Ata rígdhacht Caldil don taeb oile do Cataighi do tigernus Maghnuis Cánuis, & cidh bé rachus asan Cátaighi annsan Indía móir nó m-bicc is écin do gabail trit an righdacht sin. Is mór aeibinn an ríghdacht sin, & is imdha a tortha, & do geibther tortha ar crannaib innti, & anúair bís abaidh do geibther úan co n-olainn astigh ara lár iter fuil & fhéoil & chnáim, & ithter an toradh sin & an t-úan sin lé chele, & ní romór an t-ingnad lemsa sin, ar son curab aithnid dam co fássaid éin a cranduib am thír féin.