Corpus of Electronic Texts Edition
In Cath Catharda (Author: [unknown])

caibidil 3


205] Adhbhar in Catha Cathardha annso.


206] Marbh tra in righan Iulia ingen Césair, banshéitigh Poimp Maighe
207] i n-ecmung na réi-si & na h-aimsire, & tuc banchéile


p.18


208] ele da éisi .i. in ben ro búi lá Marcus Crasus intan bui i
209] ferannus, {MS H folio 380}Corndelia a h-ainm.


210] Tainic forcenn dictatoirechta Césair ársin, uair ní bhúi
211] nech isin céim sin lá Romhanacha acht co cenn V m-bliadan
212] mine h-ordaigthea on t-shenadh doríse isin céim cétna. IS ed ro
213] bo dir do Césair, immorro, toidhecht docum in t-shenaidh Rómhánaigh
214] i forcenn na V m-bliadan do comairliugud a céime dó
215] féin nó d'oirnnedh neich ele ind.


216] IArsin ní h-edh do righne siun iter, acht ó fuair sligid & asrus
217] gabhála na tíre sin i r-raibi; uair ro bo omhan leis nech d'oirdnedh
218] don t-shenadh dá éissi dá saighidh íat, & test gabhála na Gallia do
219] beith fair-sein arná gabháil dó-son chena acht becc. Conidh aire
220] sin ro fhuirigh siun re ré V m-bliadan ele do riarugud na ciniudh
221] cétna, dar cindiudh én & dar sárugud in t-senaidh Románaig uile.


222] Fássaidh immorro tnúth mor & fich adhbul iter Poimp Maighe
223] & Iuil Cesair annsin. Aslaichidh ársin Poimp Maighe for in senadh
224] Románach a fuacra occo & a cinniudh comadh bidhbu in ríghrechta
225] Romhánaigh dogrés Césair ar taidhecht dó a n-aigid a cinniudh sin.


226] Atracht ársin isin Roim adhbar essaenta & cath cathordha
227] & cath budh uilliu inás do cinniudh isin t-shenadh aire sin.
228] uair is é in cath cathordha cétamus, in cath dá comhérigh cách
229] do innsaighidh araile do lucht na h- aencathrach. Ba cath
230] cathordha iarum do fhás don esaentaidh sin & bá cath budh
231] uilliu indás, uair ní h-edh amhain atrachtadar lucht na h-aencathrach
232] i comérghi in catha sin, acht atrachtadar cidh in
233] t-aes cairdiusa & caradraidh, co m-bídh in mac i n-aigid
234] in athar & in brathair i n-aigid araile.


235] Batar tra cuissi imdha & adhbair or' cennaighthi imordaigh
236] in catha cathordha d'érghi isin Roim & isin t-shenadh intan
237] sin. IN cétna adhbar dibh .i. an t-adhbar ó tairnither & ó


p.20


238] trascurthur cech popol nertmar cumachtach isin chruinne .i.
239] dimus & innócbáil & in mét menman dá línadh ar mét a neirt
240] & a fhlaithiusa & ar imad á innmusa, ar ní bidh modh ar saidhbris
241] na Romhánach intan sin ar imad a n-óir & a n- airgid & a
242] n-edach n-examail, & ar cáeimhe a cumdach do tighibh taitnemachaib
243] & do cabrachaib cumdaighthibh & do grianánaibh
244] solusaibh, do longaib & do libhernaibh, do cairptibh & do
245] cetherríadhaibh, do chuachaibh & do cornnaibh & copánaibh &
246] d'imadh cecha maithiusa archena, & ar mét forbaind a caithmhe
247] bídh & lenna acco a l-lo nó i n- aidhchi. Uair ní raibhe do
248] Románachaibh uile aenduine lásar' miadh a rádh co m-beith do
249] tuaith nech budh ferr inás féin, co n- ordnitis doerclanna léo i
250] n-ardclannaibh & i n-ardcémennaibh trénaibh dar cenn óir &
251] innmhais, co ná rabhadar rechta nó cinnti senaidh ar coir occo,
252] co m-bídh miscais mór & mídúthracht la cech oenduine isin
253] cathraigh d'araile, cor' bá toil dóibh uile adhbar in catha
254] d'fás etarru féin & eter a tuisechu dano, co tairsedh cach dib
255] a midúthracht & a mi-innithim for araili.


