Bíd mórán d' fellsamhnuib & d'áes cach uile eladhna a fiadnaisi an impire, & adeir fellsam díb anuair docí sé {folio 67b1} curab aimser dó, Dénaidh umla don impire is mac do Día & is tigerna ar tigernaib an talman. Cromuidh cach aen duine ann sin a cenn co lár, & adeir an fer cétna: Tógbaid bar cinn, & tóccbait uile aran aenshligid antan sin. Is sé is cíall dó sin co fuilid sin umal co brath don impire. Adeir an fellsam ele: Cuiredh cach aenduine acuib a lúdacán ina chlúais. Cuirid co luath. Is sí a chiall sin nach eistfidís sin aen fhocul gotha aran impire co brath, & ní h-eder coccad do deilb dochum an impiri nach indeosaid a fellsamain & a astrolaighe dó é.