Corpus of Electronic Texts Edition
In Cath Catharda (Author: [unknown])

caibidil 6


522] Tocastal slogh Cesair.


523] Do róchtadur atinne adhanta feirgi & lucht aslaigh & urála
524] in morcatha docum Césair annsin .i. ceithri trebhainn toghaidhi


p.42


525] do Rómhánachaibh .i. Marcus Antonius & Puplius Casius &
526] Celius & Cúrio a n-anmann. Ocus carait Césair árchena, do neoch
527] ro bói isin Roim dibh 'arna n-athchur & 'arna n-innarba don
528] t-shenadh Romhánach asin cathraigh ar a m-beith ac congnum la
529] Césair & ic tacra tar a cenn isin chuirt Romhánaigh. Ba ferrdi
530] la Césair innísin, uair nír' nár leis a n-dingnedh d'ulc lá
531] lucht na Rómha 'ar n-innarba a muinteri doibh.


532] IN cethramadh trebhonn tainic co Césair .i. Cúrio, fer
533] suilbhir sanntach essen, & féthium fírglicc: fer ro bo thenn
534] guth & gnimradh isin Róim co n-ice sin, fer da tuc Césair tidhnaicci
535] móra oir & indmais tarcenn gabhála aigi & tacra tar a
536] chenn isin cúria Rómhánach, conid aire-sin ro h-innarbad asin
537] cathraigh h-é intan sin co tanic docum Cesair.


538] O 'tconnairc in Curio sin na snima bátar i cridhe Césair
539] ro gabh fora acallaim im nertadh in catha fair, & asbert:


540] ‘A Césair,’ ol sé, ‘in cén ro fétsum guth leat isin Roim
541] do ratsum, cer'b olc lásin senadh Romhánach, ro gabhsum acut
542] & ro tairmiscsium ríghi do Poimp, amail tainic dinn, in oiret
543] búi comus & cumachta occaind isin Roim & ro bás ic lenmain
544] fírinne innte. INtan immorro ro coiscit ar eicin rechta na
545] firindi lasin senad, & ro aentaighset uile lá Poimp, ro fácsumne
546] in Roim & dúthaigh ar n-athar & ar senathar fortsa, uair
547] sáilemaitne do coscursu dár n-ordugud inar n-inadhaibh féin
548] dorise. Déna calma iarum,’ bar Curio, ‘intan atá Poimp nemfhuirighthi,
549] innsaighedh h-é résiu thinoiles a muintir, intan is
550] urlam & is furithi dít gach maith
uair is minic fásus ircoit
551] d'esnadudh & d'imfhuirech na n-dál n- urlumh dogrés, amail


p.44


552] asbreth ba émh tar anem. Ocus araill ann dono, uair is dar
553] cenn bloighi bicce don doman ro bádhais fria ré na .x. m-bliadan
554] ic gnim catha & ic fulang docrach i tíribh Gallia is
555] mórmó is córa duit cathugud calma tarcenn in t-shlóigh .i.
556] darcenn na Rómha, uair in lá gébhusa in Roim is ann gébhus
557] tú cennus na cruinne uile. Atát ádbair sonairti acut ara
558] n-dénta {MS H folio 387} duit comthriall catha fria Poimp Maighe
559] & frisin Roim, uair inní is gnáth do denam do cech rígh acco
560] son .i. in popul da oirdnedh & do buadhugud i l-lóg a
561] coscair ní fuaraisiu sin, acht format caich friut- su chena ar
562] t' febhus is ed beras gach ni dib sin fort.. IS infechtain
563] iter dá leicter ar ais duit na ciniudha ro gabhais féin a l-los do
564] cloidhimh. Ro cinn Poimp didu nach bíadh i comrainn
565] flaithiusa frit ní cumgi siu comhroind na cruinne do gabháil
566] uadha acht tre etergleód catha namá.’


567] Ro gabh greim tra in gresacht sin & in láidhiudh do bert
568] Curio for Césair, uair amail arduighes aicnedh eich i comhling
569] retha is amhlaid sin ro métaiged menma Césair lá gresacht
570] Curio fair.


571] Ro sáithit a mergedha la Cesair annsin, & do fhuacair


p.46


572] do sluaghaibh uile éstecht ré guth & ré innsce & fria
573] erlabhradh.


