Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 186

Tíagur asin cathair sin {folio 66a2} tar raiber fíruisgci ina fuilitt cethri míle ar lethat a tigernus Maghnuis Cánais, & ticc in sruth sin tre tír na fer m-begc darab ainm pigmáns. & ní bí acht tri ferdhuirnn ar airdi in cach duine díb so & is blaith inócclach iad da méte fein, & do beirid mná a cind a leth bliadne, & is arsaidh co mór an duine acu bís ocht bliadna ina beathaidh Ocus ni denaid obair ar doman, acht daine a cusmailius ar méti-ne ag denum oibre doibh, & bíd sin ag denum fanamaid futhu amail do bedhmais-ne fa athachaib§.