Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 201

Ocus anuair do ghab Cán righdhacht Cataighi fuair fein bás, & do ghab Sítocán a inadh & dochúadur an días mac oile dh'iárraid tigernais dóib féin, & do gabadur Priúis & Rúísi, & do goiretur Cán da cach duine díb, & is trit sin doberur Maghnus Canus ar ríg na Cátaighi & adeir se ina letrechaib fein curabb é tigerna na tigerna & rí na ríg é féin, & adeir fós gurab é Dia is rí ar neim & curab é fein is rí ar talmain.