Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 221

Inuair do geib Maghnus Canus bás cuirther a cathaeír é ar lár puible & bord ina fíadnaisi & édach & bíadh & copán lán do bainne lára aran m-bord, & cenglait láir cona serrach ina fíaduaisi & each cona díllaitt & cona srían & a h-éire óir uirri, & tochluitt an talam a timchill na puible noco folchuid h-í, & co n-iadhaitt an talam ósa cinn da cach leth. Ocus ní lamhann aenduiue dul a n-goire an inaid sin co bráth.21 Ocus aderitt nach léigfid a tigerna a saegul ele can teg & bainne & ór & ech, óir is dóigh lé lucht an tíre sin co n-ithid na daeine do geib bás bíadh a tír ele taréis an t-saeguil d' fáccbáil dóib mur ithid ann so, & ní lamhthar techt tara bás ó sin súas a fhíadnaisi a charad.