Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 190

Atá sencathair don táoib toir do Cátaighi ina n-dernadur Tartaraei cathuir núa sain, ara fuilet da dorus .x. & míle iter cach dorus díb, & atá pálás alainn ac Maghnus Canus innti sin ina fuilitt da míle a timchill a balla & is imda páláis ann sin astigh, & atá cnoc mór a n-garrdha an páláis sin ina fuil pálás oile ara mhullach, & imarcraidh crann n-úasal a timcill an cnuic sin dobir mórán do thorthaib maithi, & ara m-bíd eóin ingantacha, & anuair tét Maghnus Cánus do gabail aéir dobir chuigci da laim an mét as áil leis fein dona h-énuib & dona torthaib sin, & can an palás d' fágbáil.