar is iat búi for
1311] fírinni, & in lucht ele for góe, & dano rob ferr a tigerna
1312] ina Césair, & is mó do chonách fuair co n-icce sin. Ocus ro
1313] ráidh fós nar'bó adhbar médaighthi menman do Césair in
1314] senadh do fácbhail na Rómha leis, ar ní h-ar a omhan-sam
1315] ro fhacsat h-í, acht ar gradh a tigerna feín, & bá lainn léo a
1316] lonmhain cé bé conair do dechad rompu, ar ba maith a comain
1317] forra ac tidhlucud séd & mhain dóibh, & didu nír'
1318] fácaibh isin doman cinedh na tuc fo cánachus odá cricha
1319] in fhuardha atuaidh co cathraigh Siene fodes. Is inti sidhe
1320] nách cuir in grian nach foscadh cuirp fotuaidh na fódhes,
1321] acht a taispénad ós cleithi na cathrach. Ocus ro ráidh didu
1322] nár' fácaibh adhbar catha do Césair, do ciniudhaib in domuin
1323] acht mini dernad cath
fri Rómhánach féin, amal do róine
1324] intan sin.


1325] Ro gab Poimp oc gresacht a muinteri fón samla sin.
1326] Na sloigh immorro, ni tucsat nach n-gair da forgell a n- débhairt,
1327] & ní ro métaigh nech díbh leisin aithesc ro ráidh, &


p.102


1328] ní ro gellsat ris maith na saith do dénam, ar ro lín omhan
1329] & imecla Césair iat ré scélaib do cloistecht nama S.


1330] O ro airigh iarum Poimp a n-imecla mor sin for a shlóghaibh
1331] ro atharraigh longphort & tainig roime tar bruighibh nan
1332] Apulda cosin cathraigh dianadh ainm Brundusium. Cathair
1333] í sein ro cumdaighedh la Teis mac Éig maic Neptúin, ar
1334] taidhecht dó ó inis Creit 'ar marbad in Minádúir inti. Ocus
1335] is ann ro boi in cathair sin i n-imiul tuaiscertach na h-Etáile
1336] .i. rinn ger fil asind Etáile imach for in muir n-Atriatecda,
1337] & da benn cumga do thír isin rinn sin h- imach fós, & congbat
1338] bloigh moir don muir etarru. Slíabh cairrcidhe acarbh
1339] do cech leith dibh: inis clochach aimréidh ina n- ircomhair forsin
1340] muir airm i comraicit a cinn docum araile. Slighe cumang
1341] do longaibh etir in dana bernuidh sin & in innsi i crislach in
1342] mara moir imach.


1343] Ro gab Poimp sosadh & longphort icon cathraigh sin & a
1344] longa fora n-ancairib isin cuan ina fiadhnaisi, & is í comairle
1345] do róine annsin, ín mac ro bo sine da cloind .i. Poimp Séxtus &
1346] maithi a munteri do chur uad i n-airthiur in domain do
1347] thinól a sloigh & a sochraid ina dócum do fhrestal in catha. Ocus
1348] tucad iarum a mac dá shaighidh, & ro raidh fris: ‘Dó duit, a maic,’
1349] ar sé, ‘& tinóil mo sloígh im dóchum, & tabhair let na poipliu
1350] attrebhait im sruth n-Eofrait & im sruth Nil, & tabair let na
1351] Cilecda & lucht na h-Éghepti, & tabhair let poipliu na Pointi
1352] & na h-Armeni & tabhair let tuatha sléibhe Rifi & lucht na
1353] Sceitia, & cá dú da n-airemh,’ ar sé, ‘acht roithid do shaighthin
1354] cecha popail isin oirrthiur dá rucus buaidh & coscar & ar a
1355] fhuil smacht mo ríghi, & tairset uile let um dócum.’


p.104


1356] Tucaid a mhair & a urrigh dano da saighidh, & atbert
1357] friu: ‘Dó duibh,’ ar se, ‘co h-inis Eper & í crichaib Greg & Macidonda
1358] & tinóilid a slóghu & a socraidi libh im dail-si céin
1359] bem a sidh & a n-uainges fria ré in gemhridh, ar dar lium-sa
1360] ní bía Cesair a comthriall cogaidh arís co h-aimsir t-shamraid &
1361] sosini.’


1362] Ocus do rónsat iarum in drong sin amail ro forcongradh
1363] forra. Ro scáilset & ro taithmhighset a longa cromcenna cocuasta
1364] ón traigh, & ro gabhsat for a sét mór muiridhe dochum
1365] na crích & na cennadhach cosar' fhaeidit iat.


