Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 202

Do thuaruscbail choiméta & orduighti cuirti Maghnais Canuis. Doníter cethri fésta sa bliadain ac Maghnus Cánus. An cétfhésta uman trath rucadh é. Andara fésta .i. comainm an láei tucadh an baisted genntlidhi air. An tres fésta anuair thinnscnas a dee labairt. An cethramadh fésta anuair doní mírbuile. Orduigid sé a muintir ina cétaib & ina míltib, & bídh a fhis ac aenduine díb cred is feidm dó.