Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 249

Indeosatt ní do thúaruscbail cuirti Preter Seon ann so .i. an cathuir a m-bí sé doghnáth atá Sás. Ar barr an


p.290

chaislein is mó innti .i. da ubhall óir ina fuilitt da charpuncla shoillsigis co mór an cathuir uile annsan oidhchi, & na doirrsi is súaithenta atá ar an cathraig sin is do cloich búadha re n-abur sardínés íad, & fuinneóga a halla & a sheomradha do cristal, & an bord ara caithenn bíadh d'ór & dona clochaib is úaisle ina thír & a tristéil don monadh cétna, & atat carbungcuile24 ina seomra t-soillsigis an oidhchi, & cidh lór soillsiges an t-séomra úatha sin bíd da lampa déc ann do cristal lán do balsamus ar lasadh ac tabairt boltanaidh maith don t-seomra & ac rúagadh drocháeir as & fuirmighi a leaptha d'ór & do safír do coimét ar mían druisi & da chur ina chodlud, óir ní luighend sé a farrad a mná acht tri h-úare sa bliadain d' fhaghbáil clainne, & bídh dognáth ina cuirt fein nísa mó na .x. míle fichit do daeinib anécmais a ticc chuicci & uaidh, & ni caithitt na .x. mile fichet sin, inaid na .x. mile fichet bís a cuirt Magnuis Canuis, oiret bídh na dighi ré da míle do lucht ar tírene.