574] ‘A aes cumtha,’ bar eisiumh, ‘do fhuilngebhair mór d'étualang
575] i cathaibh & i comhlannaibh ic clodh ar cinedhaibh tuaisceirt
576] in betha malle frim fria ré na .x. m-bliadan so. Mór d'fhuacht
577] ro fuilngebhair ó oighredh uisci sléibhe Elpa, & tar éis na coscur
578] sin do cinnedh cen bhar lecon isin Roimh co brath & cen
579] mo dín d'fághbail dam-sa ar muir ná ar tír. Ale, dá mad
580] amhlaid tísaind-si don Róim ar clodh catha form & ar
581] fácbáil mo mergedh lam naimdiu & me ac teichedh re lucht
582] na Gallia, créd do géndais frim iter intan is 'ar m-breith coscair
583] dam-sa as cach ciniud & 'ar n-imluadh don toicthin
584] as cech sonmighi i n-araile itát ic triall ardaigh frim? Ticedh
585] ass Poimp inar n-docum & senóraigh in t-senaidh maraen fris
586] madh maith leis a h-aithle a sídha & a sádháilechta fada. Is
587] derbh lem nách léiciub-sa a ríghi na a flaithius dó ní is sia cen
588] a comroind fris. Ní ránic Poimp a áis trichtaigi intan do rónad in
589] cétbuadud la Románu dó. Ní derb leis, dar lem, in onóir sin
590] tarraid óenfecht do lecon úad dogrés cenco tic de imluad a
591] fhlaithiusa ar a arsaidecht intan-sa.’


p.48


592] ‘Cid dam-bíu-sa ac á acaine cacha n- dernai d'anríghe & do
593] drochsmacht frisin ré sin, uair is comhaithnidh do chách uile
594] íat. Missi didu ní faghabhar cin dam la lucht na Rómha
595] acht cen dedhail dam-sa ar a forcongur son ré mo mergedhaibh
596] coscrachaibh & frim slóghaibh, & araidhe, masam cinntach sa
597] airi sen nách lór dúibh mo buaidh do buain orum-sa am
598] aenur, & tabhurthur luagh a saethair don t- sluagh búi maille
599] frim. Ordnet in tigerna bus toil doibh forro mas ar mo daigh
600] se indarbtar iat.’


601] ‘IN abraid rim-sa cena, a ócco,’ ol se, ‘ca h-inat foistine
602] bías ic ar senórachaib ar scur dá n- gaisced, & ca sosta
603] sádhaile i suidhfet ar senmilid, ca fuinn fhérmura geltfuit
604] ar n-almha & ar n-innile & ar n- echradha, ca tír trebhfaither
605] linn fesin, ca múr & ca mórcathracha i n-dingínter leighes
606] ar láechraidi intan bás adhlaic {MS H folio 388} dóibh intan nonindarbtar
607] asin Roim & asar n- dúchus féin, & do berar inar
608] fiadhnaissi íat do miledhaibh Poimp?’


609] ‘Cidh fil and, a deghmuinter,’ ar sé, ‘acht ó nách damhthur
610] dligedh duinn, tóccbaidh for mergedha coscracha foraibh.
611] Fo gnat for n-gnimradha gaiscid daibh co m-benum in domun
612] uile don tí nách damh roind leithe dúinn. Beid na dei ic
613] congnum linn, uair ni d'argain na Rómha tiaghmaid, acht is
614] dá saeradh o na tigernadhaibh diumsachaib filet fuirri.’


615] Aithesca Cesair co n-ice sin.


616] Búi fodhord mór 'con t-shlógh uile fri ré cían 'ársin, uair
617] cer'bdar feochrach menmanna na miled sin, & cerbdar galach
618] i n-aicenta, do cúaidh báidhe mor & caer condailbhi, &


p.50


619] gradh a n-athardha dhoibh, co m-búi ac á tairmesc do áilgius
620] in catha cathordha, acht araidhi dos-fic fallscudh feirgi &
621] áilgius imberta a n-iaraind tre imaltur na fergluinne & tré
622] omhan in rígh rogairg rodiumsaigh ro nert in cath forro andís.


