Corpus of Electronic Texts Edition
In Cath Catharda (Author: [unknown])

caibidil 4


346] Tuaruscbáil Césair innso.


347] Cesair immorro, fer fergach forníata: caem, corpúr: merdána,
348] mórmenmnach: diic, diumsach, dúrdoiligh, díanaicentach:
349] tenn, tren, tarcaisnech, talchair: andiud, amnus, athghér,
350] ansergach, allata, aníarraidh, airctech, airbhertach: nemhnair,
351] nemmertnech, nemnech, naimdemail. for righdhacht
352] & mílid ar gnimaibh gaile & gaiscid, tuir catha ar calmadus,
353] amhus ar éscaidhecht. I tuile a ratha & a aíssi dó intan sin.
354] Ní tuilled buidhe fria nech, ní clú fás bai icc a irrdercus,
355] acht a nert a lámha & a cruas a cridhe. Nis- fánic riam ní
356] budh nar leis acht nemclódh a bidhbad h-í cath. Nir' coicill
357] do caraid na do námaid, acht ó do érghedh a ferg nó métaighedh
358] & nó tormaighedh a gnimradha gaile & gaiscid for cech ló.


359] Ní ardadh fris tren {MS H folio 383} ar nách tísadh.


360] IS amhlaid ba loinn les techt cech conair no cingfed
361] tre ráon slogh & tré todhail fhola, cor' bo h-í a shamhail, saighnen
362] taithneamhach tentidhe tísadh a h-uachtar aeoir docum
363] talman co m-bresmaidm foghair tréin tre imaltur na gaoithi
364] glanfuaire & nell urétrom aerdha triasa tic co fordhorchaid
365] soillsi in lae lánsoluis dona puplaibh imeclacha ata comhfhoicsi
366] dó, co nach frithtairis fris trén no tairmisced co l-lae and
367] ár dáine ic toitim anuas & arnaill ic tinntódh suas doridise,
368] ar teclaim & ar tinól a thenti esrainti lesin soighnén.


369] Ba h-amhlaid sin do Césair didu, uair saighnén taitnemach
370] tenedh ar soillsi & ar shochraidhecht & ar mét nó frithardad cách:
371] toidhecht in t-shaighnén anuas docum talman .i. Césair do toidecht


p.30


372] a féici & a h- uachtur in domain .i. asin Roim i tirib Gallia:
373] Fordorchae soillsi in láe don t-shaighnén .i. Cesair d'fortamlugud
374] for clú & for errdarcus Poimp Maighe. Ára móra 'con t-saighnén
375] oc techt & ic tinntódh, ára mora la Césair for lucht na Gallia
376] ic techt on Roim, ára mora for lucht na h-Etáile ic tinntódh
377] a muigh na Tesáile. A thente esrainte do tinól lasin saignen,
378] a sloigh & miledha loiscctecha
do tinol la Cesair asin Roim
379] & a tiribh Gallia & a h-inis Bretan docum in catha cathordha.
380] Cúisi & ádhbuir in catha cathordha co n-ice sin. In scel fein
381] innister 'nar n-díadh festa.