Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 206

Tigcit clesuidhi ina fíadnaisi & doníad innshamail gréine & esca lán do dellrad do denum umhla dó-san mar grein & mur esgca. Tigcit maighdena an tighi íarsin, & doberitt copain óir lán do bainne capall chuigci & dochum na bantigerna. Tigitt ridiri ara n-echaib & bíd ac dénam gíustála ansa halla nó co n-erghenn an rí & a muindter uile da cuitt.