623] IS annsin atracht aonóclach isin airiucht, & ro fhaisnés
624] rún menman & aicenta cech énduine isin t-slógh uile, Lelius
625] ainm in óclaigh, taisech imghona la Césair h-é, & ni lamhadh
626] nech do muintir Césair slegh nó saiget do dibhrucud i
627] n-imairic áigh nó i cléith comluinn remhe. Tuc a aghaidh for
628] Césair & asbert:


629] ‘A fhollamnaigh in ríghrechta Rómhánaigh’ .i. a Cesair, ‘is
630] dír & is dlighedh duinn itrasta briathra fíri do chantain frit.
631] In fetair iter conidh ádhbhul a acaine & conidh mór a gerán
632] i menmannaibh na míled-sa a fod atai ic fulang tarcaisne ó
633] lucht na Rómha. Inn edh do beir fort-sa sin ar n-etairisine
634] acut? Nír' comtig duit-siu on cena, air i cein cotuicfet leg.
635] cotnicfat F.
ar n-doidi sonairtini foga do cassad a cath nó a
636] cliathaigh ni fodhemasu tarcasul neich fort dogrés. Ní espach
637] linne iter in flaithius Rómhánach do discáiliudh fódaigh nach
638] beith tarcaisne neich fort-sa. Not-lenfut-sa in slóg-sa cidh
639] bé conair isin domun do dodhaing nó do shodhaing coso
640] treóraighfe íat. Ní docra dóibh sin inna cech conair rot lensat
641] cosaniu.’


642] ‘Ro badh amhra inmhain dúinn dá fétmais t' orcátu-sa do
643] lenmain amail budh dúthracht linn, & cinnmit nách budh comcathordha
644] iter duinn dogrés, & nach budh lucht aensídha in
645] lucht gusa n-gresfet do stuic catha suin. Do berum ar m- briathra
646] féra i fiadhnaisi ar n-arm n-gaiscid cidh i longaibh bronn ar


p.52


647] m-bráithrech & ar n-aithrech, nó i n-innibh ar m-bancéile i
648] n-ám tuismedha dóibh co forcongra foirnd clannadh na cloidhemh-sa,
649] co n-dingnímís fort cen fuirech cen imresain.’


650] ‘Cidh íat delbha na n-dei & a tempuill fhurála foirnd do
651] loscud bidh lasair tenedh a n-iarmartaighi, & cidh ann forcongra
652] {MS H folio 389} oirnd ordúgud do longpuirt for brú Tibiri Túscaide
653] for lár na Rómha, bidh dána talcair do génum-ne do longport
654] and. Cech múr & cech mórcathair atbéra do toghail rinn, &
655] in Roim fein ina comairium, isat urlamha ar n-doitine d'imluadh
656] a rethedh toghla & d'esrainiudh a carrac estibh aired
657] bes cloch for cloich inntu.’


658] Ro comaentaighset na h-uile buidhne bátar ann frisin aithesc
659] sin, ar ba h-é rún craidhe & toil menman cech óenduine dibh
660] a n-debhairt sium fri Césair, & ro tógaibhset iarum a lámha
661] uile i n-aenfhábhull, & ro gellset uile comdís erlamha na
662] dóidi sin do gnim na n-imairec catha ba toil dó.


663] Ní ba suaill inní fris. Bá samalta nuall & séselbhe na
664] slógh sin i comhaentugud .i. feibh tísadh anfthine étualaing
665] na garbhgaéithe gemreta a tír na Tragia do sonnradh co
666] feradh a síanmuirnd & a sírfhoghruchud re cennaibh cnoc &
667] tulach, & ré fedhaibh & re fidhnemhedhaibh sléibhe Ois, coro
668] lád snim tenn timaircthech i m-barr uachtair na fidhbuidhe
669] foltgairbhi, co n-esairged & co sráined ilar a cráebh n-dosach
670] n-deghdhighainn & a n-gég lúbach lánlebur a n-glaccaibh araile,
671] co n-éracht foghur fírgarbh & bresmaidm borb bráthamail isin
672] aer tré imalltur na fidhbuidhe ic sírtoirnem sís, ic toitim


p.54


673] & ic trénérgi na n-ait cétna doríse lá foghluasacht na gaeithe
674] dos-fic fon samail sin.


675] O 'tconnairc Césair na mórshluáigh do tairbhirt co mór
676] ré h-áilgius in catha ro teclamait & ro tinolit cuigi fochétóir a
677] uile shlógh & sochraide na beith fuirech na foscuchadh fair cen
678] rochtain na Róma cen nó beith in conách ic congnum leis.
679] Tangadur cuigisiun iarum annsin slóigh & socraidi na tíre 'cá
680] m-bai gábháil fria ré na .x. bliadan remhe sin, & a mílidh féin
681] didu bátar co h-anbháil esráinti i tíribh Gallia & isin Lochlainn
682] & i n-inis Bretan ic riárachadh a popail & ic tabhach a císsa
683] & ic coimét a smachta ríghdha do Cesair.