Erghidh cach tigerna dá cinedh & dá thír, & dobeir gach fer acu mul nó stéd gléghel don impiri a comurtha in t-sendligid ina n-dubairt an tigerna can dul folum ana fíadnaisi fein. Ocus dobeirtur drong da cach uile bethadhach ana fuil anam ina fíadnaisi, itir íasc & én & léomain & lipard, a comurtha co fuil cach bethadhach ana fuil anam umhal dó.