Corpus of Electronic Texts Edition
In Cath Catharda (Author: [unknown])

p.2

caibidil 1

{MS H folio 376}

Do Chogadh Síuialta na Romhanach, dia n-goireid Gaoidheil in Cath Cathardha.


1] Sé h-istudha flatha ro gabhustar flaithius & forlamhus ar
2] crichaibh & ar cennadhchaibh na cruinne domhanta a l-los neirt
3] & niachais isin aimsir anall .i. flaithius alaind na n-Assardha, amail
4] atbert in fili:


5] Righ na n-Assardha ria cach,
6] do ghabh in flaithius fírgnath.
7] fer co cas cluimh, co ceill n-gle,
8] Assur mac Seimh maic Noé.


9] Ocus flaithius mor-uasal na Med. Ocus flaithius primhda
10] na Pers. Ocus flaithius cruthglan na Callacda. Ocus flaithius
11] gargmor na n-Grécc. Ocus in senadh ríghdha Rómhánach in
12] sesedh flaithius.


13] Tosach & tinnscedal na h-airdrighi n-Assardha cebé ní is as
14] gabhar, ó Nín mac Béil maic Ploisc do clannaibh Sem maic
15] Noé maic Lámhiach. IS leis sen ro cumdaighedh in primhcathair
16] airderc .i. Babilóin. Adhbhul méd na cathrach sin, cethar-ochair


p.4


17] a cuma, cét n-dorus n- umaidhi fuirre. LX míle cémenn
18] ina timthacmang. L cubat a tighe a múir. CC cubhat ina
19] h-airdi. Da line lanmora do tighibh ar mullach a múir: imriadhaitis
20] XX cetherriadh iter na da sreth sin re tighe in múir
21] fós. IStudh flatha & indeoin forais & árus righ Nin maic Béil
22] & righ na n-Asardha uili in cathair sin.


23] Nín mac Beil cétrí na n-Assardha & Tonus a rig dédhenach.
24] Sé XX & cét & míle fad a flaithiusa.


25] IX m-bliadna cóicat for dibh cétaibh fad flaithisa na Med.
26] Ochtur ro gabh ríghi dibh. Arbait a cétrí & Astighages a
27] dédhenach.


28] Cir mac Dair, cétrí Pers didu, mac sen ingine do Astighages.
29] is é ro athrígh athair a máthar. is leis ro toghladh in
30] Babiloin, & ro h-orta a Ballastair, & ro tuaslaic do macaib
31] Israel
asin daire LXX i m-Babiloin, corus-léicc uadh do
32] Ierusalem co n-adhmib tempail Solman léo .i. V mili lestur
33] d'ór & ceithri cét lestur n-airgit.


34] Darius in dedhenach o Persaibh, dá décc a righi
35] díbh. CC. XXX bliadna fot a flatha.


36] Cétrí gasraidhe Grécc immorro Alaxander mac Pilip,
37] ardrí in domhain uili o Espain aníar co h-Innia sair, & o Etheoip
38] andes co sleibhtibh Rifi fotuaidh. Is leisin Alaxander
39] sin ro fáidhedh in cobhlach for in muir tentidhi do fhis
40] in mesraighthi deiscertaigh, uair nír' folartnaigh leis fis in
41] mesraighthi tuaiscertaigh namá. h-I cind a dá bliadan decc ro
42] triall Alaxander insaighidh. Da bliadain XXX a oes intan
43] ros-marbh neim isin Babiloin. Pilip immorro dédhenach
44] na n-Grecc.


p.6


45] Tinnscedal in ríghflaithiusa Romhanta immorro ba saine
46] modh leis & lasna h-ardflaithiusaibh romhaind, uair ni oc ardrighaibh
47] tarrasair forlamhus na Romha iter. Ro ordaighset
48] airigh in t-senaidh & lucht cemenn & gradh n-onorach acco
49] do tobhach a císsa doibh a cinedhachaib coimighthibh & do
50] indsaighi for finibh fodhaltaibh in domain do fhollamhnugud &
51] do stíuradh in righrechta gebe tan budh {MS H folio 377} adhlaic.


52] Decán iarum slonnudh fhir in ceime ba h-isle dona cemendaibh
53] sin. Taísech dechnebhair eisséin; fer sein nó díghladh
54] gach gaid & gach slad & gach sarugud do gnithi isin cathair
55] ar medhón.


56] Cenntuir uasin décán, taísech céit an fer sin.


57] Trebhunn uasin cenntúir, taisech dá chét no tri chét
58] eisséin.


59] Vicair uasin trebhunn, fer sin no congbadh feidhm in
60] comit intan téighedh in comit do agallaim in rígh.


61] Comit uasin uicair, taísech aencathrach eisséin.


62] Taíssech uasin comit, da cathraig déc fáe sen.


63] Patric uasin taissech, fer lethlamha ríghimpir eisséin,
64] & bá h-é a modh, bretha & uirghill do dhenam tar éis in airdrigh
65] intan ba h-emhilt in féin.


66] uasin patric, tri ciniudha a ferann.


67] Imper uasin ríg, acht cena ní bíth in céim sin ic
68] Rómánachaibh nocor' gabh Iúil Césair a los a lámha mar
69] indeósus in scél inar nh-diaidh. In t-imper immorro, ardrí in
70] domain eisséin uas chách & ní bid nech úasa.


71] Bá dá gradh immorro, ceim Consail & ceim Dictatóir.
72] IN consul immorro aenbliadain dó ina céim & a atharrach
73] i forcind na bliadna arna gabhadh diumus na méd menman é


p.8


74] ar tenne a neirt & ar airdi a graidh. Da tecmadh comadh
75] soirbh dó in bliadain sin ina consulacht no ordnighthe
76] doridhisi isin ceim cétna do réir in t-senaidh & airicc in
77] popoil. Unónius Brutus is é cétna ro gabh in ceim sin la
78] Romhanchu.