256] Adhbar ele don cath cathordha, in flaithius do comroind
257] iter tri tigernaidibh, uair i céin marus usce ós talamh & áer
258] ós usce, & í cén bés in tésca utmall irchradhach & in grian
259] glanruithnech forórdha for a r- rith nemhcumsgaigthech nemtairismech
260] ic in ordugud láe & aidhchi, {MS H folio 381} ní fuighbither
261] comann comcubaid nó aentu fírtairisi iter lucht comroindti
262] flaithiusa & ferainn dogrés ar bith ná ar doman riam na iarum.


263] Adhbar ele don cath cathordha, Marcus Crasus do marbad,
264] uair amail tairmisces in slíabh dianad ainm Istmos


p.22


265] comsiledh comramhach tonntáibhsenach mara Ioin & mara
266] Éicc
cena lecon a cenn araile, is amhbaidh sin ro tairmisc
267] Marcus Crasus in cen ro bo béo in t-anbhthen esaentadhach
268] atracht iter Poimp Maighe & Iuil Césair iartain.


269] Adhbar ele don cath cathardha, in airdríghan Iulia ingen
270] Césair do écc, uair i cein no mairedh sen ic Poimp in comlepaidh
271] nó thairmiscfedh comérghi a h-athar & a céile, connách
272] lécfedh nech i cenn a chéile dibh.


273] Adhbar ele don cath catharda in borrfad mór aicnidh &
274] in innóccbail inmedhónach ro búi i craidhi cechtarde in dá
275] airdríg .i. Poimp & Césair. Ro búi do méd do cinedhaibh
276] in domain ro clói Poimp & do mét fuair do deghtoici co n-ice
277] sin nar' bo míadh leis nech isin doman do cudrumugud fris.
278] Césair immorro, do bí do airdi a aicnidh sén nar' míadh leis
279] fós nech isin doman do derrscnugud de féin, co nách frith acmuing
280] coisc a móraicnidh male acht tre eitergleod catha namá.


281] Adbar ele don cath catharda fós in t-imfhuirech .V. m-bliadan
282] imurcraid do róine Césair dar andeóin an t-senaidh Románaigh
283] i tíribh Gallia, conid aire sin ro aentaigh in senadh uile acht
284] becc má ríghadh Poimp & má dichur Césair dogrés.


285] Cídh fil ann tra, o ro érgidar na cuissi sin & na h-adhbair
286] imdha in catha cathordha isin Roim féin iter dá primhthaisech
287] in ríghrechta Rómhánta ro mescad & ro morbuaidhred in
288] ríghflaithius Románach. Ro dluighedh & ro dianscáiledh smachtchain
289] t-sídhamail na h-airdríghi fó cetharairdibh na
290] cruinne, co n-derrnadh fót crithaig don uile doman ó tá in fail
291] i turcaibh grian cosin inadh i fuinenn, & ó crichaib in cresa


p.24


292] tentidhe andes co h-imellbordaibh in fhuarda adhfhuair oighreta
293] fóthuaidh, conach frith samail na cosmailes in buaidhertha
294] bithgairbh ro fhogluais in senadh Rómhánach & cricha & cenéla
295] in domain intan sin, acht in cumusc & in combuaidhred innisit
296] éolaigh & lucht úghdairrais do beith for na dúilib domantaibh
297] i forbha & i forcenn in betha .i. intan tuitfit na renna roghlana
298] asa sostaibh & asa n-inadhaibh fein, & intan díanscáilfes
299] ler ádhbul adhuathmur na n-uisci n-ingantach dar dreich in
300] talman, & intan bés imtuaircnech & imlesadh na n-dul cotarsna
301] etarro fein ic á taifnech & ic á trenscaradh ón caradradh
302] comcubaid & ón recht aicnidh a fhuilit, co laifiter uile i n-deilbh
303] choitchinn cumuscda na maisi áenda écruta i m-bátar for dus.