1366] Cesair immorro, ro gabh sin cricha & cathracha & caisléin
1367] na h-Etáile roime cech conair rainic, & rob urlum leis
1368] gabháil na Romha acht co roised dá saighidh, & ro bo
1369] lór do conách & do coscur la cech righ ele isin doman sin
1370] Mad Césair immorro, nír bo coscur leis ní da n-gebha da
1371] m-beith fordail na frithbert fris.


1372] IS aire sin iarum tainic fochétóir for lorg & for slicht
1373] Poimp dá dichur asind Etail, ar cia tharrustair in tír uile
1374] ina urrlaim intan so ba crádh craidhe leis Poimp do beith
1375] a n-imell do h-imlibh na sa traigh da traghannaibh. Ocus
1376] nír'bó ail leis esrais eludha d'fhághbáil da longaibh docum in
1377] mara moir asin cuan cumang i rabadar, conidh h-í comairle
1378] forsa tarrla, clocha & cairrgi na sliabh comfogus do tarmimchur
1379] leis, & a cur uile isin m-bráighit cumaing bui eiter in cuan
1380] & in fairrgi moir, ar na faghbaidís longa Poimp cai na conair


p.106


1381] éludha docum in mara. Ocus bá dímhain dítharbhach in
1382] saethar sin cena, uair mar nách faicenn nech cleithe na uruachtur
1383] sleibhe Erix na sleibhe Gauir da sluicti i fúdomain
1384] mara Íoin nó mara Eicc, is amhlaid sin nach facthus & nach
1385] frith tarbha cloiche nó cairrgi dibh dar' laeiset muinter Cesair
1386] isin muir iarna m-bathadh uile i fúdomhain & i fírichtur inn
1387] aigeoin adhbhuil fírdomain ir' cuirit íad.


1388] O 'tcondairc Cesair in mórsaethar sin do dul do dímhain,
1389] is í comairle do roine, eocraind dermára na fidhbadh badar comnesa
1390] do do teclaim leis, & a cengal & a comacumal dá ceile,
1391] co n-derna droichet & clíatha dermhára díbh & rathanna romora
1392] tarsin cuan cétna, co ticdís na catha coirighthi ina reimim
1393] imtechta cen anadh cen tairisium ón bruach có araile de.
1394] Do róine fós túra trebhardaingne & airdgnima caelaigh & taibhledha
1395] imgona ós na rathannaibh sin fós ic frestal imairic
1396] imdibhraici díbh re foirnibh na long. Ocus ní búi samhail
1397] dona h-urtriallaibh sin acht in corugud do rónadh la Xerxes,
1398] la rígh in domain ó na h-Asardaibh fecht n-aill.


1399] Da ní nemgnáthacha do rónta leis-sin .i. a longa ic
1400] seóladh for tír & a marcshlogh oc imthecht for muir. Ocus is
1401] amlaid do rónadh na neithe & na gnímha mora sin leis .i.
1402] feoin & luthi uretroma do innell fó na longaibh co rabhadur ar
1403] fut shléibhe Athoin, & do rónadh clárdroichet comfuaighti for
1404] sin muir leis, óda inis Seston i crichaib Eorpa co h-inis
1405] Abido a n-airiur na h-Asia, co m-bitis a marcslógh ic imrum
1406] in mara forsin droichet sin. Ba h-amlaid sin iarum búi in
1407] droichet do rónadh la Césair intan sin.


p.108


1408] Ó thairnic immorro in saethar sin leis ro fhaéi in aidhchi
1409] sin for brú in cuain. Poimp immorro, o 'tcondaic side in cuan
1410] do gabháil fair, ro gabh co snimach toirrsech ic a scrutain ina
1411] menmain cinnus do beradh a longa & a slóghu leis asin cuan
1412] cumang i rabhadur. IS i iarum comairli ro cind .i. na
1413] longa budh éolchu & budh daingne acco, & is mé do gnáthaighidís
1414] muir do chur a tus t-shligedh roime docum in droichit, &
1415] có n-dernadís slighidh dóibh féin & dona longaibh ele trit cen
1416] airiugud, cen forclúinsin do muintir Césair.


1417] O ro scáiledh in droichet, tainic deredh aidhchi fáe sin, &
1418] atracht Poimp & ro forcongair ar a muintir imtecht & a longa
1419] do téltogh léo asin cuan, co tai tostadhach taethenach, & cen
1420] seinm stuic & cen gáir comairc, & cen duine do labradh ré
1421] céle co ristis 'sa muir moir.