79] IN Dictatóir immorro, cíamadh maith saich do gníedh, ní
80] h-athraighthe asa céim co cenn V m-bliadan, & dá madh buidhech
81] cách de intan sin ni h-athraigthe iter. Gurub eisséin céim is
82] cadchasaighi bói leó-son cin co tarrustair nert impir forro.


83] Ro scail tra & ro lethnaigh in ríghe Románta fó ceithri
84] h-airdibh in domain amhlaid sin, cor' fhás diumus & innócbáil
85] inntibh siun féin de sin, cor' ergedar debtha dermara & cocadh
86] cathordha iter araill d'áes na cemenn sin isna cennadchaib a
87] m-bidis a sechnoin in domain imuich & araill isin Roim fein ar
88] medhón ar méd a n-diumais & a l-los in neirt romoir ro-adhbhail
89] ro gabhsat for ciniudhaibh & for cinélaibh na cruinne.


90] Tarrustar ríghflaithis na Romhán fri ré trí m-bliadan cóecat
91] for díbh cétaibh fon innus sin gen imper gen aenrígh forro,
92] acht lucht na cemenn n-examail sin ic stiurad a flaithisa
93] occo. co n-dernadh leo-san fecht n-aen ann tri cindiudh in
94] t-senaidh & tria comairle in popoil, uair iss í in dictatoirecht
95] éncéim ba h-uaisle & ba h- onóraige búi occo.


96] Tríar comard do h-ordnedh léo intan sin, & in doman uile
97] do roind eturru da tabairt ar áis nó ar éccin fó cís & fó cain
98] na Romhánach. Ocus is aire ro ordaighset triar isin céim sin,
99] ar dáigh cé bé dibh no ardadh a n- aigid in t-shenaidh co m-beith


p.10


100] in tres fer ic sídh etarru & ardaigh na com-aentaighidís a
101] tríur im ardadh in agidh na h-athardha, uair ní gnáth comann
102] comáentadhach la triur iter.


103] IS iat immorro triar frisar' erbadh stíurad in céime sin
104] acco-son annsin .i. Poimp Maighe & Marcus Crasus & Iuil
105] Césair
. IN Césair sin, Ferius ainm a athar, & do Rutaltaibh
106] dó sén {MS H folio 378} & do síl Il maic Aeniusa Troghianda
107] didu a r-raind a máthar, & is aire sin do berthea dictatoirecht
108] la Rómhánachaibh dó. Ocus is aire atberthea in t-ainm sin
109] is Césair fris, uair furbaidhe é, & ro tescad brú a máthar
110] ic á tabhairt uaithe. Inunn Césair immorro isin bérla Romhánach
111] & tesctha isin Gaedheilg.


112] INghen ríghnaidhi ro-álaind icon Césair sin, Iulia a h-ainm,
113] is í sin ro bo banchéile do Poimp Maighe .i. don tres dictatóir
114] ro h-oirdnedh ann.


115] Ro comroinnedh iarum ciniudha in domain iter in triar
116] sin. Ro erbad am iartardesscert in domain o Easpain aníar
117] & ciniuda na h-Aiffrici uile do Poimp Maighe.


118] Ro h-ordaighedh iarum do Césair riarugud íarthuir tuaisceirt
119] in domain .i. tíre Gallia & indsi Bretan & lebartíre
120] lethanfhoda Lochlann.


121] Marcus Crasus, is dó do radadh forlamhus na h-Asia &
122] airrthir in domain.


123] Do cuatar iarum dréchta dermára do rosluógh na Rómha &
124] d'óccbaid na h-Etáile léo docum na crich & na cenél dá cosnam.
125] Marcus Crasus ro gab séin cinedha na h-Aissia sair, co
126] rainic tír na Partecdha, & ro tobhaigh cís cecha cinidh ro gabh,
127] & nír' fhaem crodh ele uatha acht ór uile, uair becc leis a
128] mhuirigin imurchuir ar sluaighedh, & mór a tarbha íar torachtain


p.12


129] dia tigh. O 'tcualatar na Partecda sin ro thinóilset a slóghu
130] co m-batar a n-énbaile. Focressá comairle léo cinnus do gendais
131] frisna Romanchu, inn gialfaidís dóibh nó in frithtairisem friu.
132] ISed ro cinnset, anadh i n-airis catha dóibh. Ro feradh didu
133] cath crodha leth ar leth léo, cor' taethsat laéich lánimdha
134] etarro & cor' sráinedh forsna Romanchu fo dheoid, cor' cuiredh
135] a n-ár & cor' fhácsat a mergedha lá Partecdha.


136] Ro gabad annsin Marcus Crasus, & tucad i l-lámhaibh é
137] docum airechta na Partecdha, & ised ro cinnset a comairle,
138] a shaith óir do tabairt dó, uair do bí co sanntach ic á iarraid
139] for fut in domain. Ro leghadh iarum lán crocain criadha
140] do tinnibh óir léo, & ro doirtedh é ina linn leghtha i m- bél
141] Marcus Crasus, co fuair bás fóchétóir ar loscud a inde do
142] linn fíghthech in oir leghtha.


143] Poimp Maighe immorro ro gabh sén ciniudha íarthair
144] desceirt in domain, ó Espain aníar, & ro fhácaibh dá taisech
145] muintir i forlamhus na h-Espáine, Petrin & Affrín a n-anmannda.
146] Ro tinntó féin docum na Rómha iar m-breith buadha & coscair
147] do chách aen cosa rainic.