Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 231

{folio 68b2} Is sí Seóirs righdacht is gaire dhi: teid a cenn sair co cnoc mór Abiór & o Turcie conuigci an farrgi móir, & assin co Methuib & co h-Aramen, & ata righdacht do righdachtaib in tiri si Seors fa Maghnus Canus, & ni ticc de righdacht Abcas do gabáil ara daingne, & atá uidhi cethra lá indti, & is innti atá Hamson a talam dorcha mar nach faicther ní ar bith, & ní léigenn ecla do duine ar domhan dol isin céo sin. Cidhedh na daeine is gaire dó aderitt fein co cluinid glaedhach coilech ann co menic & gotha dáeine.