1422] Tancadur iarum docum na long, & gerbmór a saethar ic
1423] impódh a n-angcairedh, & ic tocbail a seolcrand,, & ic tarraing
1424] a téd ac cur a lestur ó tír, ní clos guth na gáir na
1425] gresacht uatha. Ocus ro gabh Poimp ic edarguidhe na n-déi
1426] n-adartha cur' léiccedh dó an Étáil do facbháil ó nar' leíccedh
1427] dó beith innti. Ocus atracht ascal mór & fodhord dermair isin
1428] muir iarsin, co clos fona crichaib comfoicsibh slisbualad & comtuairgnech
1429] na tonn tulgorm re slesaibh & re h-ochtaibh & re
1430] bruinnibh long luchtmur & libharn lebhargorm na loingsi lánmoire
1431] ic ascnam in mara.


1432] Tancadar lucht cathrach Brunnuis iarum & drechta móra


p.110


1433] do míledhaibh Cesair faru docum in tragha lesin n-geóin sin.
1434] Ocus itcondcadar {MS H folio 396} a cobhlach uatha h-imach, & tancadar
1435] ar tír laim riu co rancadur braighid cumaing in cuain, & intan
1436] tancadar na longa a comfhocus do tír ac in braighid sin, ro
1437] shínset muinter Césair corrána iarnaidhi uatha forsin loingis,
1438] co ro fhastadair dá luing dibh, & ro marbhsat fochétoír foirenn
1439] na long sin, & ro tairngit na longa fein léo for tir. Ocus do dechaid
1440] dobhursoillsi na maidne muiche fáesin, & ba mór in
1441] fháilti le Césair a tarla dó annsin .i. fordergad for muintir
1442] Poimp in cédfecht imárainic atturru, & ba mór a athméla leis
1443] a techt cen fis dó asin cumang i rabhadar.


1444] O do rala coir na gaeithe dochum in cobhlaig sin Poimp
1445] do ascnádar na bárca bronnfairsinga i craescrislach in mara
1446] moir, & ro gabsat lucht na loingsi for tencaisin na h-aibheisi
1447] eocharguirme & in ruadhbuinne robhurta & cnocthonn cithanfthinech
1448] mara Ioin do cech aird umpu, acht Poimp a aenar,
1449] uair mad e side nír' toirnd a rosc ic féghadh na h-Etáile airet
1450] co facaidh cnoc da cnocaibh no sliab da sléibhtibh.


1451] O ro fholchait árdslébe na h-Etáile forsin airdríg, atrochair
1452] a shuantoirrthim codluta i l-lipting a luinge fair. Tárfás
1453] fís imeclach uathfásach dó annsin ina codlad .i. in ardríghan
1454] ro bo marbh uadha féin .i. Iulia ingen Césair, do érghi asa
1455] h-adhnucul ina fhíadhnaisi adar leis, & is ed asbert fris: ‘A grianbroghaibh
1456] ifirn tanac-sa dot agallaim-siu,’ ar sí, ‘& do fhaisnés
1457] scel duit.’


1458] ‘Innis iarum,’ ar Poimp.


1459] ‘Is etromugud pían lé fuil i n-ifrinn uile,’ ar sí, ‘in cath
1460] cuiri-siu & Cesair, ar comroinnfit iarum in drem ro so uaibh-si


p.112


1461] i n-ifrinn uile a piana ré fuil ann. Atáthur ac cur long
1462] & lestur a purt imurchuir srotha Stix .i. ic Carón i frestal
1463] in catha cetna, ar ní rainic a h-aencath riam dá fis comlín a
1464] ría uaibh-si don chur sa. Bá mor ámh do conách-sa, a Poimp,’
1465] ar sí, ‘a cén fá bancéile misi duit, & ro prap tucais mnai ele
1466] im lepaidh-si. Is fó lem-sa sin cena, doigh ó cuirfither in
1467] cath sa do ragha-sa dum shaighidh- se & bemait cen deghail
1468] dogrés 'ársin.’


1469] Lá sodhain diusces Poimp asa codlud, & ba h-adhuáth mór
1470] leis in fís itcondaic. Araisin do roine brígh m-beic di, & ní
1471] ro thairmísc ime in comtriall búi roimhe ina menmain. Ocus
1472] tainic fordorcha na h-aidhchi & diredh lái fáesin, & ro gabhsat
1473] cnaturbarca in cobhlaigh cuan & caladhport i crichaib na Gregi.