304] Ni bá samail didu dá déine & da tinnesnaighi ro comérigh
305] anfadh aicenta & robhurta rodímais, fích & forluinne Poimp &
306] Césair ar marbadh Marcus Crassus, acht amal no cuirthea
307] sliabh Istmos asan inadh ro gabh iter muir Ioin & muir Éic,
308] & no scuchad ruadhbuinne robhurta & ilar tonn taebhuaine
309] in mara cechtardha dochum araile fochéttóir dá éis.


310] {MS H folio 382} Maircc tír & tuath, mairg popul & senadh, mairg
311] rígha & taisechu iter ar' érigh inní atracht annsin isin Róimh
312] .i. in cath cathordha. Bá maircc do lucht na Rómha & na
313] h-Etáile, uair dosfancadar uilc mora triana bithin, air rob
314] imda seancathair cadusach gan atreib acco de
ar rob
315] imdha tech cen muntir & múr 'arna múradh & ferond cen
316] trebhadh & gart cen buain. Ba mairg tra don ciniudh doenda
317] in cath cétna, ar ní bí díbh ciniudh ó nach tangas h-i foirithin
318] Poimp MaigheIul Césair don cath cathordha. Bá maircc


p.26


319] do popal do chuir in cath, uair is fair ro sráinedh é. Bá maircc
320] do Césair a comthriall, uair is trit tainic a bas. Amhail nó
321] fásadh maith do cech enduine dibh don coccadh is amhlaid
322] ro búi a shaint & a láinne acco uile, co nach frith léo aenduine
323] no beith ic á tairmesc.


324] Ná dá ríghmilid rathmara rotrena sin .i. Poimp Maighe
325] & Iul Cesair, ro bui écutrumus mór & derrscnugud dermair
326] iter ord a flaithiusa & indram a n-aicenta & a n-aíssi. Poimp
327] Maighe
cétus, fer mórmenmnach, adhbhultren, ardchonáich,
328] sídhamail, socomairlech é, co febhus tidhnacail, co n-airdi aicnidh.
329] Acht cena bá foras-láech intan sin, & nír' bo thualaing gnimrad
330] miled do frecra, acht a thairisi asa deghgnimradhaibh féin ro
331] frecair fecht n-aill. Ocus bui do fhot a foistine & a deghtoici
332] isin Róimh co n-ice sin conár' bó infeadhma fri frestal cocaidh
333] na catha, acht a thairm & a clú mor ica irrdercugud fo cech
334] popol. Ocus in senadh ic á adhradh ar a uaisle & ar a onóraighi
335] léo, & ar febhus a tidhnacail, conach a cosmailius acht madh
336] eóchrann darach dermhaire forsa n- gnáthaighidís faidhbh aesa
337] madhma do tobhairt la gentibh dia n-idhbairt dona déibh
338] i lógh coscair, co m-beith in dair dermair sin amhlaid sin
339] ré ré cían co crinann & co féodhaighenn cen rúsc, cen
340] duille, cen croicenn, cen toradh, co m-beidís a premha ar
341] fogluasacht fuíthi. Indar-let co tuitfedh la fuasnadh na cétgaeithi
342] do ticfadh, & ciamad imdha crann dosach deghdíghaind
343] do cech aird uimpi is í a h-oenur ro adhairthea la
344] cach ar a uaisle & ar a onoraighe leo. Ba h- amlaid sin do
345] Poimp Maighe iccon t-shenadh Rómhanach.


p.28