Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 232

Rí uáibrech dobói a crich na Pers uair eigin darb' ainm Saurés, & nirb áil leis Cristaidhi do beith a n-inad a soighthedh a nert na a cumachta é. Do cruindighetur na Cristuidhi a rígdacht Abcás ara daingne. Do len san íad co slúagh mór, & ar faicsin an t-slúaigh móir dona Cristuidhib do guidetur Crist Mac Dé im furtacht dó thabairt dóib, óir nírb' ail leis an ríg comartha ar doman do ghabail úatha & umla & idbairt da déib féin. Do bí slúag an rígh ann sin ar machuire Hamsón. Do éist Día urnaighti na Cristuide, & do chuir céo dorcha a timchill an maighe a roibi rí na Pers cona slúag indus nár' lamh aenduine dol ann sin & nach facus aenduine ac


p.282

techt as ó sin alle, & mairidh amhlaid sin fós.