1474] Cesair immorro, o ro folaigh in muinchinn muiridhi in
1475] cobhlach air, & ó tarrustair a aenur isin Etáil, ro gabh ac
1476] gerán & ac acaíne móir ar a doilgi leis can slan a menman
1477] do tharrachtain for a naimdibh. Araísin ro leicc reithine ina
1478] aicned, & búi ac a túr & ac a scrúdan ca h-acfaing loin nó
1479] gébhadh dona slóghaibh imdha batar faris. Ocus ro fhaidh
1480] uadha túisech da túisechaib, & Curio a ainm, & léghión do
1481] míledaibh faris d'iarraid loin sair co h-inis Sicil, & tainic
1482] fein fa cosmailes sídha & caincomraic docum na Rómha
1483] remhe, & a dirmadha slóigh & socraide co deaith nemsnimach
1484] ina farradh, cen frestal airm na mergedh, & cen
1485] airmeirt debtha na imairic acco. Ocus ba h-omhan imecla


p.114


1486] batar lucht cathrach & caislén na h-Etáile ic á fethemh, &
1487] nír'bó láinne leisium cena a n- gradh aicce inás a fuath & inás
1488] a oman orra amlaid sin.


1489] IS í so slige ro cinn Césair don Roim, do cathraigh Angsúri
1490] & seoch in fidh mór i m-búi tempull Déain i frithsét na
1491] slighed forsa tíaghar o Roim co h-Alba Longa. Ocus ro gabh
1492] iarsin ic fechsin na Rómha uadha do mullach cairrgi móire
1493] búi ós cinn na cathrach. Ba lainn lé Césair annsin, ar ní
1494] fhaca som h-í fria ré .x. m-bliadan roime. ‘IS olc ro fácsat do maithi tú, a Romh,’
1495] ar se Césair; ‘ca cathair isin doman
1496] budh coir do cosnam intan na tibirthi cath icat cosnam- su.
1497] Bennacht for na déibh fodera nach iat do bidhbaid bunaidh
1498] tancadur dot cosnam frisin lucht ro fhácaibh tú amhlaid sin.
1499] Maith a n-dernaidh in toice frit, do muinter féin cugut dá n-eis.’


1500] Tainic Cesair isin cathraigh 'arsin, & ro gabh omhun mor
1501] lucht na Rómha roimhe, uair dar léo do génadh cech olc ro
1502] fhétfad innti, & dar léo is tre smúitcéo díadh & tre corrthair
1503] lasrach no láefedh in cathraigh uile. Ocus ní h-edh sin do roine- sium
1504] cena, acht bá nairidhi leis na lé lucht na Rómha
1505] fein in bidgad ecla ro lín íat i fhiadhnaisi na cinedh n-echtrann
1506] bátar maille fris.


1507] Ro gabh Cesair fein in lá sin cech ceim cádhusach &
1508] gach gradh anórach búi isin Roimh uile, ótá ceim dictatorachta
1509] co deochain & ó deocháin co decan, ar do cuádar lucht na


p.116


1510] ceimenn sin uile le Poimp, & nír' ordaigh-sium nech ele a
1511] ceim díbh sin acht sé féin. Ocus tainicc iarsin docum ind
1512] innimthighi a raibhi innmus na Rómhánach, & ro h- oslaiced
1513] leis h-é, & do radadh a uile innmhusa as tar sárugud Metill,
1514] trebhonn do Romhánchaibh. Ocus ba h-ádhbul a mét a tucad leó
1515] as annsin. Mór m-bliadan remi ro bás ic á tinól, mór do
1516] chuachaibh & do cornaibh & do copánaibh tucad as, mor do
1517] cloidhmibh & do cathbharraibh tucad as, mor do sleghaibh nemi
1518] & do sciathaibh scellbolgachaibh
, mor do tinnidhibh óir
1519] deirg & d'airget & d'fhinndruine do radadh as, mor do cristall &
1520] do criadhumha & do legaibh lóghmura do radadh as.


1521] Cidh fil ann tra acht do radad asin innimthigh in lá sin
1522] le Césair aneoch d'innmus do bertsat na Rómhánaig ó Anibhal
1523] Affracdha & ó Pilip Gregach & ó Pirr ó g na Eperdha, & ó
1524] Medhaibh & ó Persaibh, & ó poplaibh na h-Aisia & ó inis Créit &
1525] a h-inis Cipeir. Ocus do rat Cesair in t-innmus sin uile i rathaibh
1526] rígh & i tidlaicibh & tuarustolaibh & alón slighedh dá amhsaibh
1527] & dá míledaibh {MS H folio 398} & do maithibh a sluaigh aircena.